Top Issue 1-2024

4 November 1999 Edition

Resize: A A A Print

Cén Córas Polaitiúil?

Ina dhiaidh an líon fíor bheag vótóirí a tháinig amach an tseachtain seo chuaigh thart tá an Draoi Rua ag smaoineamh go bhfuil sé in am dúinn córas níos ionadaí a thabhairt i bhfeidhm.

Sula scríobhaim a dhath ar bith an seachtain seo, ba mhaith liom comhghairdeas a rá l'Aengus Ó Snodaigh as níos mó ná 1600 vóta a fháil ar na mallaibh agus líon na vótaí do Shinn Féin a dhúbailt ón ollthoghachán 1997. D'éirigh leis 8.5% de na vótaí a fháil sa dáilcheantar BAC Lá-theas an uair seo.

Is dócha gurb é an rud is iontaí, áfach , i dtaobh an fhóthoghcháin i mBaile Atha Cliath Láir-Theas ná an méid duine nár bhac a vótaí a úsáid ar chor ar bith. Níor vótáil ach 28% den toghlach ins san fhothoghchán 27 Deireadh Fómhair. Creidtear gurb é seo an ceatadan vótála is ísle riamh ó bhunaíodh an Stát sna sé chontae is fiche. Ar aon nós, glacadh leis na vótaí agus toghadh Mary Upton iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre mar Theachta Dála.

Anois, má tá muid ag iarraidh a rá gur daonláthaigh muid, ba cheart dúinn smaointiú fán 72% den toghlach nár bhac le vótaí a chaitheamh. Cinnte, níor léirigh tromlach an phobail i mBAC Láir-Theas a dtuairimí ar aon dóigh nó ar a laghad is féiidr a rá nár léirigh siad aon rogha i bhfábhar aon pháirtí ar leith. Gach seans nach gcreideann siad sa chóras pholaitiúil; b'fhéidir go bhfuil siad ró-fhalsa le vóta a chaitheamh; is dócha nach bhfuil ionadaithe ann lena dtuairimí a nochtadh. Déarfainn go bhfuil a lán fáthanna éagsúla ann cad chuige nár bhac 72% den toghlach vótaí a chaitheamh ach an dtig linn glacadh le figiúir mar seo agus a rá go raibh toghchán ceart ann? Tá mé den bharúil gur chóir an córas toghcháin a scrúdú níos fearr óir nuair nach gcaitheann ach 28% den toghlach vóta, sílim gur cheart a admháil go bhfuil an toghchán féin gan éifeacht, gan rath.

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé deacair dom a thuigbheáil cad chuige nach mbacann le daoine vótaí a chaitheamh. Ní gá dúinn gabháil chomh fada sin siar sa stair le cuimhneamh ar an stréachailt a bhí ag neart againn ár gcearta a fháil le vótaí a chaitheamh. Is cinnte nach bhfuil cuimhne chomh maith sin ag roinnt bhreá de dhaonra na tíre. Fiú nuair nach bhfuil ionadaí measartha ina seasamh i gceantar s'agamsa, creidim go bhfuil sé tábhachtach dom mo vóta a úsáid agus é a scrios go héifeachtach mar is dual don Ghael mura bhfuil mo rogha iarrthóra ann.

Tuigtear go bhfuil líon na ndaoine atá ag úsáid a vótaí ag laghdú sna sé chontae is fiche leis na blianta. Creidim go bhfuil sé in am dúinn a bheith ag smaointiú ar an chóras toghacháin a fhorbairt leis an fhadhb seo a leigheas. B'fhéidir gur chóir dúinn a bheith ag smaointiú fá chóras eile a chur ar bun ina mbeadh riachtanas ann céatadán áirithe a bhaint amach i dtoghchán le cinntiú go bhfuil toghchán `ceart', `ionadaíoch' ann. Muna mbaintear an céatadán áirithe seo amach, ba chóir an toghchán a chur ar ceal agus toghchán eile a réachtáil. Déarfainn go mbeadh sé costasach toghcháin a reachtáil arís is arís eile ar fud na tíre ach b'fhéidir gur fiú an costas sin?

I dtíortha éagsúla, bíonn dualgas ar dhaoine a vótaí a chaitheamh agus cuirtear pionós orthu muna gcaitheann siad a vótaí. Seans gur chóir dúinn a bheith ag smaointiú fá vótáil riachtanach a thabhairt i bhfeidhm sa tír seo agus a chinntiú go mbíonn céatadán ard vótála ann i ngach toghachán. Ar ndóigh, ní bheadh sé riachtanach vóta a chaitheamh do na hionadaithe óir bheadh cead ann vóta a scrios. Ach, dá scriosfaí níos mó vótaí ná mar a bheadh faighte ag ionadaí ar bith de na hiarrthóirí ba chóir an toghchán mí-éifeachtach a fhógairt agus é a reachtáil arís.

Tá mé féin den tuairim go bhfuil na páirtithe móra polaitióchta sásta go leor fán chóras toghcháin atá againn fá láthair. Óireann sé dóibh siúd nach bhfuil suim ró-mhór á léiriú ag muintir na tíre i gcúrsaí polaitíochta. Ciallaíonn sé sin nach mbíonn athruithe suntasacha le feiceáil thar na blianta agus go mbíonn suíocháin áirithe i seilbh teaghlaigh ar leith go formhór thar na glúnta. Cén fáth mar sin a mbeadh ar na páirtithe móra a bheith ag smaointiú fán Stadas Quo a athrú? Leoga b'fhearr leo neamhshuim an phobail a chothú agus cúrsaí a choinneáil mar atá.

Is cuimhin liom go raibh a sheanfhocal féin ag cara de mo chuid i dtaobh toghacháin:

``Dá dtiocfá a dhath ar bith a athrú trí thoghchán, bheadh caitheamh vótá midhleathach.''

Creidim go bhfuil ábhar machnaimh ag mo chara cibé scéal, ach nach fiú smaoineamh faoin mhalairt anois... gan caitheamh vóta. a dhéanamh mídhleathach.

An Draoi Rua

 


Bhí íomha gan smol ag Páirtí an Lucht Oibre ar feadh i bhfad, dar leo féin, ach le líomhaintí na seachtaine seo níl na lámha lucht oibre chomh ghlan a's a ceaptaí.

Teipeann an Parachute



Is fada an sionach ag rith ach faoi dheireadh, beirfear uirthi. Is dócha go raibh ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre ag macnamh ar an tseanfhocal áirithe sin an tseachtain seo nuair a foilsíodh an tuairisc faoin iasacht £28000 a fuair siad i rith toghchan na hEorpa cúig bhliain ó shin ina raibh beirt iarrthóir an Pháirte in adharca a chéile i mBaile Atha Cliath. Bhí Bernie Malone ina hiarrthóir ag an am ach roimh na tóghcháin roghnaigh ceannairí an pháirtí Orla Guerin, iriseoir gan taithí ar bith mar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre, a pharachútáil isteach mar chomhiarrthóir do Mhalone. Ní raibh sí leath ná sásta agus ón uair gur fógraíodh iarracht Ghuerin ní raibh feachtas amháin ag an Lucht Oibre a thuilleadh ach dhá fheachtas neamhspleách agus dhá iarracht neamhspleách óna chéile leis an dhá thaobh ag déanamh rud ar bith a cheap siad a bheith riachtanach lena n-iarrthóir féin a thóghadh. Agus ar thaobh Orla Guerin, i measc daoine eile, bhí Dick Spring agus Fergus Finlay.

Bhí cúrsaí chomh searbh, nimhneach, naimhdeach sin go raibh siad sásta dul amach agus airgead breise a fháil ar iasacht chun feachtas Guerin a fhorbairt i nganfhios do Mhalone. Anois, cúig bhliana níos déanaí, deir siad nach raibh a fhios acu - nó ag stiúrthóir na dtóghchán na trátha sin, Ruairí Quinn - cé mhéad airgid a bhí dream Malone ag cruinniú agus ag bailiú ar mhaithe a feachtais-se ach is léir nach raibh aon chomhoibriú idir an dhá ghrúpa.

Mar atá a fhios againn anois, chuaigh Spring, Finlay agus barantóirí eile go Banc Woodchester agus d'eagraigh siad iasacht £24000, nó £28000 le hús. Bhí an t-airgead seo le caitheadh ar fheachtas Guerin, agus ar fheachtas Guerin amháin. Thiocfadh leat a rá, dá bhrí sin, agus dá bhrí an dhá fheachtas ar leith a bhí ar siúl ag Malone agus ag Guerin, gur iasacht pearsanta a bhí ann nach raibh aon bhaint i ndairire, le Páirtí an Lucht Oibre. Déanta na fírinne, tá baill den pháirtí sin a deir anois go raibh an t-airgead ag obair in aghaidh mhaithe an pháirte.

£28000. Níl mórán ann i dtéarmaí an lae inniu in Éirinn. Praghas cúig bheile sa Coq Hardi. Praghas dornán léinte Charvey agus oíche sa Ritz. Praghas an tríú cuid d'aistriú ae Bhrian Lenihan... Ach is £28000, £28000 nuair atá gach rud ráite. De reir Fergus Finlay bhí Orla Guerin dímhaoin nó bhí sí ina dhiaidh a post a threigeadh in RTÉ chun páirt a ghlacadh sna tóghcháin agus bheadh postaeirí, billeoga agus eile le cló ar a son. Chan ar son Bernie Malone. Chan ar son Páirtí an Lucht Oibre. Ar son Orla Guerin agus faoi gheall Spring, Finlay agus beirt eile.

Tháinig an tóghchán agus theip ar a n-iarrachtaí Guerin a thóghadh ach luigh an fiach mór mar a bhí. Níl a fhios againn má a rinneadh aon iarracht leis an fiaich a ghlanadh ach tá a fhios againn anois gur scríobh Páirtí an Lucht Oibre, tamall ina dhiaidh sin, litreachta leis an 1000 comhlacht is mó in Éirinn ag iarraidh sintiúis airgid. Ina measc na gcomhluchtaí a fuair litir bhí an Woodchester, agus aisteach go leor, thug siad deontas £28000 do Pháirtí an Lucht Oibre a ghlan fiacha feachtas Guerin. Agus a scaoil Spring, Finlay agus eile óna oibliogáid mar bharantóir. Nach raibh an t-ádh leo.

Tá siad ag rá anois nach ionann an cás seo agus cásanna eile atá sa nuacht gach uile lá. They would say that, wouldn't they. Ach is ionann an cás seo ar leibheal an ghlicis atá i gceist fiú murab ionann na suimeanna airgid. Rinne Páirtí an Lucht Oibre iarracht cealú fiacha a cheilt agus nuair a bhí siad ag díriú an mhéir ag polaiteoirí eile bhí a gcuid peaca féin i bhfolach acu go fóill. Nuair a cealaíodh fiacha feachtas Ghuerin ar insíodh an scéal do Bhernie Malone? An raibh aon fhiacha pearsanta aici nár ghlan an Páirtí fad a's a bhí siad ag glanadh fiacha Spring agus Finlay i bhfeachtas Guerin? Dá mba mise Bernie Malone, bheinn ag cur ceisteanna faoi seo anois, an chaimiléireacht sin agus an mí-úsáid maoin an pháirtí ar fheachtas duine aonar.

`Seo an chéad líomhainte substaintiúil in aghaidh an Lucht Oibre. Le blianta bhí Harney ag léachtóireacht faoi shóiléireacht agus ardchaighdeáin agus ansin tháinig McElvanny. Anois, tcítear, tá teip tagtha ar parachute Guerin agus tá an Lucht Oibre i bponc. Cá fhad go dtí go mbeidh a chlú agus cáil chomh truaillithe leis an dhá pháirtí móra eile?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland