Top Issue 1-2024

4 August 1999 Edition

Resize: A A A Print

An Práta Beo!

Is dócha gur thriail beagnach gach Gael in Éirinn cuid de phrátaí úra na bliana fán am seo ach an bhfuil stair an ghlasra céanna ar eolas againn?

Creidtear gur thosaigh muintir na Meiriceá Theas ag cur prátaí i bPeiriú níos mó ná 1800 bliain ó shin. Ghlac sé níos mó ná 1300 bliain eile go dtí gur tháinig na céad daoine ón Eoraip le seilbh a gcuid talaimh is araile a ghoid ó mhuintir na tíre. Deirtear gurb iad na Spáinnigh an chéad dream a tháinig ar phrátaí i bPeiriú ag tús an 16ú haois.

Níor thosaigh muintir na hEorpa ag cur prátaí, áfach, go dtí deireadh na haoise céanna le linn tréimhse Francis Drake agus Walter Raleigh. Bia na mbocht a bhí ann agus ní raibh lucht ríoga tuillteanach prátaí a ithe go dtí 1619.

Thosaigh Louis XVI (1754-1793) nós aisteach agus é ag caitheamh bláth an phráta ina chasóg go rialta. Ar ndóigh, bhí lucht leanúna bománta aige agus níorbh fhada go raibh sé san fhaisean i measc uasalaicme na tíre bláth an phráta a chur ar éadaí difriúla.

L'athscríobh stair ár dtír féin, tá neart scríobhaí sásta an lucht a chur ar an phlanda as tubaiste an Ghorta Mhór. Caithfidh mé féin a rá go mbeinn ar aon intinn leis an dearcadh a léirigh John Mitchell nuair a dúirt sé: ``God sent the potato blight, the English sent the famine.''

Mar atá fhios againn, ní chóir go raibh gorta ar bith sa tír ná go bhfuair milliún bás den ocras agus gur imigh milliún eile thar lear. Ní raibh rialtas Shasana sásta an fhadhb a réiteach agus bhí bia ag fágáil na tíre nuair a bhí ár sinsir ag fáil bháis den ocras. Leoga, rialtas caipitleach a bhí i rialtas Shasana nach raibh ag éirí a gcuid a roinnt. Leis an fhírinne a rá, tá na cúiseanna céanna le feiceáil sa lá inniú agus gortaí ag tárlú sa triú domhan. Tá go leor bia sa domhan ach tá scaifte santach ann nár mhaith leo é a roinnt.

Cuirtear buanchruth orainn mar Caeil ar fud an domhain mar dream nach n-itheann a dhath ar bith eile ach prátaí. Leoga, is maith linn ár bprátaí agus is maith dúinn iad. Tuigtear go bhfuil prátaí chomh coitianta sin againn anois go bhfuil seanfhocal ina dtaobh:

``Prátaí ar maidin, prátaí am lóin, dá n-éireoinn san oíche prátaí a gheobhainn.''

Lena chois sin, bhí stadas ar leith ag an duine a mbeadh fómhar maith de phrátaí aige:

``Dá mbeadh prátaí agus móin aige, bheadh a shaol ar a thóin aige.''

Caithfidh muid a admháil áfach, nach bhfuil an oiread sin prátaí fásta sa tír mar ba chóir. Deirtear gur gcaitheadh níos mó ná £300 milliúin ar glasraí eagsúla arbh fhéidir a fhás sa tír seo. Cinnte, bheadh an práta féin i measc an liosta glasraí céanna.

Ar ndóigh, b'as tíortha eile na hEorpa a cheannaíodh na glasraí áirithe seo. Tá mé den tuairim go bhfuil feirmeoireacht na tíre ag brath barraíocht agus bheithigh a choinneáil agus nach ndéantar mórán iarracht curaíocht a chothú is a fhorbairt.

Maise, ní féidir an lucht a chur ar fheirmeoirí na hÉireann óir tá siad faoi smacht ag rialacha talmhaíochta na hEorpa agus, meallta lena ndeontaisí. Aisteach go leor ach tá gach cuma ar an scéal nach bhfuil rialtas na hEorpa ag obair mar chomhphobal agus ag comhoibriú le céile i ngach réim.


Saor ó eagla?


De reir mar a tharraingíonn spriocdáta an Reifrinn i dTiomór Thoir, 30 Lúnasa, orainn tá foireann na Náisiún Aontaithe agus breathnaitheoirí neamhspleácha ar aon intinn go bhfuil ag éirí go maith leis an próiseas cláraithe. Luann an grúpa neamhspleách, áfach, go bhfuil imeaglú á imirt i gcónaí in áiteanna.

Cuirfear ceist ar lucht vótóirí an oileán ag deireadh na míosa seo ar mhaith leo féinriail faoi údarás na hIondainéis. Tá imní ar go leor leor daoine, áfach, nach mbeidh na tóghchán saor agus go mbeidh an Iondainéis ag cur isteach, go díreach agus go hindíreach ar an phróiseas. Cheana féin tá líomhaintí in aghaidh an rialtais go bhfuil siad ag armáil grúpaí mílíse Tiomóracha atá i bhfábhar féinriaile ach in aghaidh saoirse don oileán.

Agus níl einne ag measadh cumhacht na hIondainéise faoina luach: d'admhaigh Aire Gnóthaí Eachtrannacha na hAstráile an tseachtain seo go raibh air cás sóiléir a dhéanamh le linn cuairte ar an oiléan `go mbeadh impleachtaí móra ann dá mbeadh aon Astrálaigh gortaithe (i ndiaidh an reifrinn)'.

Deir an Coiste Neamhspleách um Mhonatóireacht an Reifrinn (Kiper) go bhfuil imeaglú ar leibhéal `dáirire' ar siúl in áiteanna. Bunaíodh Kiper ag grúpa daoine acadúla, scoláirí, iriseoirí, taighdeoirí agus eaglastóirí chun neamhspleáchas an reifrinn a scrúdú. Tá an tEaspag i nDili, Carlos Filipe Ximenes Belo, buaiteoir Duais Síochána Nobel, ina bhall den choiste agus maíonn siad go bhfuil suas le 300 duine ag tuairisciú ó fud fud Tiomór Thois agus beidh siad ag breathnú ar na vótaí sna 13 `ríocht' den oileán.

De reir a dtuairisce, tá imeaglú á eagrú ag idir saoránaigh agus arm agus ag baill den mhílíste i bhfábhar féinriaile (seachas saoirse ón Iondainéis) lasmuigh den phríomhchathair.

Agus tá an mhílíse gníomhach ar ndóigh. Maraíodh fear ag an deireadh seachtain nuair a lámhaigh beirt ball den mhílíse é ina dhiaidh timpiste bóthair. Dar le finní den eachtra, bhí timpiste idir dhá ghluaisróthar ach tuigtear go raibh baill den mhílíse ar cheann dena róthar agus mharaigh siad an tiománaí eile ar an láthair. D'aithin finní an bheirt mar bhaill den ghrúpa Aitarak, mílíse i bhfábhar nIondainéise.

Séanann an Iondainéis go bhfuil siad ag armáil na mílísí agus dearbhaíonn chomh maith nach bhfuil ach gunnaí lámhdéanta i lámha baill den mhílíse. Ach maraíodh Angelino Amaral, tiománaí an róthair, le gnáthghunnaí, rud a chuireann amhras ar breathnaitheoirí neamhspleácha, a chreideann go bhfuil an Iondainéis ag soláthar na ngunnaí.

Tá na Náisiún Aontaithe sásta áfach go bhfuil an próiseas cláraithe beagnach críochnaithe anois agus go bhfuil 90% den daonra - atá i dteidéal vótaí - cláraithe cheana. Go dtí an deireadh seachtaine seo caite bhí 378 302 cláraithe as 400 000 a bheadh i dteidéal cárta vótála. Chríochnaigh an tréimhse cláraithe inné agus d'fhógair úrlabhraí na Náisiún Aontaithe go mbeadh an feachtas reifrinn ag tosú go hoifigiúl an tseachtain seo chugainn ar an 11ú Lúnasa. `Leanfaidh an feachtas sin ar aghaidh go dtí an 27ú agus ansin beidh cupla lae gan canbhasáil go dtí an reifreann féin ar an 30ú' arsa David Wimhurst. Dúirt sé gur oscail sé oifigí cláraithe breise nuair a tuairisciú go raibh daoine dí-áitithe i bponc agus go raibh fadhbanna cláraithe acu.

De reir Kiper, áfach, tá UNAMET (United Nations Mission in East Timor, atá freagrach as an chóras clárúcháin), `fulangach' ar cheisteanna na bhfadhbanna cláraithe atá ann do sheandaoine, daoine bacacha agus tinn.

Ach ina dhiaidh na bhfadhbanna sin go léir fanann fadhb amháin nach bhfuil saraithe fós fiú i ndiaidh aontas idir an Phortaingéil agus an Iondainéis faoi chur i bhfeidhm an reifrinn. `'Sí an easpa saoirse ón eagla féin a sheasann anois mar an fhadhb is tábhachtaí' de réir Kiper. Agus mura n-athraítear an suíomh sin, ní féidir toradh foirfeacht a gheallúint ar phróiseas an reifrinn féin.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland