Top Issue 1-2024

22 July 1999 Edition

Resize: A A A Print

Bualadh Dhá Dhruma

Is minic a luann cuairteoirí go dtí an Tuaisceart an bhagairt a mhothaíonn siad nuair a chluineann siad drumadóirí ag gríosadh na sluaite le linn paráidí oraisteacha. Ceapann cuid acu go bhfuil ceangail díreach idir druma agus bagairt agus, i gcás na nOraisteach, tá. Ach níl sé riachtanach go mbeadh sé i gcónaí mar sin. Brathann sé ar an chúis atá taobh thiar den bhualadh agus ar an fhath go bhfuil na drumadóirí i mbun a ngnó.

Chruinnigh na sluaite an tseachtain seo chaite do pharáid mhór Féile ealaíona na Gaillimhe agus i mbliana bhí drumadóirí Macnas agus drumadóirí ó thíortha eile le cluinsint agus le feiceáil ar fud fud na paráide. Go deimhin tá drumadóirí Macnas doscaraithe anois ó Féile Ealaíona na Gaillimhe agus is maith le cách na drumadóirí. Tá fuaim an bhualaidh fíochmhar, beoga go hiontach agus nuair atá suas le caoga drumadóir ag bualadh a ngléasanna le chéile ní hé go gcluineann tú an fhuaim ach go mothaíonn tú í bíonn sí chomh laidir sin.

Lean an pharáid a bealach tríd lár na cathrach mall san oíche, sa dorchadas, ag críochnú i bpáirc ina sheas an Cladach, tráth. Is mór an difir, ar ndóigh, idir saibhreas agus taibhse pharáid na féile agus bochtanas agus ainnise an tsean Chladaigh féin. Is docha gur chaitheadh níos mó airgid ar chruthú na paráide i mbliana ná mar a chaitheadh riamh ar thithíocht an tseanChladaigh nó i solathar aiseanna, oibre, nó deiseanna dóibh siúd a mhair a saolta ann.

Tá ré an Chladaigh imithe le bréis agus caoga bliain agus cé go gcronaíonn turasóirí , ealaíontóirí agus griangrafadóirí an íomhá ar leith a bhí le feiceáil ann, is beag seans go mbeadh aifeáltas ar éinne a raibh cónaí orthu ansin faoi leagadh na seantithe agus tógáil an Chladaigh nua mar atá sé inniu. Níl fágtha den Chladach seanda anois ach an t-ainm, agus an fáinne a thuilleann clú agus cáil don cheantar ar fud an domhain.

Déantar comparáid, uaireanta, idir íomhá an Chladaigh mar a bhí, agus íomhá na ceantracha náisiúnaigh ó thuaidh roimh 1968 /69. Ní féidir, ar ndóigh, a rá go raibh pobal Thaobh an Bhogaidh nó Bun na bhFál cosúil le muintir an Chladaigh. Sna chathracha ó thuaidh - mar an gcéanna le cathracha ar fud na hÉireann - bhí an daonra sin i ndiaidh bogadh isteach agus má bhí `comhphobal' ann ba rud é nár shín níos fuide siar ná céad bliain i ndairire. I gcás an Chladaigh bhí oidhreacht agus líne fola ag síneadh siar i bhfad níos fuide ná sin. Cheap muintir an Chladaigh iad féin a bheith ina bpobal ann féin; ina ríocht fiú nach raibh freagrach do gnáthdhlíthe na tíre. Cinnte, thig leat an maíomh céanna a lua faoi mheon mhuintir náisiúnach na Sé Chontae a cheap nach raibh dualgas orthu aird a thabhairt do dhlíthe míchothroma stáitín na Sé Chontae ach an oiread.

I dtéarmaí bochtanais is féidir comparáid éascaí a dhéanamh idir an Cladach agus go leor leor ceantracha náisiúnacha sa tuaisceart (agus ceantracha bochta ar fud na hÉireann). Nuair a féachaimid anois ar na seanghriangrafanna dubha agus bána, ar na haghaidheanna craite, roctha; ar sheandaoine faoina sealaí; ar fhir agus mná lena gclanna timpeall orthu, cuma easláintiúil agus droch-chothaithe orthu; ar pháistí ag súgradh ar sráideanna tanaí; ar thithe ísle aoldaite; ar chomharsána ag gliúcadh ar an ghriangrafadóir, go hamhrasach, óna ndoirse féin... maise níl difir ar bith idir sin agus seanphictiúiri den tréimhse céanna ó thuaidh.

Ó thuaidh, áfach, bhí ar náisiúnaigh sreachailt a dhéanamh lena gcearta a bhaint amach agus dá mbeadh fuaim an chúlrá le cluinsint ó na seanghriangrafanna sin, bheadh bualadh drumaí na láimhe bige ag bodhradh cluasa an bhreathnaitheora. Agus bhí bualadh na ndrumaí i gcónaí ann mar comhartha cumhachta, comhartha an eagothromais.

Tríocha bliain ar aghaidh, tá an t-íomha athraithe, tá na tithe beaga leagtha, tá cuma níos sláintiúla, cothaithe ar na haghaidheanna anois; tá níos lú amhras - ach níos mó ciniciúlachas - ar na comharsáin faoi ghriangrafadóirí agus tá meon níos muiníní ar chuile duine. Ach tá na drumaí ag bualadh i gcónaí.

Sa Chladach, ar ndóigh, ní raibh fadhb ag bunus na háite riamh le paráideanna nó fir bhuí, nó bagairt ó drumadóirí ag iarraidh a gcearta a sharú le mórshiúileanna seicteacha. B'annamh a bheadh daoine ó taobh amuigh ag iarraidh paráid faiseanta a dhíriú tríd ceantar chomh bocht sin. Déanta na fírinne, b'fhéidir go raibh `easpa paráideanna' in áit an iomarca paráideanna i gceantar bocht an Chladaigh. Ach nuair a bhain paráid na féile an Cladach amach oíche Dé Domhnaigh seo chaite, cuireadh fáilte is fiche roimpi. Fiú i ndorchadas na hoíche, agus fiú le fíochmhaireacht na ndrumaí, níor mhothaíodh bagairt ar bith agus ní raibh bagairt ann. Bhí lucht an Chladaigh in eineacht le daoine ó gach ceantar i nGaillimh agus ó bhailte eile ar fud na hÉireann agus ón imigéin ag céiliúradh imeacht gan bua, gan bualadh, gan bagairt ó thaobh amháin thar taobh eile. Agus bhí an pharáid ina siombal féin den dul chun chinn atá déanta in Éirinn ó dheas, den Tiogar, den saibhreas. Bhí na drumaí ag bualadh teachtaireachta ag céiliúradh `éirí' an phobail as an bochtanas ina raibh siad fad a's atá na drumaí ó thuaidh ag bualadh teachtaireachta a iarrann daoine a chuir ar ais go dtí an droch staid ina raibh. `Sin an difir idir an dhá dhruma. Nach trua nach féidir leis na drumadóirí oraisteacha a leithéid de shampla a fhoghlam, agus tuiscint a bheith acu nach bhfuil sé riachtanach i gcónaí druma cogaidh a bhualadh?


AG CUIMHNEAMH ROSEMARY



Níl a fhios againn an fáth cruinn ar cuireadh Rosemary Nelson chun bhás ar shráideanna Lorgáin mí Márta 16ú 1999; nó cé rinne é. Ag am na scríbhneoireachta tá sé trí mhí ón ruathar brúidiúl siúd ar bhean a chaith a saol ag obair ar son a pobal féin, ar son duine gan cumhacht gan gúth; daoine mar an gnáthphobal Bhóthar Garvaghy, nó ar son teaghlach Robert Hamill a fuair bás faoi dhearcadh an RUC agus bróga na bhfear buí i bPort an Dunainn. Pé duine a chuir Rosemary chun bháis baineadh úsáid as buama níos sofaisticiúla ná chonacthas i lámh dílseora ar feadh na mblianta. Cluinimid go raibh `Powergel i gcéist - ábhar pleascáin ar dóigh atá ag na dilseoirí. Ansin déirtear nár `Powergel' é, ach C4, nó ábhar eile nach bhfuil le fáil ach ag seirbhísí faisnéise na Sasana. Ag deireadh an lae is cuma. Is dhá thaobh den aghaidh chéanna iad beirt, gan fhios ag taobh amháin acu an craic.

Cuireadh alt scríofa ag Rosemary i gcló san `Irish News' ar an mhaidin i ndiaidh a báis. Bhí sí i dteagmhail le hImmram Khan, an dlíodóir i mbun fheachtais Steven Lawrence i Londain. Bhí sí ag déanamh ceangailt idir an dá chas. Scríobh sí narbh é seicteachas a bhí i gceist i bPort an Dunainn ach ciníochas. Chonaic muid uilig é scríofa ar na ballaí - KAI, (Kill All Irish). Is ionann Éireannach agus Caitliceach leis na daoine seo, smaointí a tháinig anall as an Bhreatain céad nó dhá chéad bliain ó shin, iarsmaí naisiúnachais Bhriotanaigh ón ré sin sa Bhreatain féin. Ar ndóigh, tá an ceangailt idir Éireanneachas agus Caitliceachas marbh san aois seo, agus i measc poblachtanaigh ó am Wolfe Tone ní glactar gurbh ionann an dhá coinciap. Tá an ord oraisteach `s a leithéid gafa i `time warp,' éigin. Ach tá siad de dhíth ag Arm Sasana - mar leithscéal bheith in Éirinn.

Braitheann Rialtas Shasana ar an mhearú súl gur cogadh seicteach é seo, go bhfuil Caitlicigh agus Protastunaigh ag tróid cogaidh creidimh mar a bhí san Eoraip dhá chéad bliain ó shin, agus go bhfuil arm Sasana anseo ag coinneall `na hÉireannaigh mire' as a chéile. Is cine foréigneach agus neamhhintleachtach na hÉireannaigh. Ní cumhacht coilíneach atá á imirt ag na Sasanaigh, ach nós an dea-chomharsan ag déanamh a ndualgas. Is é seo ciníochas. Is idé-eolaiocht clasaiceach an choilíneachais é `the dark heart of Africa' in Éirinn sa fichiú haois. Cumhacht impiriúil ag cur sibhialtacht orainn. Fhád is atá cuma ar an scéal gur comhrac é idir Caitlicigh agus Protastunaigh, tá an mearú súl slán. Nuair a tharla obraid mhileata den IRA in Éirinn, nó buama mór i Londain, duirt siad gur `propaganda spectacular' é, nó níos simplí, go raibh na rudaí seo mar pháirt den `incomprehensibilty of the Irish situation'.

Nuair atá na dilseoirí ag marú Caitliceach in Éirinn tá siad céad slán. Nuair nach bhfuil, ta cuidiú de dhith agus faiigheann siad é ó na seirbhisi faisnéise. Sna bliantaí `85, `86 agus `87, níor mharaigh na dilseoirí ach tríur duine. Caitliceach amhán ina measc. Bhí an mearú súl i dtrioblóid! Chuir Airm Sasana Brian Nelson isteach san UDA i ró1 intleachtach. D'obair siad leis le gunnaí, gránáidí agus abhar pléasáin a fháil do na dilseoirí ón Afraic Theas. Níl fianaise le fáil ach ar an duine amháin seo ach taispeánann sé go raibh British intelligence i mbun, lár agus fréagrach as eagrú agus armáil na ndilseoirí sa ré sin,mar a bhí ag tús na seachtóidí 1eis an MRF. Is ionann sin is gur craobh neamh-oifigiúil Arm Sasana na heagraíochtaí dilseoirí. Agus tá siad neamh-oifigiúil mar tá ar na Sasanaigh bheith abálta iad a cháineadh. Chuir na Francaigh `Pseudo Gangs' ar a leithéid sa chogadh san Algéir. Bhain siadsan úsáid as grúpaí Francach bochta ina gconaí san Algéir le gníomhartha salacha a dhéanamh ar a son. Bíonn fadhbanna agus eagla ar na grúpaí siúd roimh athrú ar bith sa réim; ach baintear úsáid as an fhaitíos seo ag na cumhachtaí choilíneacha, agus tá siad sásta úsáid le poblachtanaigh agus a leithéid de Rosemary a mharú nach feidir leis an arm oifigiúil a mharú nuair atá siad ag rá nach cogadh é. Déanann na dilseoirí na gníomhartha salacha agus tig leis na Sasanaigh iad a cháineadh agus a chuir i bpriosún leis an mearú súl a choinneail beo go bhfuil siad ag déanamh an déa-chomharsanúlacht.

Is é sin an fáth ar maraíodh Rosemary Nelson, an fáth ar baineadh úsáid as buama níos sofaisticiúla nach bhfaca muid i lámh dilseora ar feadh na mblianta. Bhí ar na seirbhísí faisnéise bheith cinnte nach mbeadh an teachtaireacht seo á thabhairt don gnáthphobal i Sasana - go bhfuil Rialtas Sasana ceangailte sa chogadh coilíneach deireanach. Maraíodh Rosemary mar bhí sí contúirteach daoibhse leis an mhéid sin measa a bhí aici mar dlíodóir ar fud an domhain, i dteagmhail leis na Poncánaigh agus eagraíochtaí dlí i Sasana agus ar fud an domhain. Ach an fáth is tabhachtaí, bhí sí contúirteach daoibhse mar gheall is gur bhean chróga í, gan eagla uirthi an fhírinne a rá.

Tarlach Ó Conghlaigh
Gaeltacht na Fuiseoige
H Bloic.


Ráiméis na Mílaoise



Ar an drochuair, ní thig le duine ar bith againn an bolscaireacht ar fad i dtaobh na mílaoise a sheachaint. Tá cuntas a dhéanamh ar gach uile bomaite go meán oíche 31 Nollaig, agus tá neart ag trácht ar leanbh na mílaoise fiú. Maidir liomsa , ní thuigim cad chuige a bhfuil daoine chomh tógtha faoi.

Is maith le dreamanna éagsúla rudaí ar léith a smachtú . Glactar le Greenwich Mean Time agus araile gan cheist inniu, shílfeá go raibh an domhan agus an cruinne ar fad ó Pluto go Bealach na Bó Finne ag brath ar Londain.

B'iad na Rómhánaigh a rinne iarracht córas eile a chruthú le bliain a chumadh ina raibh deich mí ann. D'fhorbair Julius Caesar an fheilire seo ag cur dhá mhí breise sa bhliain. Ar ndóigh, tá mí Iúil againn anois de thairbhe nach raibh sé sásta ligint don domhan dearmad a dhéanamh faoi.

Ní dhearnadh forbairt ar fheilire Caesar go dtí deireadh an séú haois déag agus an Pápa Gregory XIII i réim. Anois glactar leis an Fheilire Gregorian ar fud an domhan iartharach ach i dtíortha eile, an tSín, an Ind, na tíortha Arabacha, na hIúdaigh, an Afraic srl, bíonn a gcorais féin feilireachta acu.

Ba cheart a chuimhneamh nach bhfuil ins san fheilire ach dóigh l'eagar agus ord a chur ar shaol an duine. Níl mé a rá nach maith liom eagraíocht ar bith ach ba mhaith liom a léiriú go bhfuil nóisean na mílaoise cumtha ag an chine daonna.

Níor glacadh leis an Fheilire Gregorian i Sasana go dtí 1752 agus bhí orainne in Éirinn glacadh leis ag an am céanna agus muid faoi smacht na tíre sin. Shilfeá, áfach le bheith ag éisteacht le ráiméis na mílaoise go raibh cuntas cruinn a dhéanamh ag an chine daonna ar fad ar gach uile dáta ó rugadh Críost.

Sin rud eile. Tá cuntas a dhéanamh ar na blianta de réir na bliana inar rugadh Críost. Ach `sin ráite, creideann scóláirí gur rugadh Críost idir 7 RC agus 4 RC. Tá a fhios agam gur Mac Dé a bhí ann ach ní thiocfadh liom riamh a mhiniú cad é mar a d'éirigh leis teacht ar an saol seacht mbliain roimh a lá breithe féin!

Mar aon leis sin, nuair a glacadh leis an fheilire nua, rinneadh cuntas ar na blianta mar a leanas; 2RC, 1RC, 1AD, 2AD... Tabharfaidh an duine is codlataí agaibh faoi deara nach raibh bliain a naid againn in am ar bith. Cá ndeachaidh Bliain a Naid?

Má glactar leis an dáta breithe Chríost idir 7RC agus 4RC, agus má tá duine ar bith ag iarraidh glacadh le bolscaireacht na mílaoise i ndáirire, ba cheart go mbeadh an ceiliúradh uilig críochnaithe ceithre bhliain ó shin ar a laghad.

In Éírinn, ar ndóigh, thosaigh ceiliúradh na mílaoise le seachtain Lá Fhéile Phádraig ar aghaidh agus tá imeachtaí i ndiaidh imeachtaí ar siúl ó shin. Níl muid aon pioc difriúil ó thíortha eile i seilg na mílaoise agus tá coiste na mílaoise ceaptha ag an rialtas, ag caitheamh airgid ar thionscadail mílaoise agus ag scrúdú pleánanna céiliúrtha. Tá cuntas a dhéanamh ag daoine ar `laethanta deiridh na milaoise' cheana agus cuirtear an cheist anois is aris cá mbeidh tú agus cé a bhéas leat Oíche Chinn Bhliana?

Bhuel, ón Nollaig seo caite táthar á tuairisciú go mbeadh sé deacair go leor ag daoine gabháil go tithe tábhairne áirithe. Tá sé i gceist ag tábhairneoirí táille an-ard a chur ar na doirse is praghas na bpionta a ardú fosta. Seans go mbeidh £100 ar an doras agus £10 ar phionta. Beidh costas ar leith ann do thacsaithe - má's féidir ceann a aimsiú, ní bheidh teorann ar phraghasanna bia agus béilte in ostáin agus meastar go mbeidh daoine ag íoc suas le £500 ar fhéighlí do na páistí an oíche sin. Déarfainn go mbeadh sé níos fearr do dhuine iompar amach a fháil agus coisir idir comradaithe agus cairde a réachtáil sa teach.

Tá daoine eile buartha fá thairngreachtaí Nostradamus agus fá thionchar `Bug' na mílaoise ar na ríomhairí. Ach nár mhair muid leis na cianta gan ríomhairí ar bith agus creid nó ná creid, d'éirigh leis an chine daonna maireachtáil gan an teilifis is RTÉ ar feadh i bhfad chomh maith.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland