Top Issue 1-2024

8 July 1999 Edition

Resize: A A A Print

As Céim

Imeachtaí áitiúla a chuireann míleatachas chun chinn


     
Tá coistí áitiúla ar fud na hÉireann a eagraíonn imeachtaí agus féiltí gach bliain chun spraoi a sholathar do mhuintir na háite agus do thurasóirí ar aon. Ach is minic nach ar mhaitheas na tíre a oibríonn clár na n-imeachtaí gan trácht ar an damáiste a déantar don íomha neamhspleách atá ag saighdiúirí agus aerchór na tíre.
Ní bheadh mórán sa tír nár mhothaigh brón agus pian do theaghlaigh an cheathrar bhall de Chór an Aeir a fuair bás an tseachtain seo caite nuair a thit a n-eitleán de thaisme sa cheo agus gur maraíodh cách a bhí ar bhord. Don dara uair le mí anois bhí socraidí faoi onóracha míleata ar scáileáin na teilifíse: saighdiúir óg a maraíodh sa Liobáin, ceathrar a fuair bas i dtionoisc sa bhaile; duine amháin ar dhualgas síochána, an grúpa eile ar dualgas tarrthála. Arm, agus aerforsa a bhfaigheann a mairtirigh bás gan iad a bheith ag cogaíocht.

Mar a dúradh linn sna nuachtáin go léir an tseachtain seo, caitheann baill de Chór an Aeir an chuid is mó dá n-am ar mhisiúin tarrthála, ag cur a saolta féin i mbaol, gan amhrás, chun farraigí an oileáin seo a dhéanamh níos sábhailte d'iascairí agus do sheoltóirí na mara. Má tá `Top Guns' na hÉireann ann, `sé mar lucht tarraing na crangaide, nó mar lia eigeandála nó mar phiolotaí i rith drochaimsir a bhuann siad a gclú agus chan mar ollmharfóirí Cosobhá ná Cuait nó cathair eachtrannach iargúlta eile. Tá an féin-íobairt agus spríd sin a dhéanann an Cór difriúil ó aerforsaí i dtíortha eile agus go maire sé i bhfad. Agus `sé sin ar cheann des na fathanna gur tháinig na sluaite amach don cheithre thorramh agus gur thaispeáin an mhéad sin daoine a gcomhbhrón i rith na seachtaine seo. D'aithin siad go raibh an Cór ina dhiaidh ceithrear den scoth a chailliúint in aon bhuille marfach, tragóideach amháin.

Ar ndóigh, ní amháin ina gceantracha féin a taispeánadh comhbhrón. Taobh istigh de roinnt uaireanta i ndiaidh an tubaiste d'fhogair lucht eagraithe Seó an Aeir, Bóthar na Trá, Gaillimh, go raibh siad ag cur seó na bliana seo - a bhí in ainm bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo chuaigh thart - ar cheal mar chomhartha omóis don mharbh. Nach maith an rud an beart seo a rinne siad, an seó a chur ar cheal. Is mó an trua, áfach, gur de bhrí báis a cuireadh an seó ar cheal, agus chan de bhrí moraltacht nó coinsias na n-eagraitheoirí féin.

Murach an stop ar an seó seo, bheadh agóidí ina aghaidh i mbliana nó bhí go leor leor grúpaí ag eagrú agóidí i gcoinne na cuairte, Sinn Féin ina measc, mar gheall ar `aíonna' na himeachta: Saigheadanna Dearga na Breataine, agus a n-aeir arthach NATO ar ais anois ina dhiaidh laethanta spoirt i gCosobhá ag marú na sluaite. B'uafásach gur tugadh cuireadh dá leithéid in aon chor teacht ar chuairt go hÉireann: ar an chéad dul síos is naire é go mbeadh fáilte roimh craobh d'fhorsaí míleata na Breataine go Éirinn a fhad a's atá cuid dár dtír fós faoi riail Shasana. Chomh maith leis sin tá ceist na neodrachta le scrúdú. Nach ionsaí ar neodracht na tíre seo nuair atá aeir arthaigh ball de NATO, éitleáin chogaidh déanta na fírinne, á dtabhairt go deonach isteach in aerspas na hÉireann? Agus nach ndéanann sé comhghéilleadh ar íomha Chór Aeir na hÉireann nuair atá siad páirteach i seó le marfóirí Cosobhá?

Agus ní eisciach é i dtéarmaí míleata an cuireadh a fuair na Saigheadanna Dearga teacht go hÉireann. Caoga míle ó thuaidh ó Gaillimh, an tseachtain seo caite chomh maith cuireadh tús le Féile Siúladóireachta Chaisleán an Bharraigh, féile idirnáisiúnta de shiúlóidí timpeall Mhaigh Eo. I mbliana bhí ionadaithe páirteach ó 35 náisiún agus mar a tharla sé thosaigh an Fhéile le paráid trí an bhaile, agus deis ag na siúladóirí go léir a mbeannachtaí a thabhairt do bhunus na háite. Bhí an FCA chun tosaí sa pharáid agus banna ceoil leo. I ndiaidh sin, idir na hÉireannaigh agus grúpaí eachtrannaigh ó na Stait Aontaithe, an tSeapáin, an Fhrainc, an Ghearmáin agus go leor leor tíortha eile bhí complacht airm eile ag mairseáil. Arm na hIosraeil. Faoi eide. I gCaisleán an Bharraigh. Níos lú ná daichead míle - fad diúracháin Arm Deisceart na Liobáine - ó bhaile an tsaighdiúra singil Billy Kedian. Coicís i ndiaidh torramh an saighdiúra a maraíodh d'aon ghnó nó go hindíreach ag Arm na hIosraeil. Tá rud eigin cearr le sin; tá an tír imithe ar strae.

Tá coistí áitiúla ar fud na hÉireann a eagraíonn imeachtaí agus féiltí gach bliain chun spraoi a sholathar do mhuintir na háite agus do thurasóirí ar aon. Níl aon dabht ná go ndéanann siad jab tábhachtach chun airgead a thabhairt isteach sa gheilleagar áitiúil agus is minic a chaitheann siad na míosa ar obair deonach, gan mórán buíochas agus gan aon sásamh pearsanta taobh amuigh de bhua na n-imeachtaí féin. Ach, mar is léir ón dhá shampla seo, is minic chomh maith nach ar mhaitheas na tíre a oibríonn clár na n-imeachtaí agus is minic a déantar bagairt - tríd liosta na n-aíonna - do neodracht na tíre, gan trácht ar an damáiste a déantar d'íomha neamhspleách saighdiúirí agus aerchór na tíre.

Cé a thug cead, mar shampla, do lucht eagraithe Aer Seó Bhóthar na Trá cuireadh a thabhairt do na Saigheadanna Dearga teacht go hÉireann? An ndearna siad macnamh ar bith ar an dóigh a chuirfeadh cuireadh mar sin brú ar neodracht na hÉireann? Nó cé a chomhairligh lucht eagraithe Siúlóidí Chaisleán an Bharraigh faoi mór- agus mionpholaitíochtaí a bhainfeadh le hArm na hIosraeil ag teacht faoi eide go Connacht níos lú ná mí i ndiaidh don arm céanna Connachtach óg a mharú sa Liobáin? Agus mura raibh aon chomhairle ar fáil dóibh, caidé mar a rinne siad, na coistí áitiúla seo, an teagmháil ar dtús leis na hairm agus haerforsa eagsúla? Ar chuidigh an Roinn um Gnothaí Eachtrannaigh, nó b'fhéidir an Roinn Chosanta leis an dhá choiste seo agus iad ag iarraidh baill d'arm eachtrannach a thabhairt isteach sa tír?

Ní hé nach féidir le seó maith a eagrú ganláithreacht míleata ann. Is iomaí paráid agus imeacht a tharlaíonn gan saighdiúir nó eide ar bith le feiceáil ann. Agus tá go leor leor daoine ar fud na tíre seo - fórmhór againn, dearfainn - a chuireann luach agus fiúntas ar neodracht na tíre, agus atá ag iarraidh sochaí a chruthú nach bhfuil míleatachas chun tosaí ann.

Cén dochas atá ann do na daoine seo nuair a théann siad chuig imeacht ina bhfuil tús áit tugtha do shaighdiúirí? Nó do gléasra cogaidh cosúil le héitleáin na Saigheadanna Dearga a scrios na céadta daoine i gCosobhá? Nó d'ionadaithe airm a mharaíonn, nó a thacaíonn le marú, saighdiúirí na hÉireann? Caidé a mheasann siad faoina saighdiúirí Éireannacha atá ag mairseáil i gcomhluadar lena leithéid? An luíonn sé sin go heascaí le híomha na neodrachta nó neamhleithleasachais? Cén meon agus íomha a bhaineann lena leithéid de mhíleatachas?

Agus ansin tá muid bodhar leis an stat ag moladh dúinn go mbeadh díchoimisiniú iomlán ann, fad agus atá siadsan ag ceadú ag cuidiú agus ag comhoibriú le h athmhíleatú na tíre. `Sin an masla is measa, dar liom, don mharbh a fuair bás ag iarraidh síocháin a chinntiú, nó saolta a shábhail. Cé a thabharfaidh cosaint, mar sin, d'Fhorsaí Cosanta na tíre ó cíocras míleata na gcoistí áitiúla agus an comhoibriú a fhaigheann siad ón rialtas?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland