Top Issue 1-2024

3 June 1999 Edition

Resize: A A A Print

Oráid Folamh

Is ionann oráidí aimsir na dtóghchán agus Karaoke Polaitiúil. Scúdaíonn Eoghan Mac Cormaic an gné...

Cé go bhfuil an feachtas áirithe seo beagnach thart, níl sé rómhall píosa comhairle a fháil ar an saghas oráid gur féidir le hábhar polaiteora a fhoghlam ionas go mbeidh sé ullamh Don Oíche Nuair a Nach bhFuil Aon Rud le Rá Aige... Déanta an scéal, tá mé anbhuíoch do pholaiteoir áirithe, Fianna Fáileach mar a tharlaíonn sé, as uacht téacs na horáide seo. Chuidigh polaiteoirí as páirtithe eile leis, agus roinnt pholaiteoirí neamhspleácha as chomh maith. Chas mé ar na polaiteoirí agus iarracht polaiteoirí seo agus mé ag dul ó chruinniú go cruinniú le seachtainí anuas, nuair a bhí gach mac agus iníon mháthar acu ag iarraidh vótaí a mhealladh - go ciúin nó go hoscailte - ó pé grúpa spéise ag a raibh na cruinnithe eagraithe.

Ina dhiaidh tamaillín, coicís, nó trí sheachtain, d'fheachtasaíocht, tosaíonn an auto-pilot agus déantar dearmad ar ábhar an chruinnithe. Níl ann ach ardán agus lucht éisteachta; níl ann ach constaice eile ar an bhóthar idir an polaiteoir agus toradh maith sna tóghcháin; níl ann ach grúpa eile atá ag fanacht ar fhocail spreagtha, tacaíochta, dluthpháirtíochta nó mar sin de. Agus bígí cinnte den fhiric seo: níl siad, na lucht éisteachta éagsúla seo, ag fanacht ar fhocail saíochta nó comhairleacha. Tá sin acu cheana agus fuair siad sin gan cabhair na bpolaiteoirí. Níl uathu anois ach deis a thabhairt do na polaiteoirí coimitmint phoiblí a thabhairt go ndéanfaidh siad seo nó sin, ionas go mbrisfidh siad a bhfocal ina dhiaidh na dtóghcháin. Ansin beidh deis ag Seán agus Máire Poiblí clamhsan a dhéanamh faoi easpa muinín sna polaiteoirí go dtí go mbeidh tóghchán eile ann agus tosóidh an proiséas uilig arís.

Ach i rith an fheachtais, ní chuirtear locht ar aon pholaiteoir áirithe. Ní bheadh sé sin `cothrom'. Bíonn fáilte Uí Cheallaigh rompu go léir dona cruinnithe agus tagann siad. Agus, mall san oíche, i ndiaidh lae fada de chanbhasáil agus croitheadh lámha, de gheallúintí agus de phlamas, ní haon ionadh é nach gcuimhníonn na polaiteoirí cá as a tháinig an `cuireadh' bheith ag an cruinniú, nó an bhfuair siad cuireadh ar bith, nó an dtuigeann siad fiú cén gearán nó fadhb atá ag an grúpa. Ach tá a fhios acu go gcaithfidh siad bheith ann nó tá na polaiteoirí eile ann, cruinnithe, cóngarach don doras (tháinig siad isteach mall agus beidh orthu imeacht le haghaidh cruinniú eile - chomh luath agus atá a gcupla focal ráite acu).

Beannaíonn na polaiteoirí ar a chéile agus iad ar a mbealach isteach. Beannachtaí móra poiblí, beannachtaí a fheicfidh lucht tacaíochta an dream eile, agus a chuirfidh le tuiscint orthu cé chomh cairdiúil agus atá a n-iarrthóir leis an polaiteoir féin agus go dtabharfaidh siad uimhir a dó nó uimhir a trí dó lá na dtóghchán. Agus tá gach uile rud ag brath ar na Dónna agus na Tríonna, an dtuigeann tú.

Níl aon gá go mbeadh a fhios ag an polaiteoir cén saghas cruinniú atá ann, nó cén ábhar díreach atá faoi chaibidil, a fhad a's a leanann sé script áirithe, leamh, folamh agus dorianaithe. `Sé an rud is tábhachtaí anois, agus an cruinniú faoi lán seol, ná greim a fháil ar an diabhal micreafón sin atá ag dul timpeall, agus greim a fháil air sula n-imíonn an iomarca daoine as an cruinniú. Is cuma, go deimhin, cén ord ina a labhrann an polaiteoir, roimh nó ina dhiaidh a chomhiarrthóirí a fhad as a labhrann sé agus a luann sé a ainm - nó a luann an cathaoirleach a ainm sula a osclaíonn sé a bhéal.

Bígí cinnte de go mbeidh cara nó duine taca dá chuid ar an ardán ag moladh don Cathaoirleach focal nó dó a chluinsint ón Uasal X, agus má luann an Cathaoirleach a ainm, gan cuir i láthair, beidh a fhios ag an lucht éisteachta gur `cara mór leis an cúis seo' é.

Agus ansin, ar a chosa, tosaíonn sé an oráid:

`A Chathaoirligh, agus a bhaill den Choiste, agus a dhaoine uaisle go léir. Is mór an onóir dom bheith anseo anocht i bhur measc ag an cruinniú tábhachtach seo. Tá cúpla rudaí le rá agam, ach sula ndéanaim sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt don Chathaoileach agus an Coiste as ucht an sar obair, an fhíor sar-obair a chuir siad isteach san fheachtas go dtí seo. Tá a fhios agam go bhfuil siad díograiseach, agus go bhfuil sibh go léir díograiseach faoi, agus molaim daoibh as do chuid ama a thabhairt chomh fhlaithiúl sin agus teacht anseo anocht.

`Ar ndóigh, ní inniu nó inné a thosaigh mé ag cur spéise san ábhar áirithe seo agus idir an dá linn tá obair déanta agam, behind the scenes, mar a deir siad, nach bhfuil a toradh le feiceáil fós. Geallaim daoibh go leanfaidh mé leis an obair sin amach anseo.

`Feicim go leor seanchairde anseo anocht ón fheachtas seo agus ó feachtais eile, agus tuigeann siad mo mhodh oibre agus nach ngeallaim nithe nach ndéanaim.

`Ní mhaith liom moill a chur oraibh anocht; d'éist mé go curamach leis an mhéad a dúirt na cainteoirí eile agus tuigim go maith barúil an chruinniú seo. Is mór an trua go bhfuil orm imeacht go luath ach tá cruinniú eile go gcaithfidh mé freastal air ach, bígí cinnte de, a chairde, nach lagfaidh mé m'iarrachtaí an cheist seo a reiteach ar bhonn sásúil do gach duine.

`Go raibh maith agaibh.'

Smaoinigí faoi. Ní deireann sé tada, ní chuireann sé cos amú, ní gheallann sé aon rud spéisialta, ní luann sé, fiú, cuspóir an fheachtais. Agus oibríonn sé. Tá Teach Laigheann agus Comhairlí Contae agus Comhairlí Cathrach agus Coimisiúin Baile fud fad na tíre lán de dhaoine a thug agus a thugann an oráid sin go minic. Tá seana againn fáil reidh le cuid acu an tseachtain seo chugainn agus ionadaíocht Shinn Féin a dhubailt. Nach mithid sin a dhéanamh?


Bigóideachas struchtúrtha



Ní bheidh ionadh ná ionadh ar mhórán daoine faoin nuacht go raibh ar Donald Findlay QC, Stiúrthóir an chumainn péile Rangers i nGlaschú, éirí as a phost an tseachtain seo nuair a d'fhoilsigh an Daily Record tuairisc faoina bhigóideachais, agus é ag freastal ar chéiliúradh lucht tacaíochta Rangers thar Celtic Dé Satharn seo chuaigh thart. Mar chuid den `cheiliúradh' taifeadadh Findlay ag canadh amhrán seicteacha. Ní nach ionadh go raibh air éirí as agus `we're up to our necks in Fenian blood' á rá aige a fhad a's a bhí tacóirí eile Rangers ar na sraideanna ag ionsaí ar éinne a cheap siad a bheadh ina bhall de lucht tacaíochta Celtic. Mharaigh siad gasúr le scian a raibh de dhroch-adh air bheith ag caitheadh geansaí Celtic, agus beagnár mharaigh siad leaid eile, a gortaíodh le saighead crosbhogha agus atá an-tinn fós in otharlann i nGlaschú.

Ar ndóigh, ní rud nua é scéal seicteachas Rangers. Go deimhin, tá go leor leor dena daoine a leanann Celtic seicteach chomh maith, ach is nuaíocht é nuair a aithnítear duine proifisiúnta, mór le rá, saibhir agus ráthmhar mar an bithiúnach. Tá Findlay ina dhlíodóir cáiliúil agus ina ardbhall den Pháirtí Coimeadach Albanach. Ach, is léir, ní chuirfeadh an slí bheatha sin aon bhac air óna chuid bhigóideachais. Cruthaíonn sé, leoga, nach galar an lucht oibre é bigóideachas, nó má's galar lucht oibre é, is minic an meánaicme a spréann an vireas.

In Alban, moladh idir Celtic agus Rangers ar aon as iarrachtaí cosc a chur ar shluaghairmeacha, amhráin agus griosadh seicteacha ag cluichí idir an `tseanfhoirne'. Ceapadh Bhoys against Bigorty i gCeann na Pairce chun stop a chur le seicteachas agus má a bhí a mhacasamhail i bhfeidhm in Ibrox ba chóir go mbeadh sé náirithe anois ina dhiaidh d'imeachtaí Findlay ag deireadh na seachtaine. Ach má's féidir stair an bhigóideachais in Alban - agus in Éirinn - a scrúdú, tuigfear nach stopfaidh an galar le himeacht Findlay. Níl ann ach éiseamlár (gí gur iasc mhór ann féin é) dá aicme, ach beidh comhaltaí den aicme sin le feiceáil ar na sraideann i rith an tsamhraidh seo, ar imeall na gciréibeacha, faoina hataí babhlaeir, in éide a n-aicme ag tabhairt measúlachta agus clúdaigh pholaitiúil dá gceard, ceard an bhigóideachais.

Uaireanta sleamhnaíonn an cochall agus nochtaítear an bithiúnach faoi shoilse an cheamara, nó ag rince ar bhallaí eaglaise i nDrom Cria, nó ag bualadh bos ag fáilte abhaile do dhúnmharfóir seicteach an UFF nó UVF, nó ag troid cás clumhillte nó, go bhfoire Dia orthu, ag ceiliúradh bua Rangers agus iad ar meisce. Is maith an rud é an aghaidh sheicteach seo a scrúdú nuair a nochtaítear é. Is fearr fós, áfach, cuimhneamh go bhfuil na mílte eile acu ann nár nochtaíodh fós agus, faraor, a bheathaíonn fuath agus bigóideachas agus a chothaíonn an meon céanna i measc an tslua. Tugtaí faicisteachas ar a leithéid, tráth, nuair a bheadh aicme amháin ag baint úsáide as imní aicme níos ísle chun a stadas agus saibhreas féin a choinneáill slán.

Tá moladh tuilte ag an Daily Record as an scéal a bhriseadh agus béalchráifeach Findlay a fhoilsiú. Nára fhada uainn an céad `nochtú eile'.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland