Top Issue 1-2024

14 January 1999 Edition

Resize: A A A Print

Dícoimisiniú Cumhachtaí an `Elite' sa Choimisiún Eorpach

Le Lucilita Bhreatnach

Caithfidh go dtagann an fearg céanna ort is a dtagann ormsa nuair a chloistear figiúirí ar nós £3.5 billiún d'airgead pobal na h-Eorpa bheith caite go calaoiseach ag lucht cumhachta an Choimisiún Eorpach.

Cé go mbíonn muid feargach níl aon iontas orainn faoin scéal nua seo, seachas is dócha go bhfuil cuid mhaith poiblíochta ag dul leis an scéil ach céard a thiocfas as? An bhfaighfidh muid cuntas a bhriseann síos ar an dóigh inar caitheadh an méid ollmhór airgid seo ? Deirtear nach bhfuil ann ach 5% den búiste iomlán den C.E. Ach níl siad ag caint ar 5% de bhúiste bheith caite i slite freagarthach dearfach a chabhródh le cúrsaí a athrú mar shampla ar an gCiste Sóisialta.

Tá géarchéim i bPáirlimint na hEorpa áit ina bhfuil baill den Pháirlimint ag éileamh nahc bhfuil an Coimisiún ag déanamh an dóthain le airgead lucht íoctha cánach a choinneáil slán.

Tá rúin curtha ag an ngrúpa Sóisialta taobh istigh den Pháirlimint an bata is bóthar a thabhairt do na fiche baill den Chomhairle sa Bhruiséal. Seo hé ceann de bheagán cumhachtaí oscailte dona baill sa Pháirlimint faoi rialacha an Chomhphobal Eorpach (C.E.).

Déardaoin na seachtaine seo a bhéas na 626 baill ag vótáil ar an rún seo, ach caithfidh dhá thriain de mhórlach an tacaíocht seo a thabhairt má tá an sacáil le tárlúint.

Le toghcháin le titim amach taobh istigh de sé mhí, i mí Mheitheamh seo chugainn beidh baill éagsúil atá a síocháin i mbaol sa bhaile ag déanamh seasamh nach ndéanfaidís dá mba rud é go raibheadar i lár a dtéarmaí.

Siad na 15 rialtaisí a cheapann an Coimisiún. Tá a a lán cumahchtaí ag an gCoimisiún, iad i gceannas riarúcháin ó lá go lae chomh maith le dréachtaí a ullmhú do reachtaíocht don C.E. Is `Super Elite' iad an Choimisiúin is na Coimisinéirí le níos mó cumhachtaí ná mar atá fiú ag Caibinéid san rialtas anseo. Is cinnte nach bhfuil grúpa neamhspleách a dhéanann iniúchadh nó scrudú spotseiceáil ar obair an gCoimisiún.

Tá an coimhlint láithreach seo faoi chonspóid atá ag rith ó socraíodh ar bhúiste an Chomhphobail Eorpach i 1996. Dhiúltaigh an Páirlimint an búiste a dhroimscríobh ós rud é go ndeireann said go bhfuil cruthú soiléir ann go bhfuil droch bhainisteoireacht ag leibhéal an Choimisiúin agus gur theipeadar ar srian a chuir ar chalaois.

Fós, is cosúil nach bhfuil na Coimisinéirí taréis cuntas dlisteannach a thabhairt dá gcuid oibre.

Agus iad i dtrioblóid tá an t-Uachtarán den gComhphobal Eorpach, Jacques Santer ag déanamh iarracht an sacáil dá fiche Coimisinéirí a sheachaint.

Is cosúil anois go bhfuil an Bloc Sóisialta, an grúpa is mó san Pháirlimint, ag lorgú trí éilimh má theastaíonn ó Santer a dtacaíocht a ghnothú.

Siad sin athbhreithniú neamhspleách den monatóireacht agus díothú de mhí-úsáid airgid; cód nua iompair ar na ngaol idir Coimisinéirí is a lucht oibre agus státseirbhís an Choimisiúin agus ról nua don Pháirlimint a leasaíonn na structúir bainistíochta.

Mo bharúil `sea nach n-éireoidh leis an rún ar an Déardaoin agus go réiteófear socrú a chuirfeas na fadhbanna seo ar an méar fhada. Cá bhfuil na daonnlathaithe i bFhianna Fáil, Fine Gael is Páirtí an Lucht Oibre ar an gceist seo ? An seasann siad i bhfábhar dí-coimisiniú cumhachtaí an `elite' seo san Páirlimint Eorpach ?


Purgadóireacht na Rúiseach



Ní hionann an leagan amach atá ar chúrsaí sa Rúis agus atá in aon tír eile. Tá an tír go huile is go hiomlán i lámha buíonta coirpeach. Tá coirpigh i rialtais i dtíortha eile agus bíonn rialtais ann a théann i mbun beartas coiriúla ach is é an Maifia atá i gceannas ar gach gné de shaol na Rúise. Is olagarcach é an stát sa mhéid is go bhfuil stát ann.

Tá sé deacair dúinne in iarthar na hEorpa a thuiscint cé chomh lag is atá an stát sin. Ní bhailítear ach 20% den cháin a bhíonn dlite. Tá an buiséad bliantúil chomh beag le buiséad Louisiana sna Stáit Aontaithe. Níl an geilleagar oifigiúil ach ar chomhchéim leis an Isiltír. Is mó go mór an geilleagar dubh. Bailíonn buíonta Maifia i bhfad níos mó airgid i dtáillí dídine ná mar a bhíonn i gciste an stáit.

Nuair a tugadh caipitealachas gan srian isteach sa Rúis ag tús na 1990í ní raibh ach dhá dhream sa tír a raibh dóthain caipitil cnuasaithe acu le hinfheistíocht a dhéanamh. B'in amhantraithe airgeadra agus cneamhairí striapachais. Thar oíche rinneadh aicme caipitlíoch agus Maifia araon den dá ghasra sin. Aicme óg í a chleachtann leagan ámh den chaipitealachas beag beann ar leas dreama ar bith eile nó ar dhaonnacht fiú.

O dheireadh na 1980í is é an dollar an t-airgeadra ceannasach agus an fíorairgeadra sa Rúis. Is le dollair a díoltar agus a cheannaítear sealús. Is le dollair a déantar an chuid is mó ar fad de ghnó na tíre. Is coilíniú de chineál é sin. Bíonn drochmheas ar rúbail agus ar lucht a gcaite agus ar lucht a dtuillimh. Agus níl d'airgead ag tromlach an phobail ach rúbail. Is é an cáineadh is mó atá le déanamh ar rialtas na Rúise nach ndearna siad aon iarracht cheart an rúbal a athshlánú.

Níl aon áit níos mó i Moscó a léiríonn an t-athrú don turasóir ná an GUM mar a bhí, an margadh láir, taobh leis an gCearnóg Dhearg. (An ``gúm'' a dtugtar air, ar aon fhuaim leis an bhforas oirirc a bhfuil Seosamh O Murchú i gceannas air.) Ait álainn thíriúil a bhíodh ann, é comhdhéanta de shiopaí oscailte agus stallaí mar a ndéanadh muintir Mhoscó a gcuid siopadóireachta.

Anois tá sé roinnte i siopaí príobháideacha le doirse dúnta agus preabairí i mbun dualgais ar na doirse céanna. Ní dhéanann na siopaí seo gnó ach le lucht caite dollar. Níl fáilte iontu roimh an gnáth-Rúiseach. Is amhlaidh do chuid mhór bialanna, siopaí éadaigh agus ionaid siamsaíochta.

Is iad na sean atá ag brath ar phinsin rúbail is mó atá thíos le geilleagar an dollair. Bíonn sé truamhéileach seandaoine a fheiceáil ar shráideanna Mhoscó ag iarraidh ornáidí agus cuimhneacháin a dhíol le cúpla dollar a thuilleamh. Is é an radharc is truamhéilí ar fad daoine a fheiceáil ag iarraidh peataí a dhíol.

I lár na 1990í scriosadh coigealtas 80% de choigealtóirí. Ansin ar 17 Lúnasa anuraidh theip ar an gcóras baincéireachta. In aon iarracht amháin baineadh dhá thrian de luach an rúbail. Fágadh na céadta de mhílte de dhaoine gan kopek. O shin i leith seasann an boilsciú ag 80%.

Níor íocadh tuarastail le líon mór oibrithe leis na míonna anuas. Tá múinteoirí, mianadóirí, oibrithe iompair, saighdiúirí agus dochtúirí go háirithe buailte leis sin. Coinníonn siad féin beo trí glasraí a fhás agus trí chóras babhtála. Go deimhin tá cineál geilleagar tar éis teacht chun cinn i measc na mbocht atá cosúil le córais réamhchaipitlíocha a bhíodh ann fadó.

Bíonn an blas ar an gcaoi a ndéantar tuairisciú ar chúrsaí na Rúise go gcuirtear an milleán ar na Sóivéidigh as drochstaid na tíre. Tá an argóint sin ag éirí tanaí le himeacht aimsire. Is í fírinne an scéil go bhfuil teipthe ar an gcaipitealachas sa Rúis.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland