Top Issue 1-2024

7 January 1999 Edition

Resize: A A A Print

Daichead bliana ag fás

Daichead bliana ina dhiaidh bua na réabhlóide i gCúba, agus seacht mbliana agus tríocha tar eis do na Stait Aontaithe longbhac a chur ar an oileán i 1962, tá an tír, faoi cheannaireacht an Uachtaráin Fidel Castro, ag comóradh dhá scór bliana de shaoirse agus deireadh ré an deachtóra Batista ar an tAonú Lá Eanáir 1959. De réir le tuairiscí agus de réir dealraimh níl móran athrú ar mheon an réabhlóidí, Fidel, ón chéad lá a tháinig sé i dtír arís ar an bhád Granma, nó gur thosaigh sé agus ceithre scór comradaithe cogadh dhá bhliain a chríochnaigh i Santiago de Cuba, `Cliabhán na réabhlóide', le fógairt an ré nua Lá Coille 1959. An maidin sin, chruinnigh na sluaite taobh amuigh Hala na Cathrach Santiago de Cuba ag ceiliúradh teitheadh Batista agus an tseachtain seo chuaigh thart chruinnigh lucht tacaíochta na réabhlóide arís san áit céanna le heisteacht a thabhairt do chuimhní chinn agus a fhealsúnacht Fidel. Bhí na `barbudos' (nó lucht na bhfeasóga) daichead bliana níos sine ach bhí an teachtaireacht chomh láidir agus a bhí riamh: ``Soisialachas nó bás, Tír Dhúchais nó bás, Venceremos!'' a d'fhógair Fidel ag deireadh a óráide.

Ach tá athraithe ag teacht ar scéal Chúba. Níl aon dabht ná gur fhulaing an tOileán agus muintir Chúba ó smachtbhannaí SAM, ach go háirithe ó tháinig deireadh leis an APSS agus an tradáil báthúil idir an Aontas agus Cúba. Agus bolscaireacht an SAM ag cáineadh clár cearta daonna Cúba go trom, bhí an Roinn Stáit SAM féin ciontach as ionsaithe ar bhunstruchtúir saol agus sóchaí Chúba. Ní fios méid na fulangtha atá ann díreach mar gheall ar longbhac na SAM, longbhac a dhiultaíonn bia, solathair leighis, agus táisteal. Agus nuair a cuimhnítear ar ionruathar Bá na Muca, nó ar na hionsaithe agus iarrachtaí Fidel féin a fheallmharú le todóga pléasctha nó gléasanna bobghaiste eile, ní féidir móran creidiúna a thabhairt do bholscaireacht na SAM ina aghaidh.

De réir le Fidel, `Cuireadh deireadh le breis agus trí chéad caoga bliana de chóilíneachas, agus seasca bliana d'fhorlámhas nualiobrálach Poncanach' ar an 1ú Eanáir 1959 nuair a bunaíodh an stat réabhlóideach. Ar ndóigh, in aon chath in aghaidh réimeas caipitligh tá daoine nach n-aontaíonn le léargas Castro agus tá comhphobal Cúbach in eisimirce i bhFlorida atá ag iarraidh deireadh a chur le réimeas Fidel i gcónaí.Ní dhéanann riarachán Clinton ach an oiread aon rún de ná go bhfuil sé de chuspóir aige críoch a chur le rialtas Castro.

Fiú nuair a d'fhuascail Clinton gnéithe den longbhac an tseachtain seo dhiúltaigh sé léirmheas iomlán polasaí a chur i bhfeidhm, ag rá go bhfuil sé ag iarraidh, tríd na smachtanna `muintir Chúba a chuidiú gan an Rialtas Cúbach a neartú'. Ach b'é sin ceann des na nithe a luaigh an tUachtarán Castro féin ina óráid ag comóradh daichead bliana den réabhlóid nuair a mhol sé muintir an oileáin as a seasamh in aghaidh na smachtbhannaí thar na blianta.

Ó thug an Pápa cuairt ar Chúba anúraidh bhíothas ag súil go mbeadh scaoileadh ar an longbhac agus beidh díoma ar go leor leor daoine nár ghlac leis an réimeas Clinton leis a deis deireadh a chur le smachtbhannaí ag an am seo.

Agus cé go ndéanann na meáin san iarthar móran den `fhreasúra' inmheánach i gCúba do pholasaithe Fidel níl aon amhras ná go bhfuil furmhór na tíre brodúil agus sásta le hoideachas agus cúram sláinte saor in aisce. Dar le réabhlóidí Cúba, ba thréise fós a bheadh buntáistí na réabhlóide ach smachtbhanna, agus leigear SAM ag tachtú an oileáin. Ach, dar leo, tá taithí acu anois tar éis daichead bliana: b'fhusa i bhfad an chéad dhá scór bliana eile.

Fáilte go hEoralainn, ``tír'' an leath-DM!


Bás an airgeadra Éireannaigh


Oíche Chinnbhliana cuireadh deireadh le hairgeadra neamhspleách an stáit Éireannaigh. Níl sa nóta £5 Éireannach feasta ach ``airgead muiníne'' nó éarlais ar E6.35. Le bás an airgeadra Éireannaigh baintear go mór de shubstaint neamhspleáchas an stáit.

Feasta beidh i bhfad níos mó cumhachta orainn ag gobharnóir neamhthofa an Bhanc Ceannais Eorpaigh ná mar a bheas ag aon duine a thogh muintir na hÉireann (nó muintir bhallstát ar bith eile). Feidhmeoidh an banc ceannais sin in Frankfurt de réir critéar a bheas bunaithe ar leas lucht rachmais seachas leas an phobail i gcoitinne.

Ar bhealach, is é atá tar éis tarlú gurb é an deutschmark (nó an leath-DM) faoi ainm an eora atá leathnaithe ar fud ``na hEorlainne.'' Le fada tá aicme thiarnais na Gearmáine ag dréim leis an ré nua seo agus an t-easnamh i gcomhardú na n-íocaíochtaí curtha ar ceal i gcás deich mballstát eile an Aontas Airgeadaíochta Eorpach (AAE). Tá na hollchuideachtaí déantúsaíochta agus airgeadais go mór ar son an phróisis seo agus á thiomáint chun cinn.

Scriosfaidh an leagan amach nua fostaíocht agus seirbhísí sóisialta i mórán gach tír chomhpháirteach. Sular seoladh é bhí ráta dífhostaíochta 10.8% i gceantar an eora. Cuirfear iallach ar gach ballstát cloí go daingean le critéir chaiteachais a chinnteoidh ciorruithe maidir le cruthú fostaíochta, sláinte, seirbhísí leasa sóisialta, cúrsaí oideachais agus córais iompair phoiblí. Beidh sé sin tubaisteach sna tíortha agus sna ceantair is boichte ach go háirithe.

Ní cuspóir é don AAE fostaíocht a chruthú agus ní cloch ar phaidrín an Bhanc Ceannais Eorpaigh í an dífhostaíocht. Ní gnó dóibh í a chur san áireamh. Go deimhin tá sé deacair a fheiceáil cén chaoi is féidir an ráta boilscithe a choinneáil mar atá (0.9%) gan líon na n-oibrithe fostaithe a laghdú.

Buailfear muide go háirithe leis an smacht a bheas ag Frankfurt ar an ráta úis, ráta aonair don 11 ballstáit. Tá an ráta a socraíodh an mhí seo caite ceaptha in oiriúint don Ghearmáin ach tá sé ag déanamh an diabhail in Éirinn, ag cur praghsanna tithe agus sóchmhainní in airde. Glan a mhalairt a theastaíonn ón gheilleagar Éireannach. Níl rialtas na Gearmáine á cheilt ar aon duine go dteastaíonn uathu go mbeadh comhrátaí cánach ar fud an AAE (agus, ar ball, ar fud AE). Laghdódh a leithéid de bheartas an fhostaíocht in Éirinn.

Is céim i dtreo ``Stáit Aontaithe na hEorpa'' seoladh an eora. An chéad chéim eile a bheas ann ná comhordú ar fhórsaí míleata agus comhbheartas cogaíochta. Sin an chéad chath eile atá le troid ag daonlathaithe agus frithimpiriúlaithe ar fud AE agus ní mór dúinn a bheith réidh dó. Tá cumhacht nua impiriúil tagtha ar an saol agus muide, Éireannaigh, slogtha isteach ann. Níl aon dul as againn ach líonraí freasúra a chruthú trasna limistéar an déanaimh nua agus a bheith páirteach iontu, líonraí de cheardchumannaithe, d'eagraíochtaí polaitiúla forásacha, de lucht cearta sibhialta agus de ghluaiseachtaí síochána.

Ar ndóigh, b'fhéidir go dteipfeadh ar an AAE - nó go n-éireodh cosmhuintir na mballstát amach ina choinne. Faoi mar a dúirt an Dr Antóin O Cochláin taobh amuigh de Bhanc Ceannais na hÉireann Lá Coille (nuair a chuaigh 60 duine ar phicéad mar agóid in aghaidh bhású an phuint Éireannaigh): ``we've seen the break-up of monetary unions that were also political unions and fiscal unions, such as the USSR, Czechoslovakia and Yugoslavia. They had far more democracy in some senses than the European Union has.''

Ach cuireann teacht an eora práinn le hathaontú na tíre nó, ar a laghad, le limistéar airgeadra aonair a dhéanamh den oileán uile. Ba le leas an gheilleagair thuaidh theas é sin. Ach ná bíodh aon amhras faoi, ní bheidh aon ghlacadh feasta leis an bpunt steirling mar airgeadra ar fud na hÉireann. Tá an ré sin thart. Mar a dúirt mé cheana ní bhíonn an pholaitíocht simplí.

Colm de Faoite  

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland