Top Issue 1-2024

5 November 1998 Edition

Resize: A A A Print

Gineann caipitleachas ré rosaigh - arís!

Nuair a thosaigh an t-aothú airgid in oirthear na hAise an tráth seo anuraidh mheas go leor tráchtairí nach raibh ann ach deacracht réigiúnach. Níl aon duine den tuairim sin anois. Tá geilleagar an-chuid tíortha curtha as riocht agus tá an córas idirnáisiúnta caipitlíoch faoi strus. Tá an táirgíocht maolaithe go mór ar fud cheantar an Aigéin Chiúin. Féach mar atá an tSeapáin buailte agus is í sin an dara geilleagar is mó ar domhan.

De réir mar a creathadh an Téalainn, an Indinéis, an Mhalaeisia, an Chóiré Theas, Singeapór agus na hOileáin Fhilipíneacha anuraidh tharraing siad an tSeapáin anuas leo ó thug na Seapánaigh $124,000 milliún d'iasachtaí dóibh i 1997. Theip ar chuideachta i ndiaidh cuideachta sa tSeapáin agus faoin tráth seo tá tionscal an árachais bancbhriste ó ba leo leath de chuideachtaí poiblíluaite na tíre agus ó bhí $170,000 milliún ar iasacht uathu do na bainc. Ar ndóigh tá fadhbanna níos mó ná sin ag na bainc féin mar tá fianaise tagtha chun solais go raibh seacht gcinn acu gafa le coiriúlacht.

Leanann an ghéarchéim. Tá 20 milliún oibrithe dífhostaithe san Indinéis. Tá lámh láidir in úsáid in aghaidh oibrithe sa Chóiré Theas ó tá siad ag cur in éadan ciorruithe agus olliomarcaíochta. Bualadh buillí móra in aghaidh gheilleagar Hong Cong cé go bhfuil an tSín ag seasamh an fóid go maith go dtí seo. Is mór an chosaint í go bhfuil an chuid is suntasaí de gheilleagar na tíre taobh amuigh den chóras caipitlíoch.

Tá an meathlú Aiseach agus an titim thubaisteach i bpraghsanna ola tar éis an Rúis a scrios. Is beag tír a bhfuil níos lú smachta ag an rialtas inti ar an ngeilleagar. Go deimhin tá earnála móra den saol geilleagarach faoi smacht gaingstirí ar dhul Capone (seachas baincéirí ar cineál eile gainstirí iad). Theip ar na IMF an rúbal a tharrtháil agus le míonna tá na milliúin oibrithe fágtha gan tuarastal.

O bhuail an meathlú an Afraic Theas tá an rand ag titim go leanúnach agus tá 30% d'oibrithe na tíre dífhostaithe. Tá Veiniséala, Meicsiceo agus an Bhrasaíl buailte le hísealphraghsanna na hola, treoracha dochta an IMF agus an Bhainc Dhomhanda agus le haisíoc fiach.

Déanann tráchtairí eacnamaíochta talamh slán de go bhfuil meathlú domhanda ar an mbealach. Cheana féin tá an séideán gaoithe le brath i Meiriceá agus san Aontas Eorpach. Is í an Bhreatain an geilleagar is mó atá buailte in iarthar na hEorpa. Cúiseanna structúrtha, oidhreacht an Thatcherachais agus síléag na mBlárach is cúis leis sin. Tá na cosa bainte den déantúsaíocht i Sasana agus tá cartadh agus cáibleáil faighte ag oibrithe sna ceantair tionsclaíocha, go háirithe i dtuaisceart Shasana agus in Albain.

Agus an t-aothú seo faoi sheol níl na hinstitiúidí idirnáisiúnta in ann teacht ar aghaidh le réiteach ar chodarsnacht bhunúsach sa chaipitleachas comhaimseartha. Is í sin an choimhlint idir domhandú an gheilleagair agus a mhéad is atá an caipitleachas ag brath ar náisiúnstáit shocra.

Tar éis teip Chomhaontú Bretton-Woods i 1971-73 agus go háirithe tar éis géarchéim 1974-75 cuireadh dlús le treochtaí áirithe: rátaí malairte comhlúthacha idir airgeadraí náisiúnta, dírialú ar shreabhadh caipitil agus liobrálú ar thrádáil idirnáisiúnta. Chruthaigh sé sin ainriail a thug fadhbanna lena cois ar fud an domhain. Is léir sin anois fiú i lárchiorcail an chaipitleachais.

De réir Human Development Report 1997 a d'fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe tamall ó shin bíonn teacht isteach níos lú ná $1 in aghaidh an lae ag 1,000 milliún daoine ar domhan. Ní bhíonn beatha ceart le hithe ag 800 milliún daoine. Ní bhíonn teacht ag 1,000 milliún díobh ar fhíoruisce. Bíonn 800 milliún gan chóir leighis ar bith agus níl léamh ná scríobh ag 840 milliún. Agus is amhlaidh nuair atá níos mó maoine ar domhan ná mar a bhí riamh.

Nach bhfuil an caipitleachas tar éis dramhaltach ceart a dhéanamh den domhan!

Colm de Faoite


Are you still beating your wife?



Nuair a d'fhoilsigh nuachtáin raflaí, an deireadh seachtaine seo chuaigh thart, faoi shaol príobháideach Bertie Aherne, briseadh coinbhinsiún tábhachtach in Éireann nach scaoileann an meánchumarsáide rúin bhaile ár bpolaiteoirí - nó daoine mór le rá eile - na tíre seo. Ar ndóigh, is iomaí rafla a scaiptear faoi pholaiteoirí agus is minic fíor iad. Ní de thaisme a cumadh an nath cainte nach mbíonn deatach gan tine ach is minice fós go scaiptear raflaí gan bunus ar bith. Uaireanta, scaipeann naimhde an pholaiteora an rafla lena chlú a mhilleadh, uaireanta eile éiríonn an chúlchaint mar gheall ar suíomh tí sprioc na raflaí. Ach ag deireadh an lae tá an éifeacht céanna ann. Má's fíor an rafla níl meas againn ar an géillsineach, agus fiú mura bhfuil cruthúnas ann, níl muinín againn ann cibé scéal.

Mí ó shin, ghnothaigh Liam Neeson breis agus £50 000 nuair a scaip nuachtán Sasannach breag go raibh an t-aisteoir agus a chéile ar tí scaradh as a chéile. Taobh istigh de sheachtain bhí an cás clúmhillte reitithe agus an tsuim mhór airgid íoctha, ach ná bí ag fanacht ar a leithéid de chás clúmhillte ó Bertie. I mbealach, tá Bertie féin freagrach as foilsiú na raflaí agus, tríd an gníomh sin, tá gach sean ann nach mbeidh príobháideachas ag aon pholaiteoir, aisteoir, nó celebrity eile in Éirinn feasta.

Níl an taithí céanna againn anseo in Éirinn, ar ndóigh, den tsaghas fiosracht agus spiadóireacht agus béadán a gcuirtear iriseoireacht air i Sasain. Tá daoine a dearfadh gur trua é sin, nó go mbeadh polaiteoirí i bhfad níos macanta againn dá mbeadh a fhios acu go raibh iriseoir chun a scéal-san a iniúchadh go géar. Ar an lámh eile, níl aon chruthúnas den teoiric seo, nó níl aon tír níos `oscailte' ná na stait aontaithe agus níl aon aos iriseoireachta níos fiosraí ná Preas Buí Shasana ach go fóill féin bíonn `scannail' agus `eachtraí' i saolta polaiteoirí gach chuile seachtain.

Ba cheart, chomh maith, an t-idirdhealú a dhéanamh idir scannal agus nochtú, nó le cupla blianta anuas bíonn an spéis ag an Phreas thall polaiteoirí homaighnéasacha a phoibliú. Éiríonn cuid den fheachtas seo ó homaghráin ach tagann gné de, chomh maith, ón phobal homaighnéasach féin, mar beart polaitiúil an homaighnéasachas a thabhairt isteach go lár an tsaoil phoiblí. Is cuma faoi saol príobháideach an teaghlaigh, is measa fós an homaphoibliú seo, nó cothaíonn sé homaghráin i measc an phobail i gcoitinne leis an tuiscint ann gur rud é an homaighnéasachas gur chóir a phoibliú. `Sin é go díreach a dhíol nuachtáin i Sasana an tseachtain seo chaite le raflaí faoi Ron Davies agus `líomhaintí' faoi Peter Mandleson.

In Éirinn, bhí muid i gcónaí níos cliste ná sin. Níor scríobhadh faoi gnéasachas einne, mura raibh siad `poiblithe' cheanna féin, agus i gcasanna adhaltranas, gaoltais taobh amuigh den teaghlach, scaradh agus mar sin de, níor tuairiscíodh tada faoi. Bhí íomha an teaghlaigh aontaithe le cosaint agus murarbh fhéidir le polaiteoirí áirithe an íomha sin a chomhlíonadh déanfaí neamhaird de sa mheánchumarsaide. Ach an mbeidh an scéal amhlaidh feasta?

Le tamaill beag anuas bhí Bertie Aherne ag éirí buartha faoi raflaí i dtaobh a shaoil phéarsanta agus an gaoltas lena iarbheanchéile agus a ghaoltas lena chéile nua. Fiú murar chuala tú na raflaí sin cheanna, tá siad agat anois. Bhí tagairtí ar fhoiréigean, agus ar Ordú Cúirte ag cur stop ar óna iarchéile a fheiceáil agus ceaptar anois gur chreid Aherne gurbh é an chosaint b'fhearr ná an t-ionsaí.

Ar feadh na blianta bhíodh polaiteoirí i gcónaí ag fanacht go faitíosach ag comhdháil phreasa ar an cheist is measa riamh, an cheist nach bhfuil aon fhreagra `cheart' dó... are you still beating your wife? Ach b'í sin an cheist go raibh uaidh, mar Bertie, ionas gur féidir leis deireadh a chur, go deo, leis na raflaí ina choinne féin.

Ach, ionas gur féidir leis a chlú-san agus a ainm-sean a chosaint, bhain sé an phlocóid den bhuidéal agus níobh fhéidir í a chur ar ais. Tá a chlú sábháilte toisc gur fhreagair sé an cheist. Tá clú gach polaiteoir eile le rud a cheilt i mbaol dá bhrí.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland