Top Issue 1-2024

17 September 1998 Edition

Resize: A A A Print

Oideas Fial

Ina dhiaidh don Chomhphobal Eorpaigh an solas glas a thabhairt do dhíolacháin an druga Viagra ar fud na hEorpa an tseachtain seo tá an rialtas anseo ag machnamh an gcuirfí nó nach gcuirfí an mearbhalldruga, druga ní mór a chuimhniú atá déanta in Éirinn, ar fáil tríd an córas Séirbhís Leighis Ginearalta.

Tá argóintí in aghaidh agus i bhfábhar an druga seo: tá an chomhlacht féin, Pfizer, ag iarraidh cruthú nach `druga dearaitheora' atá ann, agus nach bhfuil aon taobh `sóisialta' de do dhaoine nach bhfuil gá acu cheanna don druga cibé scéal. Ní bheidh aon buntáiste do dhaoine an druga a ghabháil; leoga, beidh éifeachtaí taobhacha mífháilteacha ag baint leis. Ina measc siúd beidh comharthaí sofheicthe, cosúil le deargadh gnúis, tinneas cinn, srón pluctha, agus fís `ghorm'. Agus ní chuirfidh Viagra le dúil ghnéasach. Ní oibríonn sé, de réir na ndéantóirí, ach ar fhir a fhulaingíonn éagumas collaí.

Ar ndóigh, nuair a thagann druga mar seo ar an mhargadh bíonn go leor magadh agus grinn faoi. Cheanna féin tá daoine ag caint faoin `Pfizer Riser', agus luaigh nuachtán amháin an tseachtain seo chuaigh thart go bhfuair 69 duine bás de thaom croí ina dhiaidh oíche le Viagra. 69, go deimhin.

Agus ansin tá frithghiniúint nua na nGaeltachtaí: viagra na heagla...

Ach tá taobh dairíre den scéal seo chomh maith. Tá go leor leor fear ar leathchumas gnéis a ghnothóidh leigheas agus cabhair as aimsiú an druga agus gach rath orthu agus ar a gcéilí. Ach nuair a thagann an domhan eolaíochta ar réiteach faidhbe, an cuí nó ceart go mbeadh an reiteach ina chúis magaidh agus grinn don tsóchaí? Nach gciallann sé go bhfuil fadhbanna níos doimhne sa tsochaí a chothaíonn an meon sin, agus a tarraingíonn scigmhagadh uair ar bith a ndéantar trácht ar cheist gnéis nó cumas collaí?

Ar ndóigh níor chóir go mbeadh aon chall ag druga nua `soghlactha' mar Viagra bheith mar carte blanche do dhrugaí eile. Bhí an-cheart ag an chomhlacht, Pfizer, a seacht ndícheall a dhéanamh an tseachtain seo droim láimhe a thabhairt d'iarrachtaí íomha `caitheamh aimsire' nó `spraoiúl' a cheangail leis. Dá nglacfaí leis an tuairim sin, bheadh na hargóintí i bhfábhar drugaí eile - idir caitheamh aimsire, spoirt, nó andúilíocha - á dtreisiú.

I láthair na huaire, tá an díospóireacht i mbarr réime faoi chostas an druga. Meastar go gcuirfeadh sé £20 milliúin in aghaidh na bliana le costas na séirbhíse agus mar gheall ar sin, tá drogall ar Brian Cowen Viagra a shólathar saor in aisce. Ach ag timpeall £9 an piolla, is beag duine a bheadh in inmhe cúrsa Viagra a cheannacht dó féin. Mura bhfuil Viagra ar fáil ar oideas, fagfar na bocht níos boichte: agus beidh gné úr ar scoilt an aicmeachais. Níor chóir go mbeadh cumas gnéis an fhir mar deighilt aicme nua ár sóchaí, nó mar eiseamláir luach agus maoin an duine. Caithfimid éirí níos airde ná leibheal an ghrinn agus amharc ar dhrugaí amhail an druga seo mar leigheas pearsanta, chan mar módh chun daoine le hairgead a chumhachtú agus daoine gan maoin a fhagáil gan cumhacht. Ba chóir, de bhrí sin, nach gcuirfí an cheist seo, Viagra a chur ar fáil ar oideas, ar an mhéar fhada. Níor chóir go ligfí do ghreann, náire nó iarsma an mheoin neamhliobrálach aicmeachas collaí a dhaingniú amach anseo. Sa chás seo, `sí an t-oideas is daonlathaí ná oideas fial.


Fuil ar lámha ár nGiolla Mear



Cuireadh iallach ar Richard Nixon éirí as oifig i ngeall ar na hiarrachtaí a rinne sé fiosrú Watergate a chur ó mhaith. Níor chuir sé as do bhunaíocht na Stát ná, tríd is tríd, do na meáin sa tír sin gur ordaigh sé ollbhuamáil ar an gCambóid. An tseachtain seo feicimid brú den chineál céanna á chur ar Bill Clinton. Táthar ag iarraidh é a chúisiú as iompar nach dtiocfadh idir daoine taobh amuigh de Washington 4 agus codladh na hoíche, shílfeá. Go deimhin is mó spéis atá ag tromlach na bPoncánach sna torthaí ón gcluiche corr Meiriceánach [baseball] ná i rachtanna Kenneth Starr.

De réir tuarascáil a d'fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe an tseachtain seo caite tá an bhochtaineacht níos measa sna Stáit Aontaithe ná in aon tír eile san Iarthar. Ní hé sin atá faoi chaibidil de ló agus istoíche ar scáileáin theilifíse ná le léamh ar cheannlínte na nuachtán Meiriceánacha. Agus ní hé sin atá á phlé ar chóisirí dinnéir cois Potomac ach Bill agus Monica agus a gcuid pléaráca. Níl ceist dá laghad ann maidir leis an gCliontúnach a chúisiú i mbuamáil choiriúil na hAfganastáine agus na Súdáine.

Ag tagairt dó don bhuamáil sin dúirt an Vigo Examiner (iris Mheiriceánach nach féidir liobrálachas a chaitheamh leis go hiondúil): ``the rest of the world can no longer assume that we can be trusted with weapons of mass destruction. If they see us as a bull in a china shop, with an impulsive, sociopathic finger on a nuclear trigger, throwing our weight around without regard for anyone else, they may have no choice but to trust us accordingly.''

Cúpla lá tar éis buamáil mhonarcha al-Shifa in Khartoum dúirt stiúrthóir The Sudan Foundation i Londain, Seán Gabb: ``Whatever apology or lack of apology there will be - whatever nonsense the controlled mainstream media of America may continue to spray at its audience - one thing is clear. President Clinton's authority ended on the day he orderd the bombing of al-Shifa.''

Quem Jupiter vult perdere, dementat prius - nuair is mian le Lugh duine a scrios, cuireann sé as a mheabhair i dtosach é. Rithfeadh sé le duine go raibh claonadh chun féinscriosta in Bill Clinton. Is tragóid é go fírinneach gur truaillíodh é go dtí an pointe go raibh sé sásta go spraefí scrios agus bás ón aer díreach le go mbrúifí tuairiscí ar éisteacht fhiosrú Starr as na ceannlínte ar lá ar leith.

Ní hé go raibh fiosrú Starr, ná a chur chuige, sláintiúil. Ní raibh ná baol air agus ní chuirfí suas lena leithéid ach i dtír phiúratánach Bhéarla. An eite dheis, go deimhin an tsárdheis, a chuir próisias Starr chun cinn le bata agus bóthar a thabhairt d'uachtarán liobrálach. Shiúil Clinton isteach i ngaiste nuair a d'inis sé bréaga nár chreid aon duine. Is bocht an bréagadóir é! Bhí sé thar a bheith suarach dá lucht leanúna an scéal a chur timpeall go raibh Monica Lewinsky i mbun fantasaíochta.

Ní gnó dúinn é pé spraoi neamhchaighdeánach a bhí ag an mbeirt acu san Oifig Ubhchruthach. Ach thug uachtarán na Stát cúl le moráltacht ar fad ar fad nuair a chuaigh sé chomh fada le bású daoine i dtíortha i bhfad i gcéin toisc go raibh sé i sáinn. Eisean a shil deora agus é san Omaigh! Eisean a bhí inár gcomhghuaillí nach mór sa phróisias síochána in Éirinn, an t-aon uachtarán ar na Stáit riamh a thug éisteacht chuí do chás na hÉireann. Tá fuil ar lámha ár nGiolla Mear.

Bheadh folúntaisí in uachtaránachtaí agus príomhaireachtaí ar fud an domhain dá mbrisfí ceannairí as oifig as ilchaidreamhacht sa chollaíocht, mí-ord gnéis, caitheamh cócaoin, insint bréag nó tathaint ar dhaoine fianaise bhréagach a thabhairt. Rud eile ar fad ceannaire na bhfórsaí armtha is treise ar domhan a bheith ag iompú ina shóiseapatach.

Rithfidh sé le comhairleoirí an Come-back Kid gur féidir leis é féin a shábháil fós ach cuma ``uachtaránúil'' a chur air féin arís agus leanacht le Cogadh Ghúna Mhonica. Cá dtitfidh an chéad rois pléascán eile, más ea? San Iaráic? Libia? An Afganastáin? An Chóiré Thuaidh? An tSeirbia?. Cé eile a íocfas na fiacha fola?

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland