Top Issue 1-2024

6 August 1998 Edition

Resize: A A A Print

Doras an doichill roimh shaoránaigh nua

Bhain sé mo náire dhearg asam an chaint a rinne fear as Bairéin liom an lá faoi dheireadh. Tháinig an duine seo (ar de bhunadh Iaránach é ó thús) go hÉirinn sna 1970í agus chuir sé faoi anseo. Phós sé Éireannach. Tá clann Éireannach air. Taitníonn Éire agus Éireannaigh leis. Ach le blianta beaga anuas braitheann sé go bhfuil aga na fáilte caite aige anseo. ``Sna seachtóidí, sna hochtóidí agus sna luathnóchaidí,'' ar sé, ``bhí Éire fáilteach romham ach le tamall de bhlianta anois caitear liom mar choimhthíoch.''

Díol spéise é an t-athrach tobann seo chun ciníochais in Éirinn. Nó, an raibh sé chomh tobann sin? Bhí sé de smál i gcónaí ar chultúr na hÉireann an chaoi ghránna a gcaití leis an bpobal taistil. Níl ach coiscéim bhídeach ón eitníochas nó ciníochas inmheánach sin go seineafóibe gan srian.

Níor lúide mo náire an tuairisc úd ó mo chara Bairéineach-Iaránach-Éireannach gur tharla an comhrá eadrainn taobh le huaigh Wolfe Tone i mBaile Uí Bhuadháin. Thug Tone cúl le haon tuiscint ar náisiúnacht a bheadh bunaithe ar chiníochas. Ba é cuspóir na nÉireannach Aontaithe sochaí shibhialta a chur i réim a bheadh glan ar sheicteachas, ar chiníochas, ar eitníochas. De réir an chur chuige phoblachtaigh sin tá sé de bhuncheart sibhialta ag gach Éireannach beag beann ar a chúlra a bheith ina shaoránach ar aon dul le gach saoránach eile.

Luaitear an mana ``saoirse, cothromas agus bráithreachas'' le Réabhlóid na Fraince (cé nach raibh an mana sin i mbéal an phobail go fírinneach go dtí 1848). Ní féidir aon cheann den trí thréith sin a lua le tír a chuireann suas le ciníochas.

Tuairiscíodh tamall ó shin in An Phoblacht mar a chaith comhaltaí den Gharda Síochána i mbearaic Bhóthar Grianréime, Baile Atha Cliath, le Belmondo Wantete, teifeach as an gCongó. Tugadh drochíde dó. Deir sé: ``They [na gardaí] were screaming like monkeys and they told me to imitate a monkey.'' ``We're going to finish off all the niggers here,'' a dúirt siad. Más mar sin a iompraíonn gardaí iad féin cá hiontas é go mbíonn dailtíní sráide de shíor ag ionsaí daoine a bhfuil an chuma orthu gur inimircigh iad.

Eascraíonn an formad seo in aghaidh daoine gorma (daoine a bhfuil craiceann dubh, donn nó buí orthu) ón giníochas pobalda atá forleathan i gceantar Bhaile Atha Cliath ach go háirithe. Cothaíonn polaiteoirí an ciníochas sin le teann tapadóireachta.

Bhí alt ann an mhí seo caite leis an gComhairleoir Ruairí McGinley (Fine Gael) sa saornuachtán The Local News (a dhéanann freastal ar Bhaile Atha Cliath 6, 8, 10 agus 12) faoi chúrsaí tithíochta. Tharraing Mac Fhionnlaoich isteach an ``cárta inimirceach'': ``The influx of asylum seekers also has significant implications for housing in Dublin. At present Asylum Seekers [leis siúd na ceannlitreacha] do not qualify for permanent local authority housing but if they are given refugee status they will qualify to go on to the housing list. The increase in the cost of temporary accommodation from £410k in 1996 to £4.5m in 1997 gives some indication of the impact of the increase in numbers seeking asylum.''

Seo sampla maith d'aicmiú an inimirceora mar ``fhadhb.'' Is é an cineál seo ráiméise a chothaíonn na miotais faoi inimirce. Fear lách é Ruairí McGinley nach seasfadh le foghanna faoi dhaoine gorma ach bíonn na foghanna céanna ina dtoradh ar bhaothchaint a dhéanann ceap milleáin d'inimirceoirí as gach cineál faidhbe.

Colm de Faoite


Díolam amhrán 1798 ó Choiste Chomórtha BÁC



The Ballads, Poems and the Lyrical Legacy of 1798
The Dublin 1798 Committee

Ag scríobh ag tús na bliana seo, chomhairligh mé do leitheoirí An Phoblacht gur chóir bheith ullamh don `1798 coffee morning'. Ag an am sin, bhí go leor imeachtaí á n-eagrú a raibh cúspóir leo an meon réabhlóideach a scrios as comórthaí `98, agus miotas neamh-mhileata, sábháilte a thabhairt isteach ina áit. Athscríobh na staire atá i gceist agus bhí an baol ann, dar liom, go ndéanfaí beag de thaobh amháin polasaithe na nÉireannach Aontaithe agus mór as ghné eile dá gclár oibre. Tá, leoga, an rud céanna ag tosú anois agus an stat ag iarraidh smacht a choinneáill ar comórthaí 1848. Smaoin faoi Bertie ag eitilt ó Rásaí na Gaillimhe an tseachtain seo chuaigh thart i heileacaptar go dtí The War House, teachín na Baintrí Mhic Chormaic. Dá léifeadh turasóir leagan nua-oifigiúil an scéil, cheapadh sé gur thosaigh agus gur chríochnaigh Réabhlóid na nÉireannach Óg ar aon lá amháin. Ach bhí níos mó tábhacht ná sin ag baint leis an tréimhse, agus ar ndóigh d'aithin an Piarsach an mhéad sin nuair a chomhairigh sé 1848 i measc an `sé uair le 300 bliain a d'éirigh muintir na hÉireann amach in aghaidh riail Shasana'.

Ach má bhí contúirt ann go ndéanfaí ceap magaidh de chuimhne 1798 nó 1848, nach maith an rud go raibh daoine neamhspleácha ann a rinne iarracht stair neamhchlaonta a sholáthar den tréimhse. I gcomórthaí éagsúla ar fud na tíre, Loch Garmain ach go háirithe, níor lig oidhrigh na staire do lucht athscríobh na staire seilbh a ghabhail ar an chlár. Bhí, ar ndóigh, imeachtaí leamha ann, ach ar an lámh eile, tá samplaí ann de thaighde agus d'athfhoilsiú amhráin, dírbheathaisnéis agus athchló de chaipéisí stairiúla nach maslaíonn oidhreacht ghníomhaithe Éireann Aontaithe ná Éireann Óige agus a chuireann lenár stór eolais faoin tréimhse.

Fuair mé cóip de leabhrán `The Ballads, Poems and the Lyrical Legacy of 1798' cúpla seachtain ó shin, agus liricí de 43 amhrán `98 istigh ann. Leis an chuid is mó de na hamhráin seo, tá cúlrá, tá eolas faoi údair agus faoi ábhar an amhráin. Beireann sé léargas nua dúinn nuair a tá a fhios againn cé hiad na daoine a spreag amhráin nó dán á scríobh. Cé mhéad uair, mar shampla, a chan duine `Kelly the Boy from Killane' gan fhios aige cé hé an Kelly seo nó cén beart a chuir sé lena bhriathar? Nó b'fhéidir gur fiú dúinn fáil amach faoi daoine de na laochra neamhscríofa i stair na hÉireann, na daoine a bhailigh agus a d'fhoilsigh balladaí agus amhráin poblachtacha ag am nuair a nach raibh sé faiseanta, agus a leithéid de John Kells Ingram atá ina shampla maith de shaghas duine seo.

Tá botúin ann, áfach, agus b'fhiú eagarthóireacht nó profaíocht a dhéanamh air má tá eagráin eile den leabhrán le foilsiú. Tá an iomarca botúin chló, focail mhílitrithe agus poncaíocht leibideach ar fud an leabhair. Féach, mar shampla, i lár leathánaigh 48, nuair a déantar tagairt do dhunmharú John Turnley. Tá an t-údar ag déanamh pointe thar a bheith tábhachtach faoi daoine den chreidimh phrotastúnach a lean an bóthar poblachtach agus iad ag dul i bhfiontar a mbás. Ach sa téacs tá idir ainm Turnley mílitrithe, agus dáta a bháis cearr. Níl aon leithscéal do bhotúin mar seo agus baineann siad de thionchar leabhair nuair atá siad chomh soiléir.

Ach sin ráite tá leabhráin den chinéal seo ana-thábhachtach, is cinnte, i mbuanú ceachtanna stair na tíre seo. Le rofhada fagadh scríobh na staire do dhaoine nach raibh báúil, in aon chóir, d'ábhar stairiúil poblachtach agus tá moladh ag dul go Coiste BAC Chomóradh `98 as an bailiúchán seo, agus as na haltanna a thionlacann na hamhráin ann.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland