23 July 1998 Edition

Resize: A A A Print

Deachtóireacht na n-Infheisteoirí á réiteach

I ngan fhios don phobal mór tá seift á beartú ar mhaithe leis na tíortha móra tionsclaíocha a laghdóidh go mór ar chearta daonlathacha agus ar fhlaitheas na náisiúnstát ar fhud an domhain. Is é sin go díreach an toradh atá in intinn leis an gComhaontú Iltaobhach um Infheistíocht (Multilateral Agreement on Investment) nó CII atá faoi chaibidil ag tíortha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD). Tá an stát Éireannach páirteach sna comhchainteanna ag leibhéal státseirbhíseach cé go bhfuil ceardchumainn, lucht gnóthas beaga agus fiú Teachtaí Dála rialtais dall ar a bhfuil ag tarlú.

Is céim thábhachtach é an dréacht-chomhaontú seo (nó an Téacs Eadrána mar a dtugtar air sa bhéarlagair) i gcur chun cinn dhomhandú an gheilleagair arb é a chuspóir margadh aonair a dhéanamh den domhan uile. Is í is aidhm leis an gcomhaontú de réir an Téacs Eadrána is déanaí, ``to establish a broad multilateral framework for international investment with high standards for the liberalisation of investment regimes and investment protection.''

Cuireann an CII roimhe cosc a chur ar dhlíthe nó rialacháin náisiúnta a chuirfeadh srian ar infheistíocht iasachta nó a cheanglódh coinníollacha lena leithéid. Bhronnfaí cearta agus pribhléidí breise ar chuideachtaí agus institiúidí baincéireachta ilnáisúnta. Bheadh inaistritheacht iomlán ann gan srian gan teorainn maidir le caipiteal sna tíortha comhpháirteacha.

Tá an beartas seo dírithe go háirithe ar thíortha i mbéal forbartha. Níl na tíortha bochta páirteach sa chomhphlé ach a luaithe is a bheas an comhaontú i bhfeidhm cinnteofar tríd an Eagraíocht Thrádála Dhomhanda (WTO) agus an Ciste Airgeadaíochta Infheistíochta (IMF) go bhfágfar gan chúnamh nó infheistíocht tír ar bith nach ngéillfidh don CII.

Cúngófar go mór cumas dlíthiúil tíortha neamhspleácha i réimsí suntasacha polasaí - cuspóirí forbartha eacnamaíocha a leagan amach, coinníollacha a chur i bhfeidhm maidir le tuarastail agus toscaí san ionad oibre, saothrú acmhainní aiceanta a rialú, príobháidiú a sheachaint, forás a spreagadh ar úinéireacht shóisialta agus beartais ar son an chomhshaoil.

D'fhéadfaí freisin go gcoscfaí beartais náisiúnta le hearraí dúchasacha a chur chun cinn thar earraí iompórtáilte, iarrachtaí rialtais tabhairt ar fhiontair bunábhar na tíre a úsáid sa déantúsóireacht nó fiú feachtais in aghaidh barraí a bheadh modhnaithe go geinéiteach.

Daingneofar bochtáin an domhain ina lucht dúshaothair ag táirgeadh earraí do thomhaltóirí sna tíortha saibhre. Rachaidh an brabús ar na hearraí sin i gcónaí chuig rachmasóirí sna tíortha saibhre céanna. Is í an difríocht a dhéanfaidh an CII nach mbeadh rialtais in ann dada a dhéanamh faoi. Níos measa ná sin d'fhéadfadh go gciallódh an comhaontú go mbeadh sé mídhleathach cur in aghaidh chumhacht na dtrasnáisiúntach ar bhonn daonlathach.

Tar éis dhaingniú an CII bheadh trasnáisiúntach in ann caingean dlí a thionscnamh in aghaidh rialtais, eagraíochta nó duine aonair a sheasfadh sa mbealach air nó a mhaolódh an tairbhe a bheadh le baint as a infheistíocht. D'fhéadfadh cosc dlíthiúil a bheith ar agóidí in aghaidh lucht infheistíochta de réir na nAirteagal faoin gceannteideal ``Protection from strife'' (IV.3 sa Téacs Eadrána).

Baineann an CII go hiomlán leis an leagan amach nua domhanda atá á réiteach ó múchadh stáit shóisialacha tosaigh na hEorpa. Tugann sé léargas dúinn ar an gcineál impiriúlachais a bheas le troid sa 21ú haois agus spléachadh ar shochaí dhomhanda ina sáróidh an infheistíocht gach eitic eile níos mó ná riamh.

Titeann sé ar fhórsaí daonlathacha an domhain cur in aghaidh an chomhaontaithe seo. Ní mór gluaiseacht na gceardchumann go háirithe a mhúscailt tríd an iarracht seo ar neasdheachtóireacht a chur ar súile dóibh. I gcás na hÉireann de ní hamháin go bhfuil an Comhaontú Iltaobhach um Infheistíocht glan in aghaidh ár leasa náisiúnta féin ach i dtéarmaí polasaí gnóthaí eachtracha de ba cheart don tír seo cur ina choinne ar mhaithe le tíortha i bhfad níos boichte ná muid féin.

Colm de Faoite


On the One Road...


Don chéad uair le breis agus fiche bliain, d'fhoilsigh Rialtas na Breataine DreachtPhleán dá chóras bóithre agus iompair ag tús na seachtaine seo. Tá sé i gceist go n-íocfaidh tiománaithe, tré táillí motarbhealaí, táillí príomhbhóithre, táillí ar ghluaisteáin ag dul isteach go lár na gcathracha, agus fiú táillí ar phairceáil phríobháideach ar an láthair oibre. Cheana féin, tá criticí an phleáin ag cáineadh `nadúr frithghluaisteáin' an dreachtpholasaí agus ag ionsaí ar na gnéithe seo den phleán a sheol leasPhríomhaire na Breataine, John Prescott.

Tá go leor den phleán nach mbaineann le hÉirinn ar chor ar bith, ar ndóigh, ach tá cuid de a leagann síos patrúin do dhlínse Bhriotanach, agus de bhrí sin, do na Sé Chontae. Agus, ní gá domh a rá, an rud a bhaineas leis an Sé Chontae, baineann sé leis an tír ar fad.

I measc na ngnéithe is suntasaí den Dreacht - agus i measc na gcodanna nach sasaíonn tiománaithe - moltar bealaí le tachtú na gcathracha a fhuascailt. Beidh tuilleadh béim ar busanna, busanna a iompróidh tríúr nó ceathrar breis; bealaí `sábháilte' chuig agus ar ais óna scoileanna ionas nach mbeidh ar tuismitheoirí gluaisteáin a thiomaint lena bpáistí a thabhairt ar scoil; bealaí busanna a chur i bhfeidhm; agus bóithre níos fearr'.

Tá go leor ansin nár chóir a dhéanamh i ngach tír pé scéal, agus Éire ach go háirithe, ach tá daoine ann a deir go bhfuil sé ro-mhall céim ar aghaidh a thógáil in Éirinn, nó tá an gluaisteán ina threith lárnach anois do shaol ár linne in Éirinn.

Tá sé deacair a shéanadh gur deithe beaga iad na gluaisteáin in Éirinn. Deich mbliain ó shin bhíodh na boithre in Éirinn lán de sheanghluaisteáin, agus iad ag titim as a chéile, ach ó thosaigh an tiogar ceilteach ag drannadh tá airgead le caitheadh ag líon níos mó de dhaoine, agus níl aon rud níos siombalaí ná feiceálaí de shaibhreas an duine ná gluaisteán mór cumhachtach. Maireann tromlach muintir na hÉireann faoin tuath, fós, agus ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil gluaisteán - nó uaireanta gluaisteáin - ag ceatadan ard daoine in Éirinn. Chuidigh an scéim scriosta fáil reidh leis na seancharranna is measa, agus chuidigh na comhlachtaí díolta gluaisteáin chomh maith lena scéimeanna iasachta/ceannachta. I mbailte beaga agus sna cathracha móra mothaítear an t-athrú seo anois le bóithre agus sráideanna pluchtha chuile maidin agus gach trathnóna le imeacht agus teacht na bpáiste scoile agus na hoibritheoirí ar aon. Le pleán trachta agus gréasan bóithre a chruthú, caithfidh rialtas srian a chur le húsáid na ngluaisteáin agus le sin a dhéanamh ní mór rogha fiúntach a thabhairt isteach ionas nach mbeidh an tarraingt céanna ann chun feidhm a bhaint as an carr.

Tá dul chun chinn déanta in áiteanna. Moladh cathair na Gaillimhe go hard cupla bliana ó shin toisc an mhéad bóithríní rothaíochta a tógadh agus an córas `bothair cuaire' nó ring roads a leagadh síos. Níor mhair an moladh ro-fhada áfach, nó tá lucht na rothar ag rá anois nach bhfuil bealaí sábháilte ann dóibh dul trasna an bóthar ag na timpealláin. `Sin ráite, is léir go gcuideodh tuilleadh bóithríní rothaíochta leis an fhadhb a reiteach i gcathair mar Baile Atha Cliath mar shampla. Chomh maith le sin, caithfidh bóithríní saor do bhusanna a choinneáill saor, má tá córas poiblí eifeachtach le bheith ann.

Uaireanta, áfach, déanann iarracht le fadhb a reiteacht fadhb níos measa a chruthú. Leis na fadhbanna pairceála a isliú i lár na gcathracha, ceapadh go mbeadh sé ciallmhar níos mó cuan pairceála a sholathar. Anois, maiónn na Bardais áitiúla, lena comharha leictreonacha cé mhéad spás pairceála atá ar fáil ag aon nóimead den lá... ach is iad na cuain phairceála atá ag mealladh na gluaisteáin isteach, agus go dtí go mbeadh córas iontaofach bus, ag iompar daoine ón imeallchathair go dtí lár na cathrach, ní reiteofar an fhadhb.

Ar ndóigh le dreachtphleán trachta á chruthú don Sé Chontae anois, ní mór go mbeadh pleán trachta ann don tír ar fad. Mhol Mo Mowlam go mbeadh `ról ag an Tionól, ag déanamh macnaimh ar an dreachtpháipéar', nó `the paper would be of vital importance to the future social, economic and environmental well being of the region'. Ní ceist reigiúnda í, ach ceist náisiúnta agus ba chóir an `macnamh' sin a bhogadh ón Tionól féin, go dtí aireacht trasteorann. Nuige seo, b'é an t-aon `comhoibriú' ar bhóithre trasteorann ná ionaid seiceála, agus Arm na Breataine ag pléascadh na bóithre mícheadaithe, ní a scrios, beagnach, saol na gcéadta feirmeoirí fad an teorainn. Agus tá a fhios againn `dreachtphleán' an DUP, mar shampla, do bhóithre trasteorann: balla mór a thógáil agus ionaid mhóra a lonnú ar gach bóthar! Ach caithfear ceist na mbóithre a ghlacadh go dairire ar oileán chomh beag le hÉirinn, agus ní mór í a phlé mar cheist náisiúnta má tá forbairt nadúrtha don tír ar fad a tharlú. Agus ciallann sé sin go mbeadh go leor leor eile tugtha isteach sa phleán trachta, comharthaí cuithe ar na bóithre don tír ar fad, comharthaí dhátheangacha san aireamh.

Ní fiú pleán `reigiúnda' den tsort a moltar i bpleán Prescott, nó in aon pleán ar leith don Sé Chontae nach n-aithníonn gur cuid den tír ina iomlán iad na Sé Chontae. Ba chóir go mbeadh an córas bóithre leagtha síos anois, sa tréimhse aistrithe, don ré ina dhiaidh an aistrithe.

Má's bóthar carraigeach go Baile Atha Cliath a chuireann scanradh ar na hAontachtóirí, déanaimis bóthar reidh de.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland