New side advert

28 May 1998 Edition

Resize: A A A Print

Ceart agus éigean i bpóilíniú Dheisceart Domhain

Is í an deacracht is mó atá ag Mary Robinson agus í ag feidhmiú mar Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna go mbreathnaítear uirthi mar iarrthóir na Stát Aontaithe don phost. Is cinnte gur míbhuntáiste é do dhuine a bheith ina Bhéarlóir geal agus é ag seanmóireacht le tíortha na hAfraice nó na hAise faoi chearta daonna. Ní ceart ionadh a bheith ar an Roibíneach mná faoi sin ó is uirlis bholscaireachta agus pholasaí eachtrach an chnáimhseáil fhimínteach faoi shárú cearta daonna i ndeisceart domhain.

Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir an t-éileamh cóir ar chearta daonna (mar atá leagtha amach, mar shampla, san Fhorógra Domhanda um Chearta Daonna nó sna Choinbhinsin Idirnáisiúnta um Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúir) agus tapadóireacht na gcumhachtaí móra agus iad ag cur a ladar isteach i gcúrsaí tíortha eile.

Fimínteacht ghlan a bhíonn ansin ó sáraítear cearta daonna go laethúil sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin agus sa Fhrainc (agus is iad siúd is mó a bhíonn ag cnáimhseáil). Cheap beirt ollamh Ghearmánacha, Uwe-Jens Heuer (feisire parlaiminte de chuid an PDS) agus Gregor Schirmer, an téarma ``impiriúlachas cearta daonna'' i bpáipéar a foilsíodh le déanaí.

Is é atá i gceist acu an chaoi a mbaintear leas as cearta daonna mar ghléas le neamhspleáchas thíortha an tríú domhain a mhaolú. Ar ndóigh ní rud nua é seo. Baineadh leas ciniciúil as cearta daonna mar ghléas troda le linn an Chogaidh Fhuair. D'admhaigh Henry Kissinger é sin ina leabhar The Reason of Nations. Bhí cearta daonna mar nath cainte úsáideach i reitric Nixon, Ford agus Carter ach ba uirlis lárnach amach is amach iad in armlann Ronald Reagan.

On tráth sin i leith tháinig na Stáit Aontaithe agus ECAT/NATO i dtír ar shárú cearta daonna (nó líomhaintí ar a sárú) mar leithscéal le dul i mbun gníomhaíochta míleata. Chum snoídhochtúir éigin an nath ``humane intervention'' ar ócáid amháin. Is deacair daonnúlacht a shamhlú le teasargan míleata ach, pé ar bith, bíonn eachtraíocht mar sin ina shárú ar an dlí idirnáisiúnta (Airteagal 2.4 de Chairt na Náisiún Aontaithe).

Níor chualamar riamh faoi chumhachtaí an Iarthair ag dul i mbun gníomhaíochta míleata le cearta eacnamaíocha nó sóisialta a chosaint, agus ní chloisfidh. Arís agus arís eile meabhraítear dúinn faoi mar atá cearta sibhialta á séanadh san Iaráic - agus tá, ar an mórchóir - ach tá an ceart chun beatha, an ceart chun dea-shláinte agus an ceart chun caighdeán maireachtála sibhialta á séanadh ar na milliúin sa tír sin de dheasca na smachtbhannaí.

Is buncheart é ag duine slí bheatha a bheith aige. Séanann an caipitealachas an ceart sin ar dhaoine. Tá na sluaite gan áireamh tar éis bás a fháil sa Rúis le linn uachtaránacht Yeltsin de dheasca na n-iarrachtaí tuatacha an caipitealachas a athbhunú ansin. Fuair na daoine sin bás le hocras, le galair agus le héadóchas (mar is léir ón andúileacht fhorleathan drugaí agus alcóil). Ní aithnítear an bhrúidiúlacht sin go coitianta mar shárú ar chearta daonna.

Luann Heuer agus Schirmer eachtra nár poiblíodh i dtíortha an Bhéarla le linn na géarchéime san Albáin i Márta 1997. Chuaigh díorma de shaighdiúirí Gearmánacha isteach san Albáin le saoránaigh Ghearmánacha a thabhairt abhaile. Scaoil siad le daoine a bhí sa mbealach orthu. Faoi mar a tharla níor maraíodh aon duine.

Níor thug na Gearmánaigh réamhfhógra do rialtas na hAlbáine (gan trácht ar a gcead a lorg). Ní dheachaigh siad i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe fiú. Dúradh ag an am go mbeadh an cur chuige sin ina ghnáthchleachtas feasta. Tá an Bundeswehr (arm na Gearmáine) á oiliúint chuige sin. Ní thagann dlí, moráltacht nó daonlathas i gceist i leagan amach dá leithéid.

Deir an bheirt údar nach móide go bhfeicfear gníomhaíocht mhíleata ó na póilíní domhanda féincheaptha, in éadan Shasana in Éirinn, na Rúise in Chechnia nó na Síne sa Tibéid. Tríd is tríd is iad na tíortha a ionsófar amach anseo tíortha laga a bhíonn tréigthe ag a gcomhghuaillithe. `Sin an Leagan Amach Domhanda Nua.

Colm de Faoite


Abajo el bloqueo yanqui!



Níor chuir Fidel Castro fiacail ann an tseachtain seo caite agus é ag labhairt san Eilvéis. ``Cinedhíothú'' a thug sé ar chur chuige na Stát Aontaithe maidir le Cúba.

Seoladh an trádbhac Meiriceánach ar Chúba chomh luath le 1960 mar phionós ar dhíbirt Batista agus an Mhaifia. (Meábhraíodh dúinn le déanaí agus saolré Frank Sinatra á chomhóradh a ghaire agus a bhí an Maifia agus an Teach Bán dá chéile sna 1960í.)

Leathnaíodh an trádbhac go bia agus cógais leighis i 1962 agus cuireadh cosc ar chúnamh Meiriceánach do thír ar bith a bhí i mbun trádála le Cúba.

Ba thubaisteach an buille é do na Cúbánaigh turnamh Aontas na Sóivéide. Múchadh 85% de thrádáil eachtrach an oileáin. Bhí titim 50% ina Olltáirgeacht Intíre idir 1989 agus 1993. I dteannta leis sin bhí titim 75% ar allmhairí, rud a fhágann ganntanas i gcónaí ar artola, bia, páirteanna spártha, agricheimiceáin agus treallamh tionsclaíoch.

Tá an easpa breosla ar cheann de na gnéithe is measa den ``ré speisialta'' mar a thugann muintir Chúba ar an ghéarchéim. Níl an táirgeacht tionsclaíoch ach de réir 15% dá cumas. Is beag comhrá a bheadh ag duine le Cúbánach gan chloisteáil faoi na apagones, ciorruithe fuinnimh a fhágann daoine gan leictreachas ar feadh tréimhsí fada den lá.

Ní bheadh cúrsaí chomh holc sin marach an trádbhac. Thapaigh Washington an deis na Cúbánaigh a chur faoi luí na bíse i 1992 nuair a glacadh le hAcht Torricelli a chuir iallach ar fhochuideachtaí iasachta de ghnólachtaí Meiriceánacha a bheith páirteach sa trádbhac. Ansin i 1996 achtaíodh Dlí Helms-Burton a chuir olc ar Cheanada agus ar an Aontas Eorpach ach go háirithe agus a d'fhéach le daoine nár shaoránaigh Mheiriceánacha iad a chúisiú as trádáil le Cúba.

Mar sin féin tá níos mó agus níos mó de mhuintir na Stát Aontaithe ag cur in aghaidh an trádbhaic ar chúiseanna daonnachtúla agus eitice. I 1988 bhunaigh an tUrr. Lucius Walker Jr. Pastors for Peace le cúnamh a chur ar fáil do mhuintir Chúba agus tíortha eile. Ó shin i leith d'eagraigh siad siúd seacht gcarabhan a thug lastaí de bhia, cógais leighis agus treallamh míochaine go Cúba. Beidh an t-ochtú carabhan dá gcuid á thiomsú in Laredo, Texas, go luath agus rachaidh sé thar teorainn go Meicsiceo ar 20 Iúil ar a bhealach go Cúba.

Tá scata eaglaiseach ar fud na hEorpa ag tacú leis an iarracht agus beidh toscaireacht uathu ag casadh leis an gcarabhan i Meicsiceo le dul ar aghaidh go Havana ar 23 Iúil. Is iad na hurruithe Éireannacha an Déan Victor Griffin, an tUrr. Terence McCaughey, an tSr. Stanislaus Kennedy, an tSr. Brighid Reynolds agus na sagairt Austin Flannery, Seán Healy, Brendan Forde, Peter McVerry agus Michael O'Sullivan.

Ar na hÉireannaigh a bheas ag casadh leis an gcarabhan agus ag dul ar aghaidh go Cúba leis beidh Bernie Dwyer, ball den choiste comhordaithe Eorpach agus Michael O'Riordan. Is é an Ríordánach atá roghnaithe le labhairt thar ceann na nEorpach nuair a fháilteoidh Fidel Castro rompu. Beidh sé ag tabhairt aitheasc trítheangach uaidh, idir Ghaeilge, Bhéarla agus Spáinnis. (Dealraíonn sé nach mbeadh óráid níos gaire sásúil de réir ghnás na gCúbánach!)

Ocáid ar leith a bheas ann an teacht le chéile den bheirt réabhlóidí ó tá staraíocht an Ríordánaigh (a bhfuil an ceithre scór slánaithe aige) inchurtha le frithfhaisistí ar bith. Níor ghlac sé sos fós ó d'imigh sé isteach i bhFianna Éireann i 1932. Throid sé in aghaidh an fhaisisteachais sa Spáinn mar ar goineadh é i gcath an Ebro.

Bhí Michael O'Riordan ina chime sa Churrach ó Fheabhra 1940 go Nollaig 1943. Ó ba é an Ríordánach an cumannach ba phoiblí in Éirinn sna 1950í d'fhulaing sé crá agus masla lá i ndiaidh lae. ``Léadh'' ón altóir é ina ainm arís agus arís eile. Ach d'imigh sin agus tháinig seo, go bhfuil sé roghnaithe mar urlabhrái ag eaglaisigh lena mbeannacht a chur ar commandante el jefe agus a mhuintir.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group