Top Issue 1-2024

7 May 1998 Edition

Resize: A A A Print

Díolachán... ach níl sé thart fós

Nuair a bhí cónaí orm i gCathair na Gaillimhe, bliain ó shin sular bhog mé anoir go dtí Baile Átha Cliath, ba ghnáth liom dul ar shiúlóid go rialta tríd an Fhaiche Mhór, agus mé ag amharc i bhfuinneoga na siopaí éagsúla ach gan móran pléan agam aon rud a cheannacht. Is cuimhin liom, trí nó ceithre mhí sular fhag mé Cathair na dTreabh i mo dhiaidh, go bhfaca mé fógra mór i bhfuinneog siopa áirithe i bpríomhchearnóg na cathrach: Sladmhargadh! Siopa le Dúnadh. Díolachán ag Críochnú Dé Luain. Cheannaigh mé trí pheire stocaí de bhrí gur shíl mé nach mbeadh a leithéid arís ann. Sóineanta, nach mé?

Bhí mé ar ais i nGaillimh an deireadh seachtaine seo chuaigh thart, bliain ar aghaidh, raithe na dturasóirí ag tosú arís, airgead le caitheadh ag na sluaite ag siúil tríd an Fhaiche Mhór, agus pollanna curtha, faoin am seo, sna stocaí sin ag ionga mo mhéara mhóir chois. Nach raibh an t-ádh liom nuair a tháinig mé ar an tsiopa céanna, agus na comharthaí céanna sna fuinneoga céanna, ag fógairt - go fóill -Sladmhargadh! Seans Deireannach. Siopa le Dúnadh. Díolachán ag Críochnú Dé Luain. Is áit liom nár dúradh linn cén Luain a bhí i gceist, agus uaireanta sin mar a bhíonn na Seansanna Deireannacha.

Tá imní, ar ndóigh, faoi cháipéis Aoine an Chéasta agus an todhchaí a imscríobhann sí dúinn mar náisiún. Tá go leor inti nach féidir le poblachtóirí ghlacadh leis, rudaí a sheasann - ar an chéad radharc de - in aghaidh na bprionsabal a stiúraigh agus a threoraigh sinne le glúin ina dhiaidh glúine. Tá daoine a deir go bhfuil an díolachán ina `dhíol amach' ar phrionsabail, go bhfuil an reifreann - an dá reifreann, go deimhin - ag iarraidh orainn rudaí a gheilleadh nach bhfaighfimid arais riamh. Agus tá cúis bhuartha ansin do go leor leor daoine. Ní féidir an t-imni agus buaireamh inmhothaithe seo a shéanadh, agus beireann na cinniúintí seo romhain dúshlán dúinn ar fad.

Ach brathann an t-imni sin ar rud amháin, an teoiric go bhfuil muid ag an tairiscint deireannach.

Bhí mé ag díospóireacht an tseachtain seo chaite, agus d'ardaigh seanchara liom a chuid imni faoi ceist na nAltanna 2 & 3. `Conas gurbh fhéidir?' a d'fhiafraigh sé, `nárbh fhéidir le poblachtóirí oiread agus piléir amháin - piléir gur féidir a athcheannacht uair ar bith - a dhíchoimisiúnú, ach anois tá Sinn Féinithe ag glacadh le hathrú ar Alt 2 & 3, altanna nach féidir linn a fháil ar ais má cailltear iad?' Ceist mhaith, agus ceist atá ar bheola go leor a sheas linn thar na blianta, ach tá an cheist ag brath ar mhí thuiscint go bhfuil an tsreachailt thart. Agus is léir nach bhfuil.

Nílimid ag deireadh na sreachailte fós, ná leath bhealach chuige. Go deimhin, tá go leor ann a deir nach féidir le reabhlóidí teacht chun deireadh na reabhlóide riamh, agus de bhrí sin go mbrathann bua i sreachailt ar straitéis fhadtéarmach níos mó ná ar thoradh gearrthéarmach. Ach le straitéis a bheith cathréimeach ní mór go dtuigfidh daoine é, agus ní mór do dhaoine fanacht le chéile, ag athrú beartaíochtaí nuair is gá.

Le linn camchuairt na n-ionadaithe ón ANC an tseachtain seo chuaigh thart tugadh eisteacht leis na reabhlóidí seo mar eolaithe ar sreachtailt a bhuachaint. Ghlac siad, agus ghlac Sinn Féin leis comh maith, nach ionann cás na hAfraice Theas agus cás na tíre seo, ach tá go leor gur féidir linn foghlaim uathu. Cuimhneoidh daoine a d'eist leo nithe agus abairtí difriúla ó na rudaí ciallmhara a dúirt siad, ach cuimhneoidh mé píosa comhairle amháin níos mó ná aon rud eile.

`Is féidir an chinniúint mhícheart a dhéanamh go straitéiseach agus ansin teacht ar ais air lena cheartú níos moille a fhad a's atá an ghluaiseacht aontaithe' arsa Mac Maharaj. `Ach má tá an ghluaiseacht easaontaithe, fiú má déantar an cinneadh straitéiseach `ceart', ní bheidh dul chun chinn ann.' Tá sé chomh simplí sin. Nó i bhfocal mo leithéidse, ní chríochnaíonn an díolachán Dé Luain...

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland