Top Issue 1-2024

2 April 1998 Edition

Resize: A A A Print

Foghlaímis Buntús Danmhargaise!

Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeadh reifreann sna 26 chontae ar 22 Bealtaine faoi chonradh Amstardam.

Tamall ó shin foilsíodh anailís dlíthiúil 200 leathanach ar an ionstraim chéanna le Jens-Peter Bonde CPE, Cathaoirleach ar an nGrúpa um Eoraip na Náisiún sa Pharlaimint Eorpach. Danmhargach é Bonde a bhí ina cheannaire ar ghluaiseacht a thug ar mhuintir na Danmhairge diúltú do Chonradh Maastricht sa chéad reifreann acu i 1992.

Deir Bonde gur mó de bhunreacht do ``náisiúnstát'' nua é Conradh Amstardam ná de chonradh idirnáisiúnta. Má dhaingnítear an conradh is í an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg a cheapfaidh na rialacha bunaidh. Titfidh an chumhacht is dual do náisúnstát ar an mBruiséil. I gcás nach mbeidh an dlí náisiúnta agus an dlí Eorpach ag teacht le chéile sáróidh an dlí Eorpach an reachtaíocht náisiúnta.

Maolófar go mór ar an ndaonlathas i ngach ballstát den Aontas Eorpach má chuirtear Conradh Amstardam i bhfeidhm. Is sa Danmhairg, sa Phortaingéil agus sa stát Éireannach amháin a bheas deis ag an bpobal é a stopadh. Déanfaidh siad leas mhuintir iarthar na hEorpa ar fad má dhéanann siad amhlaidh tríd díolúiní tábhachtacha a bhaint amach ó na forálacha is measa san ionstraim. De dheasca chinneadh na nDanmhargach i 1992 b'éigean do cheannairí rialtais an AE ag a gcruinniú mullaigh i nDún Éideann ar 12 Nollaig 1992 eisceachtaí nó díolúiní a ghéilleadh don tír sin maidir le saorántacht, éigeantacht aontais eacnamaíoch agus airgeadaíoch, polasaí ``cosanta'' agus cúrsaí ceartais.

Deir Airteagal 2 den `Protocol on the position of Denmark' (ar leasú dílis é ar chonarthaí an Chomhphobail Eorpaigh agus an Aontais Eorpaigh)

``none of the provisions of title IIIa of the Treaty establishing the European Community, no measure adopted pursuant to that Title, no provision of any international agreement concluded by the community pursuant to that Title, and no decision of the Court of Justice interpreting any such provision or measure shall be binding upon or applicable in Denmark, and no such provision, measure or decision shall in any way affect the competences, rights and obligations of Denmark.....''

Deir Airteagal 6 den phrótacal céanna

``With regard to measures adopted by the council in the field of articles J.3 (1) and J.6 of the Treaty of European Union, Denmark does not participate in the elaboration and the implementation of decisions and actions of the Union which have defence implications...... Therefore Denmark shall not participate in their adoption. Denmark shall not be obliged to contribute to the financing of operational expenditure arising from such measures''

Tá ceacht soiléir le foghlaim ó sheasamh na nDamhargach i 1992 agus ó théarmaí an phrótacail a bhain siad amach trí vótáil in aghaidh Chonradh Maastricht an chéad bhabhta. Leanaimis a n-eiseamláir ar 22 Bealtaine!

Ar ndóigh dá mbeadh rialtas Bhaile Átha Cliath ag seasamh an fóid ar son na neodrachta agus ag faire amach do leas mhuintir na hÉireann bheadh prótacal dá réir sa téacs cheana féin. D'fhéach Cathal O hEochaidh chuige go raibh prótacal ceangailte leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (``Maastricht'') ag daingniú an choisc ar ghinchealú sna 26 Chontae.

Colm de Faoite


Ag ceiliúraigh an Sunday World


Bhí cóisir i mbaile Átha Cliath an tseachtain seo nuair a cheiliúraigh lucht gnó agus lucht iriseoireachta 25 bhliain den Sunday World ach is mó an difir idir an nuachtán anois agus an nuachtán a bhí ann nuair a thosaigh sé. Tá úinéirídifriúla, meon difriúil ag an nuachtán, agus difir sa saol ina bhfuil sé suite.

Nuair a thosaigh an Sunday World níor chreid mórán daoine go mairfeadh sé ró-fhada, de réir leis an bhunaitheoir, Gerry Mc Guinness. Tá Mc Guinness ina Chathaoirleach anois ar Sunday Newspapers agus cuimhníonn sé ciniceas i leith an pháipéir ón tús. Níor chreid na cinicí go raibh spás in Éirinn do nuachtán tablóideach, ar an chéad lá dhíol siad níos mó ná 200 000 cóip.

Ach cén saghas nuachtáin a bhí ann, ceathrú céid ó shin? Bhíodh pictiúirí daite ann i gcónaí, rud a bhí `nua' sna laethanta sin. Pictiúirí de mhná leathnochta go minic. Tá an tréimhse sin `passé' anois de réir le heagarthóir an nuachtáin, Colm McGinty ach uair amháin thuillfeadh an nós líne don Sunday World in amhrán le Pangur Ban, buíon ceoil as Doire. Thuig údar amhrán Phangur Bháin go raibh go leor a léigh an Sunday World faoi choim, mar a chán siad faoi san Ulster Way `rolled up Sunday Worlds / in wee brown paper bags'. Luaigh Christy Moore an nuachtán ina amhrán Lisdoonvarna nuair a chan sé `There's Bono and Garret Fitzgerald / getting their photos taken for the Sunday World. Bhí nuachtán eile, an Sunday Herald níor óiriúnaigh don rím `Garret Fitzgerald / Sunday World ach níor mhair an Herald chomh fhad a's a mhair an t-amhrán agus bhain an Sunday World an curadh mír ina áit.

Bhí polaitíocht chun tosaí sa nuachtán sna laethanta sin. D'fhóilsigh an nuachtán griangrafanna mar shampla dena gortaithe uafásacha a d'fhulaing cimí sna cásanna i gCampa na Ceise Fada ina dhiaidh an tine móir i 1974. D'fhoilsigh siad scéalta freisin faoin `Seacal', an dilseoir cáiliúil ó Lár Ulaidh. Rinne duine éigin iarracht eagarthóir an nuachtáin a mharú nuair a gortaíodh Jim Campbell go dona - blianta sular maraíodh Veronica Guerin as ucht a fiosrúchán ar shaol na gcoirpeach i mBaile Átha Cliath. Scríobhadh Campbell faoin ainm `The Pulse of the North' ach mar a dúirt sé ag an am `tá an cuisle ag bualadh fós' ach mhaolaigh siad na fiosrúcháin i ngníomhaíochtaí an tseacail ina dhiaidh sin.

Cheannaigh go leor daoine an nuachtán mar gheall ar na hiarrachtaí a rinne siad le nuacht `áitiúil' a snaidhmiú isteach, agus bhíodh leathánach de ghriangrafanna ann ó Dhoire, nó Pub Spy a thaistlódh ar fud na tíre, nó an colún `Who?' ina mbíodh raflaí agus béadán faoi pholaiteoirí agus lucht gnó gach seachtain. Anois is leis an Bean Baron an nuachtán, agus is cinnte nach mbíonn na fiacla céanna ag an World nuair atá ceisteanna ann faoi.

Chinntigh an cur chuige ón tús sin raibh daoine ag ceannacht an nuachtáin, agus nuair a thosaigh muintir na tíre ag ceannacht tablóide mar é bhí nós briste. Feasta, bheadh an spás ann do go leor tablóidí eile rud is léir ó seilfeanna na nuachtánaithe anois.

Tá go leor den sean-ré órga caillte anois. Baistíodh an Sunday Worst ar an nuachtán ar feadh tamaill, agus cé go leanann siad scéalta na gcoirpeach fós, agus go leor foilsithe ach futhu, d'athraigh léargas an nuachtán i rith na mblianta. Bíonn go leor searbhas ann, bíonn go leor ionsaithe ar dhaoine ar son na hionsaithe féin. Agus níl sé chomh `radacach' anois agus a bhíodh tráth. Cuimhneoidh daoine go raibh scríobhnóirí mar Kevin Marron nó Eamonn Mc Cann ag saothrú leis. Beadh píosa polaitiúil - deirfínn píosa poblachtánach - ann uaidh gach seachtain. Fanann alt amháin a scríobh sé i mo chuimhne fós, alt a thosaigh leis an abairt gur thit beirt Sasannach ó dhíon foirgnimh aird, duine amháin fiche cloch de mheáchan, a chomradaí deich gcloch de mheáchan. `Cé acu a bhualfadh an t-urlar ar dtús?' a d'fhiafraigh Mc Cann. Agus ansin lean a alt ar aghaidh le hionsaí fíochmhar ar pé rud a bhí déanta ag na Sasannaigh an tseachtain sin, sular chríochnaigh sé le freagra a cheiste. `Cé acu a bhualfadh an t-urlar ar dtús?' a d'fhiafraigh sé arís. `An cuma? nach Sasannaigh an bheirt acu?' Ní fheicfeá abairt mar sin sa Sunday World sna laethanta seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland