Top Issue 1-2024

19 February 1998 Edition

Resize: A A A Print

Dara naíscoil d' Iúr Cinn Trá d'ainneoin ionsaí tine

Le Marcas Mac Ruairí

TA gníomhaithe teanga in Iúir Cinn Tra ag gealliúint go mbeidh naíscoil san eastát Doire Beag d'ainneoin tine a scrois an portacabin ina riabh an scoil le bheidh lonnaithe.

Creidtear go forleathan sa phobal go raibh déagóirí ciontach as an tine luath maidin Dé Chéadaoin 15ú Feabhra agus nár thuig said caidé mar a úsádfaí an arás.

Tugdh an t-arás don phobal áitiúil ó Buscoil an Iúir a bhog isteach go arás nua ar na mallaimh.

Tá tuismitheoirí ó Bunscoil an Iúir ag troid le aitheantas a fháil ó Udaráisí Oideachais sna Sé Chontae ónar bunaiodh an scoil ocht mbliana ó shin agus bhí súil acu go gcuideodh an dara naíscoil sa bhaile lena gcás.

Ach tá tuismitheoirí na háite ag rá anois nach gcuirfear óna n-iarrachtaí agus táthair ag iarraidh tacaíocht ó duine ar bith arbh fhéidir cuidiú leo.

Tá siad chean féin ar lorg portacabin eile agus iad ag iarraidh tacaíocht airgid ó duine ar bith arbh fhéidir á thabhairt.

Ag cáineadh na ndaoine a rinne an ionsaí dúirt an Chomhairleoir Sinn Féin Brendan Curran, ``Iarraim orthu siúd a rinne seo chun staonadh óna leitheid amach anseo.

``Tá dian iarrachtaí déanta ag na tuismitheoirí le oideachas Geailge reamhscoilíocht a chur ar fáil sa cheantar seo agus is iad na páistí atá á ngortú le ionsaithe mar seo.''


Greann marbh in Ollscoil na Ríona



Le Eoghan Mac Cormaic

Ar chuir tú spéis sa scéal, an tseachtain seo chuaigh thart gur cuireadh cosc ar PTQ? Pro Tanto Quid, irisleabhar Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, a coscadh agus b'iad Udaráis na hOllscoile a rinne an chinsireacht airithe seo.

Cad chuige an cosc? Bhuel, b'é an rud a chuir isteach orthu ná go raibh dhá leathánach de scéalta grinn ann faoi Diana, nach maireann. Dhá leathánach a foilsíodh chun aoibhneas a chur i gcroíthe na léitheoirí agus mionghaire a thabhairt ar a mbeola.

`Sé an rud a chuireann iontas orm ná gur shíl mé gur chaith an Diana céanna a saol ar fad ag iarraidh aoibhneas a chur i gcroíthe na ndaoine agus mionghaire a thabhairt ar a mbeola. B'fhéidir nach ionann aoibhneas agus aoibhneas.

Tá mé cinnte de go raibh lucht foilsithe PTQ ag iarraidh go mbuanófaí an taobh sin de Diana ina diaidh agus ar ndóigh is foilseachán carthanach é PTQ. Ní nach ionadh go mbeadh mic léinn, agus iad ag obair i rith a seachtaine giobalaí le hairgead a chruiniú do chúiseanna carthanacha, sásta ainm Diana a úsáid ina n-iarrachtaí.

`Sin oidhreacht Diana nach ea? Agus i bhfábhar na mac léinn a d'fhoilsigh PTQ, ní raibh siadsan ag baint aon tairbhe ná brabúis péarsanta as an fhoilseachán - rud nach féidir a rá faoi na boic mhóra i dtionscail na Banphrionsa. Tá dlíodóirí agus foilsitheoirí agus cúntasóirí agus fógróirí agus cé fios cén daoine eile ag éirí ramhar ar brabus na n-imeachtaí cuimhneacháin ó fuair sé bás.

Ach cuireadh cosc cibé scéal ar PTQ, toisc gur `mhaslaigh' na leathánaigh Dhiana. Níl sé ceadmhach masla a chur ar an bhandia, ar ndóigh.

Is fada mo chuimhne ar PTQ. Nuair a bhí mé i mo ghasur scoile bhíodh daoine ag tabhairt amach i gcónaí faoin iris bheag. Sna laethana sin bhíodh leathánaigh ghorma ann, lán de scéalta amhrasacha, ranna agus luimhneacha salacha, cartúin ghnéasta.

Bhí PTQ saghas brodúil as a chlú mar iris a bhí maslach do gach rud a bhí naofa agus luachmhar do dhaoine, agus b'é sin a tharraing clú agus spéis air. Cuirfí cuid de i gcló ar pháipéar ghorm ionas gurbh fhéidir le daoine na leathánaigh a stroicheadh as nár mhaith leo a léamh sula dtruallófaí leis an dríodar iad. Ach ní leor an rogha sin anois, is léir, agus cuireadh stop ar scaipeadh an leabhrán.

Ní glacfaí le masla ar Dhiana, cé go bhfuil glacadh leis na blianta ar cheap magaidh a dhéanamh as Dia, as daoine bacacha, as ghnéas, as mhná, as Iúdaigh, as dhaoine den chine ghorm, as an uile rud.

Ach Diana, sin scéal eile. Tá an greann marbh in Ollscoil na Ríona, b'fhéidir, nó b'fhéidir nach raibh sé an in aon chor.


An sceimhle anuas



Le Com de faoite

Níl aon amhras ar George Robertson ach go mbíonn toradh ar an gcogaíocht. I bhfad uaidh an tláithíneacht!

Ní mór na hIarácaigh a phléascadh ón aer, dar leis. An é seo an George Robertson céanna a bhíodh ag seanmóireacht do throdairí saoirse faoi neamhéifeacht an fhoréigin?

Tugann sé chun cuimhne dúinn an rud a dúirt Breandán O Beacháin tráth faoin difríocht idir Oglaigh na hÉireann agus na Sasanaigh, go raibh pléascáin bheaga ag na hOglaigh agus pléascáin mhóra ag Seán Buí (mar a fuair muintir Dresden amach, mar shampla).

Go deimhin, is cuimhin le cuid againn faoi mar a d'iompar George Robertson é féin i 1988 tráth a dhúnmharaigh an SAS triúr dár muintir i nGiobráltar.

D'fhógair na maidríní lathaigh sna meáin go raibh carrphléascán mór curtha ar an láthair ag an triúr i lár an bhaile. Deargbhréag a bhí ansin. B'éigean do Rúnaí Gnóthaí Baile na linne, Geoffrey Howe, a admháil nárbh ann do charrphléascán.

Láithreach bonn sheas George Robertson agus cháin sé go fadálach an carrphléascán nach raibh ann in ainneoin iarrachtaí barrúla a chomhghleacaithe leide a thabhairt dó go raibh a script as dáta.

Is breá an straidhn bhuile a thagann ar pholaiteoirí Angla-Mheiriceánacha agus iad ar bís le cogadh a fhearadh. Meabhraítear dúinn sa bholscaireacht laethúil in aghaidh na nIarácach an sruth finscéalta faoi bharbarthacht na nGearmánach a scaipeadh i 1914.

Bhí scéalta den chineál céanna le cloisteáil le linn an chogaidh dheireanaigh i limistéar Mhuarascail na Peirse i 1991. (Bulaí fir Pearse Hutchinson as a mheabhrú dúinn san RTÉ Guide reatha go bhfuil níos mó ná muarascail amháin ar domhan!)

Tuairiscíodh an tráth sin gur ghabh na hIarácaigh ospidéal i gCuáit agus gur réab siad amach na seoltáin leictrise as goradáin, ag marú na leanaí beaga bídeacha iontu. Ar ndóigh, níor tharla a leithéid riamh faoi mar a admhaíodh ar ball.

I 1991 bhí daoine áirithe corraithe faoin ionradh ar an gCuáit, iamhchríoch nach bhfuil de bhunús leis ach gur ghearr na Sasanaigh amach ón Iaráic é in 1899. Níl ionradh mar leithscéal ar an gcogaíocht i 1998 ach gur mithid ``ceacht'' a mhúineadh do na hIarácaigh toisc gur deachtóir é Saddam Hussein.

Sin caint thaidhleoireacht na ngunnabhád ón 19ú haois. Chualamar macallaí den chaint sin i nDoire i 1972 agus in Amritsar i 1919.

Tagann sé seo, munar mhiste leat, ó na daoine a thacaigh le Samoza, Mobutu, Batista, Pinochet, Trujillo, Duvalier, Marcos, Galtieri, Sukarno agus muintir Saud.

Ar feadh na mblianta fada thacaigh na hAngla-Mheiriceánaigh leis an Saddam céanna. Ghléas siad go fial é sa chogadh a d'fhear sé ar na hIaránaigh. Ní dhearna siad gearán ar bith nuair a d'úsáid sé gás nimhneach mar uirlis troda sa chogadh sin.

Dhíol Washington antracs agus bunábhar eile do ghléasanna troda bitheolaíocha leis an réimeas i mBagdad idir 1986 agus 1988. Chuir na Sasanaigh lastaí móra de mheáin fáis go Saddam i 1987 agus 1988 le go mbeadh sé in ann an t-abhar nimhneach a fhás.

Ba ó na hAngla-Mheiriceánaigh a fuair Saddam na gléasanna cogaidh a d'úsáid sé bliain i ndiaidh bliana in aghaidh na gCordastánach (atá faoi ionsaí i gcónaí agus ag an am céanna ón Tuirc, ballstát de chuid ECAT/NATO).

Aon dream ar cás leo deachtóireacht Saddam Hussein tugaidís tacaíocht don bhfreasúra mídhleathach daonlathach san Iaráic. Aon dream atá dáiríre buartha faoi Saddam a bheith ina bhagairt do thíortha máguaird seasaidís le muintir na Cordastáine ina ngleic náisiúnta le go mbeadh stát dá gcuid féin acu.

Faoi mar a tharlaíonn sé tá idir dhaonlathaigh Iarácacha agus Chordastánaigh, taobh istigh agus taobh amuigh den tír, glan in éadan na buamála Angla-Mheiriceánaí.

Is é an t-aer-ruathar ar chathracha an modh coghaidh is barbartha dá bhfuil ann ó maraíonn sé agus martraíonn sé sibhialtaigh, idir dhaoine fásta agus pháistí, ar an mórchóir scun scan. Is é an t-aer-ruathar sainbharbarthacht na 20ú haoise.

Thuar Siegfried Sasson é sin i 1932 nuair a scríobh sé, ceithre bliana roimh Guernica:

``In years to come

Poor panic-stricken hordes will hear that hum

And Fear will be synonymous with Flight.''

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland