Top Issue 1-2024

5 February 1998 Edition

Resize: A A A Print

Bradáil ríomhaireachtaí ag cur postanna i mbaol

Le Eoghan Mac Cormaic

NUAIR a fógraíodh, an tseachtain seo chuaigh thart, go mbeadh an mhonarcha Claris i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath le dúnadh, tuairiscíodh an scéal mar chuid de `forbairt' na comhlachta AppleMacintosh.

Mar a bheadh a fhios ag na nerdeanna amuigh ansin, tá Apple ag sreachailt fós in Éirinn agus ar fud an Domhan in aghaidh fás na rannóga PC.

Le tamall, bíonn scéalta móra go rialta ar an nuacht faoi na comhlachtaí ríomhaireachta agus teacht agus imeacht postanna. Trí sheachtain ó shin fógraíodh 3,000 post nua i nDell, i Luimneach.

An tseachtain arú dúradh linn go raibh Compaq i ndiaidh Digital a cheannacht, rud a d'fhág Compaq ar an chomhlacht ríomhaireachta is mó sa domhan agus Digital ina `footnote in the history of computers' mar a dúirt trachtaire amháin ar RTÉ.

Ach ar ndóigh tá difir idir Claris agus Dell nó Compaq. Fóchomhlacht de chuid Apple Mac féin `sea é Claris, agus tá nasc fadtéarmach ann idir Apple agus Claris le Claris ag forbairt agus ag fás bogearraí don chomhlacht ríomhaireachta.

De bhrí sin tá difir idir Compaq ag slogadh Digital agus Apple ag druidim Claris, nó níl Claris ar a bhealach amach - cé go bhfuil athrú ainm i ndán dó.

Tá ceangail idir Claris agus an Ghaeilge nó `sé Claris an clár ríomhaireachta, an bogearraí, a d'aistrigh an chomhlacht Éireannach Everson Gunn Teo go Gaeilge cúpla bliana ó shin, agus is eacht é sin in aois an Tiogair Cheiltigh nó is beag comhlacht eile a rinne iarracht a gcuid earraí a Ghaelú.

Mar sin tá bá ar leith agam do Chlaris agus mé sasta gur cheannaigh mé cóip de roinnt bliana ó shin.

Ach cé tá freagrach as `tarraing siar' ar thairgeadh Claris? Mise agus tusa agus ruball na muice. Muidne a bhfuil ríomhairí ina seilbh le bogearraí nár íoc muid as.

Admhaím, ar ndóigh, gur gadaí mé chomh maith. Tá mé ciontach as gadaíocht. Nó bradaíl. Clónna. Cláranna. Cluichí. Dá mbéinn beo in aimsir na mbradaí, bhéinn ar mhuir le Grainne Ní Mhaille.

Agus is traidisiúin é, an bradaíl - ach san am atá inniu ann, ní ar bharr tonnta na mara a sheolann bradaí, ach ar bharr tonnta an idirghréasáin nó ar scaileán ríomhaire. Agus sin é an saghas bradaíl agus gadaíocht atá i gceist agam. Bradaíl ríomhaireachta.

Cé mhéad daoine in Éirinn a ghoideann bogearraí ríomhaireachta? Anois, nílim ag caint anseo faoi ghoideadh rud fisiciúil, faoi ghoideadh dioscaí ná dluthdíoscaí.

Tá mé ag caint faoi ghoideadh smaoineadh, cóipchirt. Uair ar bith go n-osclaíonn tú `clár' ríomhaireachta nár íoc tú as, tá tú ag cuidiú le fadhbanna tairgeoirí bogearraí. Uair ar bith go ndéanann tú cóip de cló, nó de chlár, nó de phíosa bogearraí, tá tú ag gearradh siar ar phostanna ríomhaireachta.

Tá argóintí ann go bhfuil an bogearraí ródhaor cibé scéal, ach is ceist eile ar fad í sin, costaisí inmheánacha, costaisí breise, costaisí i bhfolach, ach is cuma.

Ní shasaíonn na leithscéalta seo an bhuncheist: an ceart dúinn bogearraí a úsáid murar íoc muid as. `Sin a smaoin mé an tseachtain seo agus scéal ag briseadh faoi Claris ag dúnadh. Agus barr mo dhiosca glanta d'aon bhradaíl a bhíodh ann. Agus geallúint ann nach ndéanfainn cóip d'aon bogearraí eile arís.


Spraoi sa Teach Bán - scéin ar shráideanna Bhagdad



Le Colm de Faoite

MAIRG do ghasúir Bhagdad!

Is deacair a mhíniú dóibh an bhaint idir an bás obann ón aer agus cleasa meán oíche sa Seomra Ubhchruthach.

Shílfeá gur neamhní é uachtarán na Stát Aontaithe a bheith ag gráínteacht le mná óga, más fíor, i bhfail loscadh daoine ina mbeatha.

Cé acu an gháirsiúlacht is mó? Ní bheifeá róchinnte ar bhreathnú duit ar mheáin an Bhéarla sna Stáit Aontaithe agus i bhfus. Tá an piúratánachas go domhain sa chultúr Angla-Mheiriceánach.

Meon eile ar fad atá ar mhór-roinn na hEorpa. Rithfeadh sé le daoine ansin go mbeadh cúiseanna ann le huachtarán na Stát Aontaithe a cháineadh nó a chur as oifig ach d'áireofaí a bhéascna chollaíochta mar rud a bhaineann leis an saol príobháideach.

Ar ndóigh, deirfidh an chuid is fimíntí den phreas nach chuige sin atá siad ach gur inis an tUachtarán Clinton bréaga. Uafás na n-uafás!

Tagann cineál eile piúratánachais i gceist ansin. Meabhraítear dúinn gur díchuireadh Richard Nixon as bréaga a insint ach nár cuireadh pianós ar bith air as an Chambóid a bhuamáil.

Muna bhfuil tú fós ag freastal ar naíonra tá fhios agat gur nós ag uachtaráin agus príomhairí bréaga a insint. Ní an fhírinne ar an gcloch is mó ar phaidrín snoídhochtúirí ach an oiread. Dá mba aingeal cruthanta a thoghfaí ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe bheadh sé truaillithe tar éis dhá lá - nó dhá uair a chloig - sa phost.

Ní hionann é sin ar fad agus a rá nár ceart go mbeadh eitic agus fírinneacht ag baint le ráitis phoiblí - nó le caidreamh idir fir agus mná. Ach ná éalaímis ó réadúlacht an phlainéid mar atá sé!

Is deacair gan aontú le Hilary Rodham Clinton agus Jesse Jackson go bhfuil an eite dheis Mheiriceánach ag teacht i dtír ar an bhfeachtas in aghaidh uachtarán na Stát.

Maidir le polasaí intíre de is é Clinton an t-uachtarán is forásaí ar na Stáit Aontaithe ó aimsir Kennedy. Is fuath leis an eite dheis é. D'fhéadfadh a dhíchur an bealach a réiteach do theacht i réim uachtarán den sárdheis i 2000.

Tá gné eile den uachtaránacht reatha nach mór a lua. Is é Bill Clinton an t-aon uachtarán riamh i stair na Stát Aontaithe a thug aitheantas do chuspóirí daonlathacha mhuintir na hÉireann.

Ní dhearna Woodrow Wilson é agus ní dhearna Jack Kennedy é. Go deimhin tá fhios againn ó pháipéir stáit cé chomh mór is a bhí an Cinnéideach faoi anáil Sheáinín Buí. Bhí díomá fiú ar rialtas Bhaile Atha Cliath i 1963 a dhaingne is a bhí slabhra intinne curtha ar Kennedy ag cinseal Shasana. Ach níor dúradh dada faoi sin go poiblí ag an am.

Ní laghdaíonn sé sin ar aon bhealach an meas atá tuillte ag dearfúir Jack, Jean Kennedy Smith, as a seasamh dearfach faoi cheist na hÉireann. Bill Clinton a cheap í siúd agus a fhios aige cén meon a bhí aici.

Ar ndóigh, ní fiú a bheith ag smaoineamh ar na cúrsaí seo munar féidir glacadh le codarsnachtaí. Tá Bill Clinton ina uachtarán ar an stát is cumhachtaí ar domhan. Ní gá dó ach a lúidín a ardú le rois bhúistéireachta a sheoladh.

Bíonn cathú ar pholaiteoir agus é i ngalar na gcás bealaí a lorg leis an aird a bhaint dá chruachás féin. Rinne Margaret Thatcher amhlaidh nuair a sheol sí cogadh na Malvinas. Mairg do ghasúir Bhagdad!


Léacht Chuimhneacháin i Sligeach



Le Marcas Mac Ruairí

TA Gerry Kelly le labhairt ag an séú Léacht Chuimhneacháin Kevin Coen/Joseph McManus in Ostán na hEala Airgid, Sligeach, ar a trí a chlog Dé Domhnaigh.

Measann eagraitheoirí an léacht go bhfreastalfaidh slua mór ar an ócáid.

Dúirt cathaoirleach an choiste, Donna Casey: ``Cuimhníonn an léacht seo 23ú bliain ónar cailleadh Oglach Kevin Coen ar an 20ú Eanair 1975 agus an séú bliain ónar cailleadh Oglach Joseph McManus ar an 5ú Feabhrú 1992.

``Maraíodh an bheirt agus iad ar Sheirbhís Gníomhach i gContae Fearmanach agus is é téama an léacht gurb é Éire aontaithe an t-aon bhealach le síocháin a bhaint amach ar an oileán seo.

``Scrúdóidh sí na hathraithe atá de dhíth i structúir pholaitiúla go dtí nach mbeidh gá d' fhir óga cosúil le Kevin agus Joseph dul i mbun steachailt armtha chun saoirse a bhaint amach dá dtír.''

Is é Gerry Kelly duine de na príomh-chomhchainteoirí de chuid Sin Féin sna cainteanna síochána. D'éalaigh sé ó Cheis Fada i 1983.

D'iarr Donna Casey ar daoine freastal ar an léacht Dé Domhnaigh 8 Feabhra, in uibhreacha chomh mór leis na blianta a chuaigh thart.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland