Top Issue 1-2024

8 January 1998 Edition

Resize: A A A Print

Déantóirí agus caiteoirí na mboscaí

Fadhb timpeallachta ar a bhfuil smacht iomlán ag daoine ar an talamh


Le Eoghan Mac Cormaic

NOLLIAG Shona? An raibh laethanta saoire maithe agat? Agus an bhfuair tú go leor bronntanais? Rudaí nua, rudaí ceannaithe, rudaí i mboscaí?

Faoin am seo, má's duine meánach thú i measc an daonra, beidh na boscaí Nollag a fuair tú caite sa bhruascar. Agus nuair a deirim boscaí ciallaím boscaí. Boscaí as cárta. Boscaí plaisteacha. Boscaí polystyrene. Boscaí a coinníonn rudaí istigh iontu, agus boscaí a choinníonn boscaí eile iontu le rudaí iontu ... srl.

Tá daoine amuigh ansin a chreideann i mboscaí do gach rud, agus tá daoine eile nach gcreideann. Daoine atá iontach amhrasach futhu. Daoine atá ag iarraidh na faidhbe seo a réiteach. Daoine atá chun seasamh in aghaidh aois seo na mboscaí Síneacha.

Is fiú agus is tráthúil, um Nollag, bheith ag scrudú an mhéad pacáiste a chludaíonn agus a phluchtaíonn ár saol na linne seo.

Nuair atá na lámha beaga ag stroiceadh agus ag tarraing an pháipéir, phlaistigh agus cludaithe eile de na beartanna agus bronntanais Nollaig, agus nuair atá na lámha eile ag brú agus ag rolladh an pháipéir agus phlaisitigh ina liathróidí bruascair, ar stop tú riamh le smaoineadh cá áit a téann sé ar fad?

Arbh í an fhadhb amháin a chonaic tú ná go raibh an iomarca bruscar agat (go pearsanta) le dul isteach sa ghabhdán ag bun an chlóis? Agus ar chreid tú go mbeadh réiteach ann do d'fhadhbanna nuair a thiocfadh an bailitheoir bruscair timpeall maidin Luain nó Márta?

An tseachtain seo chuaigh thart, agus an bhliain úr ag maidneachain, chruinnigh dream daoine taobh amuigh d'ionad `líonadh talúin' i mBaile Átha Cliath ag déanamh agóid nár dhruid an rialtas an suíomh seo ar gheall siad a dúnfaí.

`Seard atá ann i suíomh `líonadh talúin' ná carn mór bruscar, a fhasann le blianta, ag scriosadh an radharc, ag clúdach agus ag cur i bhfolach ag stuif go léir atá faoi. Cuirtear `líonadh talúin' ar na suíomhanna seo, agus is minice gur `líonadh aeir' atá iontu.

In ionad sean quarries a líonadh isteach, tá beagnach céad suíomh ar fud na tíre a thosaigh a saol ar talamh clárach agus a d'fhás agus a d'fhás. Níl a fhios ag éinne cén dochar atá á dhéanamh ag an bruascar agus an nimh atá ag síleadh amach faoin chludach isteach san ithir agus sna haibhneacha agus is féidir linn buille faoi thuairim a dhéanamh faoi.

Cé tá freagrach as seo? Rialtais? Lucht Gnó? Lucht déanta na mboscaí? Nó mise agus tusa as an rud a fhulaing?

Tá an fhadhb seo ag fás le gach glúin ach níl go leor maoin ná spás againn an soláthar a athnuachaint. Is léir é sin, agus is sóiléire fós nach bhfuil na bealaí chun fáil réidh leis an bruscar, líonadh talúin, loiscneoirí srl, ag réiteach na faidhbe. Tosaíonn an fhadhb linn, nó is sinne atá ag ceannacht an stuif seo. Caithfidmid beart radacach a dhéanamh faoi, agus an iomarca cludaithe a dhiultú.


Fanann Mic Léinn Ollscoil na Banríona ar atháitiú na gcomharthaí Gaeilge


le Marcas Mac Ruairí

LE BRU mór ar Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona leis na comharthaí dhátheangach a ardú arís, moladh na gcuirfear an Ghaeilge faoi chois arís.

Cuireadh na comharhaí suas deich mbliana ó shin nuair a vótáil na mic léinn ar son polasaí dátheangach. Ach le blianta beaga anus tá dílseoirí ag éirí deireadh a chur leis an pholasaí.

Ach ag éirí aire a dhíriú ar siúl óna dtaifead fostaíochta i gcoinne Caitliceach, thosaigh an Ollscoil féin ag cur brú ar an Aontas agus d'fhoilsigh sí tuairisc a rá gur chothaigh na comharthaí `chill factor' do Protastúnaigh. Dúirt an tuairisc go gcuireann na comharhaí as do Phrotastúnaigh jabanna a ghlacadh san Aontas.

I rith an tSamhraidh, nuair nach raibh min léinn ann, glacadh síos iad agus gan na mic léinn i láthair.

Ach i Mí na Nollag bhí reifreann ar an cheist inar chaitheadh an meid is mó vótaí is a chaitheadh ariamh i reifreann ar bith i stair na ollscoile. Thacaigh trí cheathrú do na mic léinn leis an rún: ``We the students at the Queens' Universitry of Belfast believe that the inclusive bilingual signs are a vital part of any bilingual policy. We therefore demand the immediate reinstatement of the Irish/English bilingual signs.''

D'ainneoin seo, tá ráite ag Seanad na hOllscoile go gcuirfidh sé i gcoinne an tsocraithe.

Tá tacaíocht faighte ón Fair Employment Commission a dúirt ag an am, ``These signs in no way facilitated the spread of the use of the Irish language.''

Ach nuair a bhuaigh tacadóirí na gcomharthaí an reifreann tugadh treoir éigeantach don Aontas a dtoil daonlathach a chur i gcríoch.

I ndiaidh blianta de bheith mar theanga gan aithint, tá buaradh amuigh go gcuirfear faoi cois arís í má ghlactar go forlathan leis an chinneadh seo.

Tá gníomhaithe teanga buartha gurb é an toradh a bheadh ar mheon an Seanad na teanga a choimhead taobh istigh na ranganna agus gan tuigbheáil ag an Choimisiún gurb é bunús teanga ar bith ná cumarsáid a dhéanamh.

Ag cosaint FEC, dúirt a Phreas Oifig Denis Godfrey, ``We were asked to look at a specific set of circumstances. Our analysis is not to to say that langage and every manifestation of culture would contravene fair employment practices. Irish signs are not illegal.

Ag freagairt air seo dúirt Cathaoirleach Sinn Féin sna Sé Chontae, Gearóid O hEara, ``Caithfidh an Aontas glacadh le toil na mic léinn anois.''

``D'fhulaing an Ghaeilge le blianta faoi rialtas Stormont agus ní féidir ligean do sin tarlú arís. Ní rud polaitiúil é an Ghaeilge.

``Ba chóir don FEC dul ar ais chuig an chlár dubh. Thiocfadh le mol mór cúiseanna bheith ar chúl an easpa Protastúnaigh san Aontas agus caithfidh an cheist a scrudú le meon oscailte.''


Ruaigtear gáirsiúlacht an chiníochais!



Le Colm de Faoite

Le blianta beaga anuas tá gradam - faoi dheireadh - á thabhairt don Diaspora Éireannach. Cé hiad pobal an Diaspora sin ach sliocht teifeach, idir theifigh pholaitiúla agus eacnamaíocha. I gcomhthéacs na staire sin tá sé domhaite go bhfuil polasaí ciníoch maidir le hinimircigh ag an stát Éireannach.

Nuair a thagann na báid fharantóireachta i dtír i gcalafoirt na 26 Contae téann gardaí agus feidhmeannaigh stáit eile ar bord agus cuireann siad paisinéirí a bhfuil éadan dubh, donn nó buí orthu i leataobh fad is a ligtear na daoine ``geala'' chun siúil.

Téann gardaí isteach ar thraenacha agus busanna trasteorann ar thóir daoine den dath mícheart: ``Have you seen any blacks on board?'' an cheist a chuir garda amháin ar phaisinéirí ar an Enterprise.

I 1996 bhí 1,179 iarrtas ar thearmann polaitiúil ag an Roinn Dlí agus Cirt. (Níl figiúirí 1997 ar fáil fós.) Sa bhliain chéanna bhí 5,000 duine ag lorg tearmainn sa Danmhairg, 6,000 san Ostair agus 128,000 (is ea, 128,000) sa Ghearmáin. Ach in ainneoin a laghad teifeach a thagann go hÉirinn féach ar an bhfreagairt histéireach ón Roinn Dlí agus Cirt, le linn aireacht Nora Owen agus anois faoi Phuinn Foighde O'Donoghue.

Níl de mhíniú ar an histéire mhíréasúnta sin ach meon ciníoch. Léiríodh an meon sin nuair a chuir an Roinn iallach ar iarrthóirí ar stádas teifigh dul i scuaine fhada sa bháisteach ar feadh uaireanta fada. Is fíor gur gabhadh leithscéal leo faoi sin - go drogallach agus go déanach - ach ná bí ag súil go gcuirfear pionós ar na feidhmeannaigh a bhí ciontach nó beidh tú ag fanacht i bhfad!

Ar ndóigh ní ciníochas na Roinne Dlí agus Cirt amháin is cúis le polasaí an stáit maidir le teifigh. Tá Rialtas Bhaile Atha Cliath ceangailte le beartas an Dúin Eorpaigh atá ciníoch go smior. Níl aon ghrá in oifigí na Bruiséile do mhuintir na hEorpa Thoir gan trácht ar an Afraic ná an Aise. Tá an ciníochas go domhain i mbéascna na Gearmáine, na Fraince agus Shasana.

Cothaítear cuid den chiníochas atá i ndaoine óga i mBaile Atha Cliath tríd an teagmháil seachtainiúil a bhíonn acu le clubshacar Shasana mar a bhfuil an galar gránna i réim. (Ní mór a rá go bhfuil feachtais fiúntacha frithchiníochais idir lámha ag cuid de lucht leanúna an chluiche.)

Seachtain ó shin d'fhógair an Iodáil go bhfáilteoidis roimh theifigh ba chuma cén dath a bhí orthu. Láithreach bonn chuir an Ostair in iúl go mbeidis ag cur bac le saorthaisteal ón Iodáil in ainneoin Chonradh Shengen.

Cothaíonn an meon oifigiúil comhshaol ina bhfuil an ciníochas inghlactha. Cuireann polaiteoirí áirithe go mór leis an gcomhshaol seo os ard agus os íseal. Féach an buaileam sciath gáirisiúil ó Ivor Callely le déanaí. Tháinig sé ar aghaidh leis an seanlíomhain faoin uan bocht ag crochadh ar an líne níocháin!

Deir Ivor gur baol don chultúr Éireannach iad inimircigh! Níor thug mé riamh faoi deara go raibh Ivor groí an-ghníomhach i gcur chun cinn an chultúir chéanna nó an-díograiseach ina chosaint. B'fhéidir gur cultúr neamh-Angla-Mheiriceánach a chuireann olc air. Is instealladh ó na cultúir chéanna ceann de na híocshláintí is mó atá de dhíth ó bhéascna na hÉireann.

Le tamall anuas tá feachtas gránna in aghaidh teifeach ar siúl ag nuachtáin Independent Newspapers, go háirithe ag an Evening Herald. Bhíodar siúd i gcónaí chun tosaigh (nó ar gcúl!) i measc lucht an fhrithghnímh in Éirinn. Tá an meon á chothú ag an Herald gur súmairí agus bithiúnaigh iad na teifigh atá ag crú suimeanna móra airgid ón gcóras leasa sóisialta.

Is iad an dream is mó atá thíos leis an rabharta nua ciníochais seo an mionlach de mhuintir na hÉireann nach bhfuil craiceann geal orthu. Deir na hÉireannaigh seo go mbraitheann siad naimhdeas agus amhras níos mó ná riamh.

Is den dúriachtanas é an ciníochas a ruaigeadh as saol na hÉireann sula dtéann sé i neart.


Lainseálann grúpa pobail seirbhís turasóireachta



TA gnó pobail i dTallacht, Cultúr Beo, ag eagrú turas sna Sléibhte Cill Mhantain chun tuigbheáil níos fearr ar stair agus nadúr na h-áite a chothú.

Ar bhus macnasach téitear amach i measc na sléibhte ar Dhomhnacha agus réimse turais trearaithe acu an cheantar a chur chun cinn mar ceann scríbe turasóireachta

.Is leis an phobal féin an gnó agus an aidhm aige le fostaíocht agus oiliúint a fhorbairt sa cheantar.

Ag táille £5 an duine don turas, is féidir dul i dteagmháil le Chultúr Beo ar (01) 4599159.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland