Top Issue 1-2024

4 December 1997 Edition

Resize: A A A Print

Seoltar impireacht den 21ú haois

Is deas an rud é go maireann an náire áit éigin sa domhan caipitealaíoch. Ba bheag gur chuir sé trua orm le bheith ag beathnú ar Shohel Nozawa agus é i gcruth titim faoi bhráid na gceamaraí. Ní bhíonn puinn náire ar ár gciapitealaithe dúchasacha, leithéid Bhean na dTrí mBó, Margaret Heffernan. Is cuma cé chomh gustalach agus a bhíonn rachmasóir beidh rachmasóir eile ann len é a tharraingt anuas. Tiocfaidh lá Margaret.

Go réidh, a bhean na dtrí mbó
as do bhólacht ná bí teann
chonaic mise gan gó
bean is ba dhá mhó a beann.

Ach nuair a thagann an bhuille mór ar Margaret, ní móide go bhfeicfimid í sna reachtanna caointe agus í ag gabháil leithscéil lena cuid fostaithe.

Chuir Turnmah Yamaichi straois ar a chuid iomaitheoirí i iarthar na hEorpa. Ba bhreá le lucht an airgid san Aontas Eorpach go lagófaí geilleagar na Seapáine. Tá an tAontas, na Stáit Aontaithe (nó Limistéar Soarthrádála Mheiriceá Thuaidh) agus an tSeapáin i ngleic lena chéile le ceannas a bhaint amach ar an margadh domhanda (agus domhandaithe).

An ghleic sin atá taobh thiar de go leor de na moltaí i bPáipéar Uaine an A.E. um fhorbhairt a foilsíodh níos luaithe i mbliana. Doiciméad leamh leadránach é an Páipéar Uaine céanna ach turann sé athrú bunúsach ar pholasaí an AE i leith thíortha an Tríú Domhain. Chuirfeadh sé direadh le cúnamh ar mhaithe le cúnamh. Feasta bheadh beartas forbartha an A.E ina uirlis pholasaí eachtraigh. No more Mr Nice Guy!

Cheana féin tá tús curtha le hathstructúrú ar mhaorlathas an Choimisiúin leis an bpolasaí nua a chur i gcrích. Tá an Stiúrthóireacht um Pholasaí Forbartha á haistriú ó Stiúrthóireacht-Ginearál VIII (Forbairt) go Stiúrthóireacht-Ginearál I (Gnóthaí Eactracha). (Tá Stiúrthóireacht-Ginearál sa Bhruiséil ar aon dul le Roinn rialtais ag an leibhéal náisiúnta.) Ní bheidh fágtha sa Stiúrthóireacht-Ginearál um Fhorbairt ach áisíneacht le deontais a dháileadh ar bhonn cinnteoireachta a déanfar in áit eile ar mhaithe le cuspóirí an A.E seachas riachtanais an fhaighteora.

Is í an staritéis atá á moladh go ndéanfaí bloc de chlianstáit den 71 tíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus an Aigéan Ciúin atá ceangailte le Coinbhinsiún Lomé mar ghléas vótála i bhfóraim idirnáisiúnta a thacódh le leas an A.E.

Thabharfadh an 86 vóta (15 ballstáit móide muintir Lomé) téagar don A.E.vis-a-vis na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin san Eagraíocht Trádála Domhanda.

Má bhíonn aon cheann den 71 tíortha úd ag smaoineamh ar fheidhmniú go neamhspleách amach anseo déanaidís dearmad ar chúnamh eacnamaíoch ón A.E. Sin polasaí oscailte an Choimisiúin Eorpaigh mar atá sé leagtha amach sa Pháipéar Uaine. Sin ár `nEorpaigh' hugaí wugaí duit!

Beidh níos mó ná vótaí á n-éileamh ag an mBruiséil nuair a chuirfear tús le comhcainteanna maidir le Coinbhinsiún Lomé nua i bhfómhar na bliana seo chugainn. Lorgóidh siad ``good governance,'' smacht ar chúrsaí imirce, comhordú ar bheartas trádála agus rialú ar chearta um shealús intinne.

Tugann an clár seo léargas dúinn ar an gcineál impireachta atá á bheartú don 21ú haois. Impireacht í nach mbeidh costasach ar an lucht ceannais i gcomparáid le himpireachtaí na 19ú agus na 20ú haoise. Níl á íoc ag an A.E leis an ngrúpa 71 tíortha faoi láthair ach £8,000m (beagán níos mó ná mar atá na 26 Chontae ag fáil ó na cistí struchtúrtha). Tá na tíortha úd chomh bocht sin gur féidir leis an mBruiséil iad a chur faoi smacht trína bhagairt go dtarraingeofaí siar an déirc shuarach. Níl ach 1.5% de thrádáil an domhain ag na 71 stáit Lomé agus tá an sciar sin ag dul i laghad. Meastar nach fada go mbeidh sé íslithe go 1%.

Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland