Top Issue 1-2024

30 November 2023 Edition

Resize: A A A Print

Ní amháin Saor, ach Gaelach

Sliocht atá san alt seo as leabhar ar stair na Gaeilge sna príosúin idir 1867 agus 1999 ‘Ní amháin Saor, ach Gaelach’ le Eoghan Mac Cormaic atá le foilsiú san earrach 2024

• — • — • — • — • — •

Nuair a cuireadh Gaeltacht na Fuiseoige ar bun sna Blocanna H i 1995 ba mhór an chúis cheiliúrtha í do na cimí, ag baint amach éilimh fad-bhunaithe, agus buaic-phointe ina streachailt le haitheantas don teanga sa phríosún. Éacht a bhí ann, gan amhras agus gníomh a bhí fad-fhréamhaithe i dtraidisiún na gcimí ag dul siar beagnach ochtó bliana go dtí laethanta braighdeanais i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916.

Cuimhnítear ar Frongoch mar an láthair géibhinn is mó i 1916 ach cuireadh poblachtánaigh faoi ghlas i bpríosúin eile ar fud na Breataine ag an am. Bhí an chuid ba mhó de na príosúnaigh lasmuigh de Frongoch ag déanamh téarmaí pianseirbhíse a cuireadh orthu ag cúirteanna míleata i mBeairicí Richmond sna seachtainí i ndiaidh Cáisc 1916. I mí Meitheamh 1916 aistríodh grúpa imtheorannaithe ar leith chuig Reading Gaol, daoine a bhí – go dtí sin – i ngaibhniú aonair i bpríosúin éagsúla. Bhí grúpa ar leith de 27 fear a tógadh ó Frongoch go Reading agus creideadh ag an am go raibh seift ar bun leis na ceannairí ‘cultúrtha’ a scaradh amach ó na gcimí le stop a chur le ranganna Gaeilge. Ardaíodh ceisteanna pairliminte i Westminster faoin scagadh amach seo i Reading Gaol (agus faoin chosc a chuireadh ar Conradh na Gaeilge ag an am céanna) ach ar ndóigh shéan Rialtas na Breataine aon seift. 

I measc na gcimí sa ghrúpa beag (thart faoi 38 acu) i Reading Gaol bhí go leor a bhíodh ina dtimirí Gaeilge agus thug siad láithreach faoin dúshlán timpeallacht Gaelach a chruthú. Bhíodh na príosúnaigh uilig ag ithe le chéile ar thabla amháín fada ag am na mbéiltí agus socraíodh go mbeadh na Gaeilgeoirí ina suí le chéile. Líon siad an tríú chuid den spás agus ghlac siad le cleachtas daingean nach mbeadh aon Béarla le cluinsint ann. Bhí an chéad Ghaeltacht faoi ghlas tosaithe.

Sna blianta ina dhiaidh sin, le linn cogadh na nDubhchrónach rinne na príosúnaigh iarrachtaí an Ghaeilge a fheabhsú agus a labhairt. Eagraíodh ranganna, scríobhadh altanna, dánta, léachtanna agus a leithéid nuair a bhí deis acu. D’aithin cuid príosúnaigh go raibh na ceisteanna teanga lárnach ina streachailt phríosúin – chuimhnigh Séamus Ó Maoileoin ina dhírbheathaisnéis 'B’fhiú an Braon Fola' nar labhair sé Béarla lena ghardaí príosúin nó an RIC nuair a ghabhadh é.

Cuireadh na mílte poblachtanaigh faoi ghlas arís le linn an Chogaidh Chathartha agus ar na cimí sin bhí beagnach 300 bean faoi ghlas i Moinseoighe, Cill Mhaighneán agus an North Dublin Union. I gCill Mhaighneáin bhíodh laethanta den tseachtain nuair a labhraíodh na mná ó ranganna Sighle Humphreys ‘Gaeilge amháin’, agus bhíodh an rial i bhfeidhm go láidir aici! Le linn na droch-laethanta sin bhí coinníollacha go dona sna campaí géibhinn agus ó Thuaidh bhí siad chomh dona. Ach choinnigh príosúnaigh súil ar an sprioc. Bhí na céadtaí príosúnaigh faoi ghlas i bpríosúin agus ar bhord an long 'Argenta'. D’ordaigh rialtóir an phríosúin cosc ar an Ghaeilge agus cuirtí aon duine a rinneadh iarracht rang a thosú ar phíonós go dtí Carcair Dhoire, príosún ina raibh cillíní píonóis ar leith. 

Ó dheas, i gCampa an Churraigh déantaí iarracht ranganna a bhriseadh, bogtaí múinteoirí timpeall ó príosún go príosún. Nuair a d’iarr príosúnaigh i mBaile an Stáin II cead le bothán Gaeltachta a bhunú i Meitheamh 1923, dhiúltaigh Rialtóir Saorstát an phríosún don iarratas.

Bhí athrú ar an scéal an chéad uair eile go raibh príosúnaigh poblachtánacha sa Churrach. Sna daicheadaí bhí trí bhothán sainithe mar bhotháin Ghaeltachta agus bhíodh ranganna ar siúl go rialta. Toghadh Seán Óg Ó Tuama (a bhí faoi ghlas sa Churrach) ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag Ard Fheis an Chonartha1941. 

Prison Gaeilge 2

• Sighle Humphreys, Máirtín Ó Cadhain  agus Coireall Mac Curtain

Le linn na mblianta céanna bhíodh Cumann Gaelach ana-ghníomhach sna príosúin ó Thuaidh. Bunaíodh an Cumann i mBóthar Cromghlinne i 1939, lean an obair ar aghaidh nuair a bogadh na cimí go Doire i 1942, agus ar ais go dtí Bóthair Cromghlinne i 1944. D’eagraíodh an Cumann idir ranganna, céilidh, nuachtáin inmheánacha, comórtais scríobhnóireachta srl. Eagraíodh ranganna ar chos (mar a rinne príosúnaigh i bPriosún Lewes i 1916); na fir ag siúil timpeall an chlós, Gaeilgeoir i gcomhluadar le foghlaimeoir. Tugtaí ‘walkie talkies’ ar na ranganna. Bhí an córas céanna acu sa phríosún céanna sna caogaidí agus arís, fíche bliana níos déanaí nuair a bhí an agóid fhada ar siúl in Ard Mhacha sna seachtóidí. Plus ça change...

Cuireadh na mílte faoi ghlas arís sna seachtóidí ach níor fhada gur bunaíodh Botháin Ghaeltachta arís i gCásanna na Ceise Fada. Saol iomlán trí Ghaeilge a bhí ag na fir agus chuidigh sé le tús a chur le foghlaim agus líofacht a bhaint amach go tapaidh. Bhí a nuachtán Gaeilge féin ag na cimí (Ár nGuth Féin). Bhíodh príosúnaigh sna seachtóidí ag foghlaim Gaeilge ó fhir a bhí faoi ghlas sna caogaidí, agus fiú sna daicheadaí. Go deimhin, d’fhoghlaim cuid de na múinteoirí a bhí sna Cásanna a chuid Gaeilge ó leithéid de Mháirtín Ó Cadhain, nó ó seanphríosúnaigh a bhí sna campaí géibhinn idir 1916-23! Ina am féin bheadh daoine a d’fhoghlaim a gcuid Gaeilge sna cásanna ag múineadh Gaeilge sna Blocanna H le linn na hagóide pluide. Leoga, i measc bunaitheoirí an urláir Ghaeltachta i bPortlaoise sna ochtóídí bhí Coireall Mac Curtain a chaith seal sna Cásanna, tráth, le Bobby Sands, Séanna Breatnach agus Gaeilgeoirí aitheanta eile. Agus thosaigh an Ghaeilge ag fás arís sna príosúin.

I 1995 osclaíodh an sciathán Gaeltachta sna Blocanna H. Bheadh peire acu ann sular dhún an príosún i 2000. Céim amháin eile ar thuras athbheochain na Gaeilge a bhí ann, turas a thosaigh, b’fhéidir, le mana an Phiarsaigh ag uaigh Uí Donabhán Rossa ach bhí sé sna príosúin, i bPríosún Reading, nó i bhFrongoch nó an Currach, an Crum, Portlaoise nó i gCampa na Ceise Fada is minice a chuir poblachtánaigh foirm leis an fís sin. Níl aon amhrás na go raibh bunú Gaeltacht na Fuiseoige ina chruthúnas den ‘beart le briathar’ sin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland