Top Issue 1-2024

30 November 2023 Edition

Resize: A A A Print

Athghabháil na Gaeilge in Sinn Féin: An Chéad Chéim Eile

• Oisín Ó Síocháin, Séanna Breathnach, Lucilita Bhreatnach agus Mairéad Farrell

Is le dúthracht agus le díograis a phléigh gach glúin de phoblachtánaigh na hÉireann leis an nGaeilge agus lenár gcultúr dúchais. Ó aimsir Thomas Davis go haimsir Thomas McElwee, tugadh fé athghabháil ár dteanga le flosc, le fonn is le fís. Labhair Liam Mellows, cuirim i gcás, ní hamháin ar cheist fhisiciúil agus eacnamaíoch na streachailte, ach ar cheist an chultúir leis, ag áiteamh “[that] mental freedom must go hand in hand with political freedom”. 

Tá a leithéid d’fhealsúnacht ina scáthán ar dhioscúrsaí idirnáisiúnta a phléann le hacmhainn fhuascailteach na teanga dúchasaí i ngluaiseachtaí saoirse trí chéile. Ngūgī wa Thiong’o is deisbhéalaí ar fad a labhrann ar an ábhar úd. Maíonn seisean “[that] the cultural and the psychological aspects of the continuing resistance against imperialism […] are an integral part of the overall struggle. Should we ignore the cultural aspects of both imperialism and the resistance against it, we shall merely have scotched the snake and not killed it.”. Cuid lárnach dár streachailt is ea athghabháil na Gaeilge, na Gaeltachta agus ár gcultúir, más ea. 

Is as an gcomhthéacs seo a d’eascair slógadh na nGael ag Ardfheis na bliana seo. Chuireamar romhainn tógaint ar rún 2 agus 3 de chlár na hArdfheise trí Ghaeilgeoirí an pháirtí a tharrac le chéile d’fhonn cur is cúiteamh a dhéanamh ar athghabháil leanúnach na Gaeilge i Sinn Féin. D’fhreastail breis is leathchéad duine ar an ócáid úd le cluas a thabhairt don ardphainéal a bhí inár dteannta. I measc na gcainteoirí céanna bhí Lucilita Bhreatnach (iar-ardrúnaí Shinn Féin), Mairéad Farrell TD, an Comhairleoir agus an t-iarPOW Séanna Breathnach, agus Oisín Ó Síocháin (Ceannródaí athGhaelaithe in Ógra Shinn Féin). Dhein Aengus Ó Snodaigh TD ardlámh den gCathaoirleacht leis mar is dual dó. 

Nic Liam 2

• Uachtarán Conradh na Gaeilge Paula Melvin agus Aengus Ó Snodaigh 

Bhí fuinneamh nach beag le braistint sa seomra agus straitéisí athbheochana idir chamáinibh againn. D’fhág an réimse leathan dearcthaí agus taithí gur plé fónta fiúntach a bhí ann a spreag lasair an dóchais ionainn agus a ghríosaigh sinn cur le leanúnachas ár dtraidisiúin. Labhair Séanna ar chuid de na dea-chleachtais a bhíodh acu sa Cheis Fhada, chuir Oisín gaiscí agus fís Ógra trí chéile, labhair Lucilita ar an méid is fiú agus is féidir a dhéanamh amach anseo agus chíor Mairéad polasaithe an pháirtí, ag moladh straitéisí eile don am atá romhainn amach leis. Níl aon amhras ach go dtógfar ar an bplé úd sna míonna beaga romhainn amach. 

An mhórsprioc a bhain le slógadh na nGael, áfach, ná go mbunófaí grúpa náisiúnta Gaeilge sa pháirtí a sheasfadh i mbearna bhaoil an athGhaelaithe. Tá gníomhaithe á lorg againn i gcónaí agus tá do chabhairse uainn. Cuirfear clár oibre an ghrúpa le chéile sna seachtainí amach romhainn le deimhin a dhéanamh de gur ag géarú na maidí atáimid seachas á ligean le sruth in am so an ghátair. Is le dóchas, le misneach agus le haisling a thabharfar fén obair úd agus tuiscint againn gur ag saothrú ar son Shinn Féin Fódla agus Éire trí chéile atáimid. Creidimid go smior is go smúsach gur sinne t-aon pháirtí amháin a dhéanfaidh rud ar bith le dealramh don nGaeilge agus don nGaeltacht. Ní spéis le páirtí ar bith seachas sinn a leithéid d’athbheochan, athghaelú agus athghabháil a chur ar bun. Tá ár bpáirtí ag cur thar maoil le tírghráthóirí, le hidéalaithe agus le daoine ar dhualgas dóibh ár leas.  Tá roth na cinniúna Gaelaí ag casadh ar ár son, mar sin, ach na deiseanna a thapú. 

Nasc ríthábhachtach i slabhra neamhbhriste an phoblachtánachais is ea an Ghaeilge agus ár gcultúr dúchasach. Fúinn-ne atá sé anois cur le cuisle úd na gluaiseachta. Ba cheart aon phlé i dtaobh chúrsaí teanga agus Gaeltachta i Sinn Féin a fhréamhú sa díchoilíniú radacach réabhlóideach agus sa saoradh náisiúnta amach anso. Fillimis mar fhocal scoir, mar sin, ar athfhriotail Thomas Davis é fhéin, a dúirt: “A nation should guard its language more than its territories—’tis a surer barrier, and more important frontier, than fortress or river.” Leanaimis lorg ár laochra. 

Má tá uait do rólsa a imirt sa ghrúpa nua Gaeilge seo, déan teagmháil liom ag [email protected] 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland