Top Issue 1-2024

30 November 2023 Edition

Resize: A A A Print

Dlúthpháirtíocht anam an phoblachtánachais

• Siopa Leabhar Shinn Féin ag an Ard Fheis

Don dara bliain as a chéile bhí an deis agam fáilte a chur roimh an lucht féachana a bhí ag breathnú isteach ar Ard Fheis Shinn Féin ó bhaile, nó ó thar sáile, ar bheoshruth a bhí á craoladh againn in Áth Luain. 

Ní dúirt duine ar bith liom go mbeinnse ar cheamara an uair seo, agus ní raibh deis agam mo ghruaig a fháil snasta nó mo chuid gladrags a chur orm féin, ach ní ar mo mhaitheasa a bhí daoine ag breathnú isteach ach chun cloisteáil ó chainteoirí agus ón bplé a bhí ar bun ag an páirtí polaitiúil is mó in Éirinn, Thuaidh agus Theas, agus iad ag ullmhú le Rialtas a stiúradh don chéad uair.

Bhí dóchas le brath ó oscail an Teachta Dála áitiúil, Sorca Clarke, an ócáid tráthnóna Dé hAoine, agus poblachtánaigh bailithe le chéile as gach chearn den tír ag súil le páirt a ghlacadh sna cinnithe maidir leis an tír atá uainn. Ba é seo an chéad Ard Fheis dá lá ó tháinig Covid-19 ar an bhfód, agus ó d’éirigh chomh maith sin le Sinn Féin mar bhuaiteoir sna toghcháin Thuaidh agus Theas, agus mar sin bhí amchlár níos faide agus níos cuimsithí i gceist ná riamh, agus tionól níos bríomhaire ná riamh freisin.

Muna raibh a fhios agat go raibh iarrthóirí nua roghnaithe ag Sinn Féin ar fud an 26 Contae chun dul san iomaíocht sna toghcháin áitiúil i mbliana, ba léir go raibh rás le rith acu – is ar raon reatha faoi dhíon in Arena Idirnáisiúnta Átha Luain a bhí an príomhstáitse don Ard Fheis – agus Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (TUS) mar lárionad na poblachta don deireadh seachtaine. Mar a deir an seanfhocal, TÚS maith, leath na hoibre!

Bhí Baile Átha Luain molta tráth le bheith mar phríomhchathair don Phoblacht nuair a bhí Éire Nua mar pholasaí ag an pháirtí sna 1970idí, ach cé nach bhfuil sé sin fós mar pholasaí ag Sinn Féin, ba léir gur thaitin an baile go mór leis an slua a bhí i láthair ar bhruach na Sionainne i mbliana. Seachas an Ard Fheis féin, bhí ceol, craic agus comhluadar ar fáil ag Spirit of Freedom oíche Dé hAoine, agus bhain roinnt den bhallraíocht (mé féin san áireamh) an-sult as freastal ar an dteach tabhairne is sine in Éirinn, Beár Sheáin taobh leis an gCaisleán. Ar mhaithe leis an stair a shú isteach a bhíomar ann dar ndóigh.

Ní don chraic, nó fiú don stair, i bhfírinne a bhíomar bailithe le chéile san Iarmhí áfach, ach chun polasaithe a aontú. Bhí 193 rúin le plé, gan trácht fiú ar na spreagóráidí, agus bhí scuaine mór fada ann i gcomhair gach cuid den phlé. Bhí an oiread sin daoine ag iarraidh caint ar rúin go raibh orthu daoine a dhiúltú níos mó ná uair amháin, agus tá a fhios agam sin ó mo thaithí féin – sheas mé sa scuaine faoi dhó ar feadh beagnach uair a’chloig gan éirí liom caint sa deireadh – ach is deá-chomhartha é sin ar an mbeocht agus an suim a bhí sa halla mhór.

Dé hAoine, pléadh rúin ann faoi struchtúir an pháirtí a threisiú agus a Ghaelú – rud a rith leis an bplé suimiúil a tharla ag cruinniú imeallach am lón an lá dar gcionn, áit ar chruinnigh thar tar 60 Gaeil sa pháirtí chun cás an Ghaeluithe inmheánach a phlé – agus bhí caint freisin ar rúin chun dul i ngleic leis an gcoiriúlacht, chun comhionannas a chur chun cinn, agus chun tacú le pobail tuaithe. Is ar an Aoine a tharla roinnt de na díospóireachtaí is conspóidí, áit a bhí argóint paiseanta idir baill agus gan aon duine a bheith cinnte roimhré cad a bheadh mar thoradh ar an vótáil.

Eoin O B

• Eoin Ó Broin

Síleann daoine go minic nach mbíonn in Ardfheiseanna ag páirtithe in Éirinn ach preasócáid atá faoi smacht na ceannaireachta, ach ba léir narbh ionann an scéal i gcás Sinn Féin, go háirithe maidir le rúin faoi dhrúgaí agus faoin seilg ar mhadraí rua agus ar ghiorria, agus féadfainn é sin a rá toisc go raibh mé féin ag caint i gcoinne rún ón Ard Chomhairle ar an ábhar sin. 

Bhí gá le hathchóireamh ar na vótaí maidir le cannabas a dhíchoiriúlú, bhí sé chomh garr, ach ag deireadh an lae bhí an lá ag rún an Ard Chomhairle a chuir béim ar mholtaí an Tionól Saoránach agus deileáil leis an andúlacht seachas díchoiliúlú. 

Bhí bua níos cuimsithí ag an Ard Chomhairle maidir le cúrsaí seilge a chur faoi bhráid coimisiún saineolach seachas glacadh le cosc iomlán, ach ní dóigh liom go bhfuil an focal deiridh ráite acu siúd atá go láidir ar thaobh amháin nó ar thaobh eile den díospóireacht – seans go mbeidh lá eile ag an sionnach!

Dé Sathairn, bhí plé ar chúrsaí aeráide, ar sheirbhísí sláinte agus seirbhísí poiblí eile, agus ar chostais maireachtála. Spreag Eoin Ó Broin TD an lucht féachana go mór le hóráid lán-dóchais faoin bplean atá aige chun tithíocht a sholáthar do dhaoine. Ach fiú agus plé fiúntach agus spreagúil a bheith ann maidir leis na géarchéimeanna éagsúla seo go léir tar éis tarlú, ba léir go raibh príomhábhar ag dó na gceirbe i measc lucht Shinn Féin: An Phalaistín.

B’ábhar bróid é don bhallraíocht go raibh Ambasadóir na Palaistíne í féin, an Dochtúir Jilan Wahba Abdalmajid, mar phríomhchainteoir na hArdfheise, agus ba léir go ndeachaigh an grá agus an dlúthpháirtíocht a bhí ag na mílte a bhí os a comhair i bhfeidhm uirthi chomh maith agus í ag teacht chun na stáitse. 

Ní haon áibhéil a rá go raibh daoine ag caoineadh mar gheall ar an ár déanta ag Iosrael ar mhuintir Ghaza, go háirithe tar éis an óráid den scoth tugtha ag urlabhraí Gnóthaí Eachtracha Shinn Féin, Matt Carthy TD, agus é ag cur fáilte roimpi, agus ní raibh fonn ar bith ag daoine suí síos nuair ar chríochnaigh an Dr. Abdalmajid ag caint. 

Chris Hazzard

• Chris Hazzard

Mar an gcéanna a bhíodar nuair ar iarr Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald TD ar an Rialtas Iosrael a chur chuig an Chúirt Coiriúil Idirnáisiúnta agus Ambasadóir Iosrael a dhíbirt abhaile, óráid a fuair poiblíocht sna meáin fud fad an domhain toisc gur sheas sé amach mar shampla aonarach den dlúthpáirtíocht in aghaidh an chinedhíothú san Iarthar. Codarsnacht suntasach le hArd Fheis Fhianna Fáil a chur fáilte roimh Ambasadóir Iosrael.

Agus é in éineacht liom ar an mbeoshruth, dúirt iarUachtarán Shinn Féin Gerry Adams gurb é an dlúthpháirtíocht sin a bhí le brath go láidir sa halla, anam an phoblachtánachais. Léiríodh an anam sin freisin agus Oriol Junqueros ón Chatalóin agus Arnaldo Otegi ó Thir na mBascach ag caint mar aoichainteoirí, ach fiú le linn dá gcuid cainte bhí cás na Palaistíne lárnach, rud a bhí le feiceáil in óráidí ó bhaill chomh maith agus iad ag plé rúin.

Thug Chris Hazzard MP comhairle do bhaill agus é ar an mbeoshruth freisin maidir le conas óráid éifeachtach a thabhairt ag Ard Fheis, ag rá gur chóir é a choimeád gasta, dírithe agus paiseanta. Is toisc gur chloí sé leis na moltaí sin dar liom gur sheas ceann de na hóráidí deireanacha a bhí ag an Ard Fheis amach mar buaicóráid. Níor labhair an Comhairleoir Jim Brennan as Sliabh Crúibe i gContae an Dúin ach ar feadh 45 soicind, ach chuaigh sé i gcion go mór orainn go léir.

Dúirt sé go raibh sé beartaithe aige cuairt a thabhairt ar an Phalaistín i mí Dheireadh Fómhair chun daltaí bunscoile a mhúineadh agus nach bhfuil roinnt de na páistí sin beo faoin am seo. “Codlaíonn mo pháistí agus mo gharpháistí go sábháilte faoine gcoilt. Codlaíonn leanaí agus páistí sa Phalaistín marbh faoi thonaí smionagar.” Ní theastaíonn cur síos níos cuimsithí chun a léiriú cad ba chúis leis an dlúthpháirtíocht as cuimse a bhí le brath i halla na hArd Fheise agus go dteastaíonn sos cogaidh anois. 

Is Cúntóir Parlaiminte é Eoghan Ó Finn atá ag obair ar an nGaeilge, an Ghaeltacht, na hEalaíona agus an Cultúr

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland