Top Issue 1-2024

24 November 2022 Edition

Resize: A A A Print

Croílár na Gluaiseachta

Agus barr an chnoic bainte amach againn, ligeamar osna mór faoisimh asainn agus sinn báite inár gcuid allais. Tar éis m’anáil a tharraingt cúpla babhta, do chas mé timpeall agus chaitheas tamall ag féachaint ar an éacht a bhí bainte amach againn.

Os mo chomhair amach bhí farraige thiubh de bhratacha ag séideadh sa ghaoth bhog Bhascach, bratach bhródúil na hÉireann ina measc. Trí mhíle duine óg, trí mhíle gníomhaí, trí mhíle Bascach ag siúl na drúchta go moc ar maidin, ag mairseáil ar son a saoirse, le Gaeil, Catalóinigh, Gailísigh agus dreamanna eile réabhlóideacha ina dteannta. Agus mé ag féachaint ar an íomhá chumhachtach, ildaite seo, ag déanamh mo mhachnaimh, tháinig Bascach fir aníos i m’aice, agus ‘siad na focail a dúirt sé agus an bheirt againn ag féachaint ar an slua ná: “Sin croílár na Gluaiseachta.”

An Turas

Mí Aibreáin a bhí ann, agus bhí mé féin agus Róisín Nic Liam, beirt bhall d’Ógra Shinn Féin, tar éis aghaidh a thabhairt ar Thír na mBascach d’fhéile mhór Gazte Martxa. Tar éis oíche a chaitheamh ag siúl thart ar shráideanna caola Bilbo, le stair ‘gus scéalta ag úscadh ó gach aon chearn is clúid, chuamar soir chuig na sléibhte, áit a dtarlódh mairseáil ollmhór trí lá.

Chaitheamar ár gcuid ama ag comhrá is cadráil le Bascaigh óga. Bhí mórán cosúlachtaí eadrainn. Bhíomar go léir, geall leis, ar comhaois. Bhíomar inár mbaill de pháirtithe réabhlóideacha a bhfuil sé mar chuspóir acu saoirse a dtíre a bhaint amach agus sochaí chóir, chomhionann a thógáil. Tógadh sinn le scéalta mar gheall ar thréimhsí an chur faoi chois, ó ré Chromaill go ré Franco agus réanna eile nach iad. Is léir go raibh cosúlachtaí idir ár ngluaiseachtaí chomh maith - tháinig deireadh le feachtas armtha na mBascach thart faoi deich mbliana tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, mar shampla.

Ach ba léir chomh maith nárbh ionann sinn. Cad go díreach a bhí á rá ag Eneko nuair a ghlaoigh sé ‘croílár na Gluaiseachta’ ar an radharc croíúil sin de ghlúin óg an tsléibhe?

An Teanga

In Éirinn, agus i nGluaiseacht na Poblachta Éireann, níl aon amhras ach go bhfuil ról lárnach ag an dteanga náisiúnta inár bpolaitíocht, agus in oidhreacht ár ngluaiseachta. Is de bharr iarrachtaí Shinn Féin agus dreamanna eile a bhfuil reachtaíocht teangan ó thuaidh don chéad uair, agus is sinne a sheasann an fód don Ghaelainn ó dheas i gcoinne neamhshuim na bunaíochta polaitiúla. Is polasaí an-tábhachtach í an Ghaelainn dúinn.

Ach ní polasaí í an Bhascais dos na Bascaigh. ‘Sí an Bhascais teanga oibre, laethúil na gluaiseachta náisiúnaí ansan, agus ar na rudaí is mó a thugas fé deara is sinn ag siúl is ag caint is ag foghlaim ónár gcomrádaithe Bascacha ná nach cuid dá streachailt í an Bhascais, ach gurb í an Bhascais bun agus barr a streachailte. Is Bascais a bhí á labhairt ag an ndream óg eatarthu féin, is i mBascais a bhí an ceol ar éist siad leis, is Bascais a bhí le clos ó éirí na gréine go héirí na gealaí. Is ina dteanga féin a dhéanann siad a machnamh, is ina dteanga féin a shamhlaíonn siad todhchaí nua dá dtír. ‘Sí an Bhascais an glae a cheanglaíonn a gcumasc réabhlóideach. An dó sin a bhí an ráiteas rúndiamhair sin ag tagairt?

Croílár na Gluaiseachta2

• Fhéile mhór Gazte Martxa

An Talamh

‘Sé a dúirt Séamas Ó Conghaile tráth ná gur “réasúnta ár gcuid éileamh: níl uainn ach an Domhan.” ‘Sé a dhearbhaigh Forógra na Poblachta i 1916 ná “gur ceart dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann ar dhílse na hÉireann”. ‘Sé a deir na heolaithe linn inniu ná go bhfuil comhshaol na tíre seo, chomh maith le haeráid agus timpeallacht an phlainéid féin, ar an dé deiridh. Tá córais nádúrtha na n-ainmhithe agus na bplandaí ag fulaingt, agus tá flaitheas an dúlra fé ionsaí. Is léir dúinne gurb é meascán nimhneach an chaipitleachais, an mheoin choilínigh agus an nualiobrálachais is cúis leis seo, ach an féidir linn a rá go hionraic go bhfuilimid, mar ghluaiseacht náisiún na hÉireann, ag déanamh ár ndíchill dul i ngleic leis an ngéarchéim eiseach seo?

Nuair a cheistíos duine d’eagrathóirí an mhórshiúil Bhascaigh cad ina thaobh a n-eagraíonn siad an t-imeacht sin, ‘sé an freagra a fuaireas ná go bhfuil sé tábhachtach dóibh bheith i measc na sléibhte, fé scáth na gcrann agus i dteagmháil leis an bhfiantás, chun coinsiasacht a chothú ar ríthábhacht an nádúir óna dtagaimid agus ar a mbraithimid. Thugas fé deara freisin gur chuir siad an-bhéim ar earraí inathúsáidte a úsáid, agus ar chúrsaí athchúrsála.

Is líne thosaigh eile í seo sa chath ar son a náisiúin: an nádúr agus an comhshaol agus an talamh óna n-eascraíonn a dtír a chosaint uathusan gur mian leo í a scrios. B’fhéidir gurb é an tírdhreach fisiciúil a bhí á lua ag Eneko agus é ag caint ar chroílár na Gluaiseachta.

An Óige

Sa tír seo, is léir don dall go bhfuil an ghlúin óg ina dúiseacht, agus go bhfuil fonn dosháraithe ionainn d’Éirinn níos fearr, d’Éirinn níos cothroime, agus d’Éirinn aontaithe. Deir na pobalbhreitheanna gur i Sinn Féin atá an óige ag cur a cuid muiníne, mar gur sinne an páirtí leis an bhfís is uaillmhianaí agus is dóchasaí do mhuintir uile na hÉireann. Laistigh de Shinn Féin, cén ról atá ag an nglúin óg? An bhfuil ár ndóthain á dhéanamh againn ar mhaithe leis an bpáirtí, agus an bhfuil a dhóthain á dhéanamh ag an bpáirtí ar mhaith linne? An dlúthchuid sinne de Ghluaiseacht na Poblachta in Éirinn? An mbeimis in ann trí mhíle duine óg a mhealladh chun siúil ar feadh trí lá ar shléibhte Chorca Dhuibhne nó Bheanna Beola?

Cúis amháin, b’fhéidir, a bhfuil glúin óg Thír na mBascach níos gníomhaí sa pholaitíocht (agus níl aon amhras ach go bhfuil) ná mar atá in Éirinn ná go bhfuil cur faoi chois ó na póilíní agus na húdaráis fós beo sna tíortha atá fé smacht ag Stát na Spáinne. Insíodh scéalta dúinn mar gheall ar chairde a chaith seal i bpríosún toisc gur cuireadh graifítí ‘treascrach’ in airde, nó ábhar polaitiúil mídhleathach a iompar. Agus sinn ag tiomáint chuig cathair mhór do lá idirnáisiúnta na mBascach, chuir faireachas na bpóilíní agus an Guardia Civil ionadh orm.

Mar is eol dúinn féin anseo, nuair a bhíonn an stát dian ar fhéiniúlacht náisiúnta, nó ar ghluaiseachtaí polaitiúla, éiríonn an ghlúin óg amach ina choinne sin. Ní ghlacaimid go humhal leis an leatrom. Is dá bharr san go príomha, dar liomsa, a bhfuil an-choinsiasacht pholaitiúil ag Bascaigh óga. Ní mór d’aon tír, sinn féin san áireamh, atá ag maireachtaint i ré na síochána, bheith ar an airdeall nach múchann an easpa leatroim an splanc réabhlóideach atá ionainn. Ní mór dúinn bheith cúramach nach n-éirímid compordach leis an status quo, leis an saol mar atá, le bheith inár n-íochtaráin nuair is cóir do chosmhuintir na tíre bheith inár n-uachtaráin! Is léir go bhfuil splanc réabhlóideach na mBascach óg ag lonrú, mar lóchrann dóchais agus inspioráide d’óige na cruinne móire. An don splanc céanna a bhí an Bascach ag tagairt agus é ag labhairt faoi chroílár na Gluaiseachta?

Croílár na Gluaiseachta3

        

Cad atá le foghlaim?

Níl amhras ar bith ach go bhfuil ag éirí go han-rathúil le Sinn Féin in Éirinn. Tá an comhrá fé athaontacht na tíre i mbéal an phobail, táimid ar leac dorais an rialtais ó dheas, agus diaidh ar ndiaidh táimid ag druidim i dtreo buaic scéal na hÉireann. Agus sinn insan tréimhse chorraitheach, thábhachtach seo, ní mór dúinn bheith i gcónaí ag féachaint orainn féin, ag athbhreithniú, ag ullmhú sinn féin don am atá ag teacht.

Tá dualgas orainn níos mó a dhéanamh chun an Ghaelainn a chur chun cinn sa pháirtí féin, chun go mbeidh sí mar phríomhtheanga labhartha ár ngluaiseachta sna blianta amach romhainn. Is gá dúinn bheith mar cheannródaithe na troda i gcoinne chliseadh sistéimeach an chaipitleachais, atá ag déanamh dochair as cuimse dár dtimpeallacht. Agus, gan amhras ar

bith, ní mór dúinn seasamh na hóige a fheabhsú sa pháirtí, ag cruthú spásanna don óige chun a cuid smaointe, tuairimí agus fís don todhchaí a phlé. Mhúineamar mórán dár gcomrádaithe Bascacha mar gheall ar thaithí agus cheachtanna na hÉireann, agus is iadsan na ceachtanna is suntasaí a bhí le foghlaim ónár seal leis na Bascaigh.

Ag filleadh ar an gcnoc ...

Agus mé ag féachaint ar an íomhá chumhachtach, ildaite seo, ag déanamh mo mhachnaimh, tháinig Bascach fir aníos i m’aice, agus ‘siad na focail a dúirt sé agus an bheirt againn ag féachaint ar an slua ná: “Sin croílár na Gluaiseachta.”

Ní dúirt mé focal ar feadh nóiméid. Chas mé chuige, a shúile ag féachaint ar bhratacha a náisiúin, a chluasa ag éisteacht le teanga a náisiúin agus a chosa ag seasamh ar thalamh a náisiúin, é i dteannta óige a naisiúin.

Bratacha a thíre.

Focail a theangan. Mothú a thimpeallachta.

Comhluadar a chomrádaithe.

Chas mé ar ais arís agus thuigeas. Thuigeas cad a bhí i gceist le croílár na Gluaiseachta. Ní an naisiúnachas amháin. Ní an teanga amháin. Ní an timpeallacht amháin. Ní an óige amháin. Ach iad go léir aontaithe in aon chumasc amháin. An cumasc réabhlóideach san, an cumasc a bhí le brath agus le feiscint sa radharc sin, sa radharc gan sarú de bhuaic na réabhlóide ar bhuaic an chnoic. Chreideas ar an nóimeád san is gach nóiméad ó shin gur sinne an ghlúin, glúin na nGael óg is na mBascach óg, a shamlóidh, agus a chífidh, agus a chruthóidh, éirí na Gealaí lenár linn, tríd an gcumasc réabhlóideach sin ar a nglaoimis Croílár na Gluaiseachta. 

• Gníomhaí in Ógra Shinn Féin is ea Oisín Ó Síocháin

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland