Top Issue 1-2024

24 November 2022 Edition

Resize: A A A Print

Ard Fheis 2022: 'Táimid chun an tír seo s’againne a athrú!'

• People who got up early in the morning - Sinéad Ní Bhroin agus Eoghan Ó Finn ag tabhairt faoin chéad tráchtaireacht bheo ar Ard Fheis pholaitiúil i stair na hÉireann (molta go mór ag Fionnán Sheahan agus Miriam Lord)

Tús maith, leath na hoibre. Tús luath a bhí ann domsa toisc go raibh orm ullmhú don chúram nua a bronnadh orm ag Ard Fheis 2022: Don chéad uair riamh i stair na polaitíochta in Éirinn is cosúil, bhí ardfheis náisiúnta le bheith craolta ina iomlán le tráchtaireacht bheo ar líne. Mar leathbhádóir liom don lá, bhí Sinéad gealgháireach, spleodrach Ní Bhroin, a bhíonns ag obair liom i dTeach Laighean, agus sular thosaigh an díospóireacht d’fhear muid fáilte roimh an lucht féachana sa bhaile agus thar lear go fíorúil RDS Bhaile Átha Cliath.

B’ait liom go rabhamar sa ‘Royal Dublin Society’. Is ag cúinne an ionaid, i bhfoirgneamh deartha ag athair Edward Carson (Halla Bhaile Pheambróg), a choinnigh Arm na Breataine priosúnaithe poblachtánacha le linn Éirí Amach 1916. Poblachtánaigh a ghlac seilbh ar Dhroichead na Dothra i mbliana, tar éis bua a fháil i seancheanncheathrú an RDS (Teach Laighean) i 2020.

Pléadh rúin ó 10am sa mhórhalla, ach i halla eile bhí seastáin á reachtáil ag eagrais neamhrialtais ar son réimse leathan cúiseanna; cearta mhná, cearta othair le tinnis éagsúla, neodrachas agus síochán, srl. Bhí caiféanna ag freastal ar scata mór feisirí a bhí ag suí timpeall ag baint sult as chomhluadar a chéile, roinnt acu nach bhfaca a chéile ó thús na paindéime. 

Eoghan Ó Finn2

• Radharc ó chúinne an bheoshruthú ar theacht i láthair Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald, agus an slua éirithe ina sheasamh san RDS

Bhí iriseoirí ann ag déanamh iarracht conspóid a chothú as cupáin ‘Tiocfaidh ár latte’ a bhí ar dhíol ag siopa leabhair Shinn Féin. Bhí feisirí ag bogadh thart ag lorg cá háit le vóta a chaitheamh don Ard Chomhairle nó cainteanna suimiúla ar aontú na hÉireann agus leabhair a bhí eagraithe don lón, gan trácht orthu siúd a bhí imithe ar strae sa halla béaldorais, áit a bhí Comhdháil Tatú Bhaile Átha Cliath faoi lánseol (agus éileamh níos mó ar thatú lile na Cásca i mbliana ann seans!).

Toisc go raibh mé féin agus Sinéad sáinnithe sa chúinne ag míniú cúrsaí daonlathais dóibh siúd a bhí ag éisteacht (Fionnán Sheahan agus Miriam Lord gafa linn creid nó ná chreid), lig mé do roinnt baill óga a bhí ag freastal ar Ardfheis don chéad uair a mhíniú dom conas mar a thit rudaí amach.

Bhí iontas ar Róisín Ní Threasaigh (26) go raibh deis ag gach duine labhairt. Bhí sí féin ar tí labhairt go dtí gur chuala sí Pádraig Delargy MLA ag rá go díreach cad a bhí i gceist aici faoi chúrsaí míchumais. Tá Róisín faoi mhíchumas agus ag fanacht dhá bhliain ar bhunchúram leighis. “Thuig mé go raibh mé i measc daoine a smaoinigh ar an gcaoi céanna liom”, a dúirt sí.

Bhain Megan Tynan (19) tairbhe as an phlé faoi rudaí nach gcuireann as dí féin, ar nós míchumas agus gnóthaí idirnáisiúnta, toisc go dtuigeann siad níos fearr anois iad tar éis an Ardfheis. “Ní raibh mé ag súil go leanfadh na rúin i ndiaidh a chéile gan briseadh, agus bhí tú gafa leo i gcónaí, ní raibh sé riamh leadránach”, dar léi. D’aithin sí deighilt idir thuairimí an dream óg agus na baill níos sine go háirithe ó thaobh rún uimhir a 66 faoin dlúthpháirtíocht leis an Úcráin, agus tá sé i gceist aici súil a choimeád ar rudaí mar sin amach anseo dá bharr.

SF AF 2022 logo

Sheas an rún seo amach i measc an 70 iomlán a bhí pléite toisc an paisean lena labhair roinnt baill óga ina aghaidh. Bhí buairt orthu go gcuirfeadh foclaíocht ag tacú leis an bhféinchinneadh naisiúnta i ngach cás tacaíocht d’Iosrael nó do scarúnaithe sa Donbass fiú ar chomhchéim leis an Phalaistín nó an Úcráin, agus níor thacaigh siad le moladh smachtbhannaí mar phrionsabal.

Cé gur fógraíodh sa deireadh gur éirigh leis an rún, thaispeáin an slua tacaíocht do na baill óga as labhairt amach faoi na rudaí a ghoill orthu. Dar le hAdam McKenna (21), ba é buaicphointe na hardfheise daoine óga a fheiceáil ag labhairt ar ábhair éagsúla a bhain leo mar dhaoine óga.

Gan cúlra poblachtánach aige, ghlac Adam le Sinn Féin ar mhaitheas leis an athrú a bhí uaidh don tír a chur i bhfeidhm, agus dar lena chomhghleacaí John Jo McGrady (20), léirigh an Ardfheis conas a ndéanfaidh Sinn Féin an t-athrú sin a chur i bhfeidhm. Ní uailmhiain ídéalaíocha amháin a bhí léirithe in aigne John Jo, ach rialtas réidh ag leagan amach a bplean, rud a bhí feicithe aige go háirithe in óráid Mary Lou. Bhí sí “díongbháilte, seasmhach”, dar leis, “ag léiriú cad atá uainn mar phoblachtánaigh, mar shóisialaigh, go bhfuil an córas lochtach – más tithíocht do mhic léinn nó pá atá i gceist, tá daoine ag obair go dian agus gan faic a shaothrú – agus táimid chun an tír seo s’againne a athrú!”

Beidh Ard Fheis eile ag an bPaorach ar ndóigh, ní raibh san Ardfheis do na gníomhairí óga seo ach tús. Tús maith áfach! 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland