Top Issue 1-2024

27 January 2022 Edition

Resize: A A A Print

'Pluid' le Eoghan Mac Cormaic

Is dearfach an mhaise é go bhfuil de dheis againn anois scéal na mBlocanna H a léamh i nGaeilge ó pheann duine a chaith aon bhliain déag dá shaol iontu, nach mór, mar chime polaitiúil. Cumasc den ghreann, dólás agus brúidiúlacht as éadan atá le fáil sa leabhar 'Pluid' le hEoghan Mac Cormaic. Thar aon ní eile, áfach, is é an bráithreachas agus sprid na réabhlóide is cás don saothar seo.

Is maith gur 'Pluid' a baisteadh ar an leabhar nó cuirtear scéal riabhach na bhfear pluid i láthair go daonnachtúil tuisceanach ag duine dá ndream. Tugtar aird fiú ar “na fir phluide dhearmadta” i Sciathán B, Priosún Bhóthar Chroimghlinne, a raibh coinníollacha níos measa acu ná an dream sna Blocanna, más fíor. Níl aon amhras ach gur deacair cuid den chur síos a dhéantar ar bhrúidiúlacht na gcoimhéadóirí a léamh ach is deacra fós gnáthaíocht an fhoiréigin i saol na mBlocanna a chreideamh. Ar a chéad lá sa gCeis Fhada a cuireadh an méid sin in iúl go neamhbhalbh don údar:

“(…) léim triúr acu orm, do mo leagadh ar an úrlar arís agus ag ligint a racht feirge orm, le doirne agus bróga arís. Thréig siad mé ansin, mo bhéal lán d’fhuil, m’aghaidh, mo lámha, mo chosa, mo chorp clúdaithe le rianta agus scríobanna, mo chuid gruaige tarraingthe agus tom di ag teacht amach i mo lámha.”

Is iomaí ainm, áit nó dáta sa leabhar a chuireann eachtraí stairiúla eile i gcuimhne dúinn agus luath go leor sa scéal tugann an t-ainm Pat Livingstone aird an léitheora ar chás a dheirféar, Julie Livingstone. Cailín 14 bliana d’aois ba ea Julie, an duine ab óige de chlann as Leana an Dúin in iarthar Bhéal Feirste a maraíodh ag piléar plaisteach a scaoil sceimhlitheoir de chuid Arm na Breataine ina treo i mBealtaine 1981 agus í ar a bealach le cuairt a thabhairt ar chara léi. I bpodchraoladh de chuid “Guthanna 81” anuraidh, rinne deirfiúracha Julie cur síos uirthu mar “the life of the family”. Ruaig dílseoirí muintir Livingstone as a dteach i Sráid Dover sa gcathair i 1970, cuid thábhachtach eile de stair an stáit Sé Chondae.

Pluid2

Ach an oiread le '6000 Days' le Jazz McCann, tá ceachtanna go leor le foghlaim ag poblachtánaigh an lae inniu sa leabhar seo. Tréithe na ceannaireachta, tábhacht na meithle, féin-mhuinín agus comrádaíocht ina measc. Díol spéise domsa ba ea neamhspleáchas na gcimí poblachtánacha i gcúrsaí poalitiúla agus straitéise, iad ag déanamh a machnaimh féin ar gach cinneadh, straitéis agus beart de chuid na gluaiseachta “ar an taobh amuigh”. Sheas sliocht amháin amach go beo dom mar a ndéantar cur síos ar na héanacha a bhíodh le feiceáil “ag priocadh an tarmac” sna clósanna taobh amuigh agus an tsaoirse a bhain leo gur mhór ag na cimí í. Téama uilíoch daonna é sin ar ndóigh agus ba chúis sóláis é radharc dá leithéid don réabhlóidí Rosa Luxemburg is í faoi ghlas mar chime polaitiúil i mBeirlín i 1917 mar a mhínigh sí i litir dá cara:

“Yesterday, May 1st, I met - guess who? - a radiant common brimstone! I was so happy that my whole heart pounded. It flew up to my sleeve - I wear a purple jacket, and the colour probably attracted it - then it bobbed up and down the wall.”

Ábhar uilíoch eile is ea an greann agus is ann dó ó thús deireadh an leabhair seo idir chás truamhéalach “Danny Aiken”, na saighdiúirí cothrománacha, litir ón Athair Naofa nár ceadaíodh, nochtadh an daorghalair dhamanta agus tuilleadh nach iad.

Mar dhuine a saolaíodh sna naíochadaí, is cuid den stair – dhá thábhachtaí dom í – an stailc ocrais sa gCeis Fhada caoga bliain ó shin. Is léir gur fhág an stailc ocrais sin lorg faoi leith, mar sin féin, ar shaolta na bpoblachtánach a bhí sna Blocanna in éineacht leis na fir a cailleadh agus is mór agam an deis eolas éigin a chur ar thréithe pearsanta na bhfear cróga sin.

Ní féidir an scéal a léamh i bhfolús polaitiúil, ar ndóigh, agus tá cruinneshamhail chaolaigeanta sheicteach an stáit féin le sonrú ar iompar na n-údarás príosúin trí chéile. Is fíor gur d’fhonn na cimí poblachtánacha a bhriseadh a caitheadh chomh mailíseach sin leis na fir óga seo ach gan an seicteachas córasach a bhí de dhlúth is d’inneach sa stát ní fhéadfaí réimeas mar sin a chur i bhfeidhm ná a choinneáil: “Laethanta sceimhle a bhí ann, agus sceimhlitheoir a bhí sa dochtúir.”

Ba bhreá an rud scéal aitheanta an raidió criostail a léamh leis an duine a bhí ina bhun nuair a fógraíodh toghadh Bhobby Sands (“béicíl, screadaíl, caoineadh áthais, buaileadh potaí ar dhoirse, ceiliúradh gan srian”) ach ar na laethanta coscracha sin mar a bhfógraíodh bás stailceoir ocrais chaithfeadh sé gur ualach trom a bhí ann (“Rinne mé cogar ag an doras: ‘Fuair Bobby bás aréir.’ … ní raibh aon duine in ann codladh an oíche sin”).

Cuireann an saothar seo leis an tuiscint atá againn ar shaol na mBlocanna H agus ar an tréimhse is deireanaí den choimhlint in Éirinn. Cothaíonn sé misneach agus bród. Seasann sé as féin mar shaothar stairiúil. Ina theannta sin uilig, áfach, nochtann sé nádúr an stáit agus an cur i gcoinne a chothaigh sé ar bhealach nach bhféadfadh aon staidéar eolaíoch a dhéanamh. Ar an mbonn sin is ceart é a aithint mar chuid de nualitríocht dí-choilíneach na hÉireann. 

Pluid3

Taken from: Pluid – Scéal na mBlocanna H 1976-81

400 women and men took part in the Blanket and No Wash protests in the H Blocks and Armagh Gaol which culminated in the Hunger Strikes of 1980 and 1981. This is the story of all of them, told by one of them.

An Galar Mar an gCéanna 

Ní raibh a fhios againn ná ag aon duine dár lucht leanúna ag an am, i 1978, ach bhí plé agus machnamh ar bun ag rialtóir an phríosúin le hinneall X-gha a lonnú san Fháiltiú agus tástáil a dhéanamh ar gach duine sa phríosún le stop a chur le leathnú galar anála mar gheall ar na coinníollacha maireachtála. Bhí na coimhéadóirí buartha faoi scaipeadh broincítis nó galar eile agus íocadh pá breise dóibh as na coinníollacha oibre, as an gcuardach scátháin agus eile. Sa deireadh níor cuireadh na hinnill isteach. Freagra seafóideach eile a bheadh ann, ar ndóigh, gan machnamh déanta ar fheidhmiú, costas, impleachtaí, comhoibriú uainne nó ónár gcuairteoirí. Lean an plé faoi ghalair ar aghaidh, áfach, ní amháin leis na coimhéadóirí ach eadrainn féin. 

Tháinig fear inár sciathán a raibh a athair ina dhochtúir teaghlaigh. Iarradh ar ‘Doc’ ceist a chur ar a athair faoi na himpleachtaí a thiocfadh as tréimhse fhada ar stailc níochána. Bhí cuairt aige agus chuir sé an cheist. Tháinig an freagra lom, simplí ar ais: ‘Éireoidh sibh salach.’ 

Bhí fir a chreid go raibh a gcoirp ‘féinghlantach’. Pléadh teoiricí ag na fuinneoga faoin chorp ag athrú sraith craicinn go rialta agus an craiceann nua ‘glan’. Air sin a chloisteáil, dúirt duine greannmhar amháin gur thrua nach raibh sin ar eolas aige roimhe nó nach mbeadh sé á ní féin riamh. Dúirt duine eile go mbeimis níos glaine ag deireadh na hagóide ná mar a bhí ag an tús. 

Níor bhris an eipidéim amach a raibh na coimhéadóirí buartha faoi (agus muidne ag súil leis). Is dócha, áfach, go raibh eipidéim de shaghas ann, agus má scríobhtar leabhar riamh ag plé eipidéimí in Éirinn, beidh fonóta de dhíth faoi eipidéim H5, an Galar Mar an gCéanna. 

Ní raibh muid ró-fhada ar an stailc níochána nuair a d’éirigh muid... bhuel, deirimis, salach. Bhí na coimhéadóirí ag pleidhcíocht leis an bhia, bhí an samhradh an-te, bhí cruimheanna agus cuileoga ar fud na háite, bhí na cillíní á bplúchadh, agus de réir a chéile bhí fir ag éirí tinn. 

Bhí beagán comhbhá agus spéise ann (fiosracht mhífholláin, b’fhéidir) ag an tús nuair a thuairiscíodh fear go raibh sé tinn le linn cruinniú na nuachta agus scéalta ó na sciatháin  a tharla gach oíche. De réir a chéile, áfach, níor cuireadh mórán spéise sa mhír ‘Fear amháin tinn’ nó ‘Fear amháin an-tinn’ i measc míreanna a dúirt gur buaileadh fiche fear le linn cuardaigh nó gur buaileadh duine go dona ar na Cláracha. Ní raibh ‘tinn’ chomh hard ar an scála le ‘gortaithe’ in ord tosaíochta na bolscaireachta. 

Ar ndóigh, nuair a bhí an tIonad Preas de chuid Shinn Féin ar an taobh amuigh ag fáil tuairiscí faoi dhaoine tinne, ní raibh siad chomh fuar- chúiseach, agus thiocfadh fiosrú isteach: ‘Cén tinneas? Cé chomh tinn?’ Chuirtí freagraí ar ais ar nós ‘bolg tinn’ nó ‘sciodar’, ach i ndiaidh cúpla oíche bhí an ‘fear amháin tinn’ ag fás go dtí beirt, triúr. Bhí líon na ndaoine tinne ar aon dul le líon na ndaoine a buaileadh. Bhí eipidéim ag tosú. Ní raibh a fhios againn cad a bhí ann, ach bhí na comharthaí ar eolas againn. San áit sin ina bhfuil dímheas ar mhothúcháin féintrua, ní raibh am againn a bheith ró-bháúil, agus bhaist soinicí an sciatháin an Same Thing Disease air, nó an Galar Mar an gCéanna, de thairbhe go raibh gach íospartach ag fulaingt na rudaí céanna. 

‘Ceathrar tinn sa sciathán!’ a thiocfadh mar scéal istoíche. 

’Cad tá mícheart leo?’ ‘An Galar Mar an gCéanna!’ 

Agus leis na focail sin, níor ghá don scairteoir mionsonraí a lorg. Ní raibh ann ach an Galar Mar an gCéanna. 

Is fiú a rá go raibh difir suntasach idir an Galar Mar an gCéanna agus an Galar Sin É nó an Sin É Disease. Thosaigh an dara leasainm sin nuair a chualathas go raibh a leithéid de shean- duine ag fáil bháis taobh amuigh agus gur dúradh lena ghaolta: ‘Sin é, bí ullamh don deireadh.’ Ina dhiaidh sin, má bhí tuairisc faoi dhuine an-tinn, deirtí go raibh an ‘Galar Sin É’ orthu, nó go raibh siad ag fáil bháis. Ní raibh an Galar Mar an gCéanna chomh dona sin, ar ndóigh. 

Ní raibh aon leigheas ar an Ghalar, agus rith sé tríd an bhloc ar fad mar a rithfeadh pianta breithe tríd Fir Uladh sa Táin. B’in ár gcéad phaindéim agus ós rud go raibh muid faoi ghlas 24 uair in aghaidh an lae, caithfidh gur ar thús cadhnaíochta sa scaradh sóisialta a bhí muid. I ndiaidh roinnt seachtainí bhí a chúrsa rite agus ní raibh aon tuairiscí eile faoi. Nó má bhí sé fós ann, chinn ár gceannairí go raibh cúraimí níos práinní ann, agus bhí. 

Ós ár gcomhair, go fóill, bhí Geimhreadh 1978… 

• Sliocht as an leabhar Pluid, Scéal na mBlocanna H 1976-81, le Eoghan Mac Cormaic (Coiscéim 2021). Buaiteoir saothar do dhaoine fásta, Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2021

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland