Top Issue 1-2024

27 January 2022 Edition

Resize: A A A Print

Na Gaeil Óga Gaelchlub i mBaile Átha Cliath

Más rud é go mbíonn tú ag siúl leat i bPáirc an Fhionnuisce tráthnóna grianmhar éigin i lár an tsamhraidh agus go bhfeiceann tú scaifte daoine ag imirt peile ar cheann de na páirceanna fairsinge peile, b’fhéidir nach dtabharfá mórán airde orthu. Is é sin go dtí go dteann tú giota níos cóngaraí dóibh agus go gcluineann tú daoine ag scairteadh “tá mé anseo” nó “tabhair pas dom anois”. B’fhéidir go smaoineofá ansin - “Cad chuige faoi Dhia a bhfuil an bhaicle seo uilig ag labhairt i nGaeilge?”

Dar ndóigh, is iad Na Gaeil Óga atá i gceist agam thuas. Daoibhse nár chuala iomrá orthu roimhe is club CLG lán-Ghaeilge é Na Gaeil Óga atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bunaíodh an cumann in 2010 nuair a tháinig grúpa daoine díograiseacha le chéile le plé a dhéanamh ar an dóigh a bhféadfadh siad saol níos Gaelaí a chruthú dóibh féin i mBaile Átha Cliath. An toradh a bhí ar an chomhrá seo - Na Gaeil Óga, atá ar an chumann spóirt is mó fáis in Éirinn ó shin. Faoi láthair tá 30 foireann ann le corradh is 500 ball imeartha. 

Na Gaeil Oga2

• Foireann Peil na mBan

An sprioc atá i gceist le gach imeacht de chuid Na Gaeil Óga, bíodh seisiún traenála don fhoireann faoi 8, cluiche camógaíochta nó oíche amach do na foirne fásta, nó go mbeadh Gaeilge amháin á labhairt. Ciallaíonn sé sin go mbíonn ball foirne ag freastal ar a laghad trí uair an chloig d’imeachtaí Gaeilge gach seachtain i rith an tséasúir. An fhoireann iomána i séasúr 2021, mar shampla, idir chluichí, thraenáil agus oícheanta sóisialta, chaith siad os cionn 150 uair an chloig le chéile sa chomhphobal Ghaeilge seo. Don té atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú tá cuid mhór uaireanta teagmhála teanga i gceist anseo, rud atá thar a bheith tábhachtach sa phróiseas foghlama teanga. Thar na blianta tháinig cuid mhaith imreoirí chuig Na Gaeil Óga nach raibh mórán Gaeilge acu ar dtús; daoine ó na Sé Chontae nach raibh deis cheart acu an teanga a fhoghlaim ar scoil, agus daoine thar loch isteach a chuir suim sa Ghaeilge ina measc, agus d’éirigh leo ardchaighdeán líofachta a bhaint amach. 

Na Gaeil Oga3

Le roinnt blianta anuas tá an club ag díriú ar na foirne faoi aois atá lonnaithe i Leamhcán in Iarthar Bhleá Cliath. Tá an struchtúr seo ag brath go mór ar na Gaelscoileanna sa cheantar, Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Eiscir Riada agus Coláiste Cois Life. Leis an Ghaelscolaíocht tá sé rí-thábhachtach go bhfuil a fhios ag na páistí go bhfuil an Ghaeilge á labhairt taobh amuigh den tseomra ranga agus go bhfuil faill acu í a úsáid i suíomh sóisialta. Seo é an ról a imríonn Na Gaeil Óga do na páistí seo i Leamhcán. Tá obair mhór idir lámha ag an chlub faoi láthair agus foirne suas go faoi 14 ag dul chun páirce sa gheansaí ghorm sa cheithre spórt. 

Leanann fás an chumainn ar aghaidh go gasta agus beirt oibrithe lánaimseartha fostaithe acu ar na mallaibh le cuidiú le fás agus forbairt an chlub. Gan dabht is eiseamláirí den scoth iad Na Gaeil Óga do phobail ar fud fad na hÉireann atá ag iarraidh a nGaelphobal féin a chruthú. 

Na Gaeil Oga4

• Na Gaeil Óga Foireann iomána sinsir

Faoin údar - Is Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail é do Na Gaeil Óga Conán Glas. Is as Falach Ghlún i gContae Dhoire ó Dhúchas é agus tá sé ina bhall imeartha do fhoireann iomána NGÓ ó bhí 2018 ann. D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge agus é ag imirt leis an chlub agus anois tá sé fostaithe lánaimseartha ag NGÓ.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland