AP front Issue 4 - 2000 - 200dpi

7 September 2020 Edition

Resize: A A A Print

Cinneadh ár gCine

Is minic a chloistear faoina bhfuil le cailliúint againn muna gcaitear leis an mbith mar is ceart. Is in iarsmalanna breátha geala a bheidh aon rian dá raibh linn tráth. Is minic a rith sé liom a mhinice agus a d’airigh mé an focal ‘bhíodh’ i gcomhráití agus mé óg. ‘Bhíodh’ seo siúd agus uile á dhéanamh ansin. “Bhíodh Gaeltacht ansin tráth” arsa mo mháthair agus sinn i ngaireacht do Bhaile Mhic Óda i gContae Chorcaí, nó trí Shliabh gCua mar a raibh cónaí ar mo shinsear. Conas a cailleadh a leithéid ó bunaíodh an stát? Nach ndeirtear linn go bhfuil gach rialtas tiomanta agus cromtha ar an gcaomhnú? Bíonn gach cosaint ar phár agus bíonn beart tur éigin de réir baothbhriathar ar mhaithe leis na daoine beaga suaracha a shásamh. Bíonn, a fhad is nach bhfuil an beart ina chonstaic ar phinginí suaracha ná ag éileamh gnímh. Is fada go mbainfidh gluaiseacht na Gaeltachta mullach an tsléibhe amach, agus rúm á choimeád don gcainteoir dúchais in aice le falcóg mhór an tseitheadóra san iarsmalann.

Tá tuiscint ann ó laethanta Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge ar thábhacht na Gaeltachta mar cheárta, inneoin agus beatha na teanga beo, mar aon leis na dána dúchasacha ina mbolg ag freastal ar an tine úd. Tá sí á hadhaint go tréan, agus in aineoinn na mbacanna atá ag plúchadh na teanga, níl aisling na Gaeltachta cloíte go fóill. Ach mo chás! Mo chaoi! Mo cheasna! Ní haon chúis lúcháire an scéal, mar nach bhfuil sí á taibhsiú féin ná é.

Bheadh dul amú ar aoinne a d’áiteodh gur bunaíodh an Saorstát le meon frith-Ghaeilge. Ach bíodh is go bhfuil na scórtha insintí ar scéal a bhunaithe, glacaimis leis go raibh crann taca ag an teanga ar phár nach raibh aici leis na cianta roimhe sin. Dá fheabhas gach iarracht an stáit i leith na teanga ar nós An Gúm a bhunú, stádas oifigiúil a bhronnadh ar an teanga, cáipéisí dlí a aistriú agus a fhoilsiú go dátheangach, is beag a rinneadh chun na Gaeltachtaí ba leochailí a bhí ann a chaomhnú, ná d’aon Ghaeltacht i ndáiríre. Bhí an teanga beo ach i mbaol ó thús an chéid seo caite i gceantracha ar fud na tíre. Bhí formhór d’iarthar Phort Láirge agus roinnt de dheisceart Thiobraid Árann ina nGaeltachtaí. B’amhlaidh an scéal in Iarthar Chorcaí le roinnt Gaeilge san oirthear. Bhí an teanga láidir i gContae an Chláir agus in achar mór de Chiarraí. Is beag ceantar i gConnachta nach raibh rian den teanga ann. Bhí rian di i nDoire Cholmcille agus i nGleannta Aontroime agus i gcontaetha eile i lár na tíre chomh maith. Cé go raibh tacaíocht ann don teanga ó lucht acadúil uasalaicmeach (Aontachtóirí agus Poblachtánaigh ina measc) le bunú dála Conradh na Gaeilge, an CLG agus mar aon le bunú na gcoláistí samhraidh, ba rabhchán iad ar an mbaol a bhí ann go gcaillfí an teanga leis na glúinte sin.

Léiríonn daonáireamh 1901 go raibh teaghlaigh Ghaelacha ag casadh ar an mBéarla. Cuireadh ‘Irish and English’ nó ‘Irish’ le formhór de bhaill clainne os cionn 16 bliana d’aois ach Béarla amháin a bhí luaite le glúinte a bhí níos óige. Faoin mbliain 1922, bheadh iarsmaíden teanga fós sna ceantracha seo acusan a raibh meánaois slánaithe acu ach go háirithe, agus ag an dream óg a raibh cúis acu gan cumas cainte na teanga acu a chlárú. Ní hé go raibh an nuarialtas dall air seo, mar gur beartaíodh go mbaileodh Wilhelm Doegen, Gearmánach le trealamh taifeadta, ábhar cainte ó chainteoirí dúchais i seacht gcontae déag ó thuaidh agus ó dheas idir 1928 agus 1931. Ní beag an t-éacht é sin. Bhí bá faoi leith á léiriú ag an stát leis an ‘aisling a cumadh’ ach pé maith a bhí sna beartais ar son na teanga, agus cé go bhfuil tábhacht faoi leith le seasamh na teangan i mBunreacht na hÉireann, is don gcaomhnú ábhair amháin a bhronnfainn aon ghradam. Ach más maol marbhintinniúil an cur síos seo, is maith mar a thuigimid nach ionann iarsma agus teanga pobail agus le bheith gonta faoi, níorbh leor an obair seo ina haonar. As na ceantracha a cuireadh san áireamh i gCoimisiún na Gaeltachta i 1926, ó acraí breátha laistigh de chúig chontae déag, níl ach cúig chontae (ní bheadh Co. na Mí san áireamh dar ndóigh) le haon Ghaeltacht nó breac-Ghaeltacht iontu anois. Is fúinne atá sé anois leas a bhaint as an saibhreas a cruinníodh agus geallúint dúinn féin nárbh í sin an fómhar deireanach a bheidh le baint i nGaeltachtaí na tíre. Muna raibh an fhírinne shearbh ná bánú na gceantar ag cur fonn caomhnaithe ar an nuarialtas, léirigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go raibh an fhaillí a bhí á déanamh ar chosmhuintir na Gaeltachta glan i gcoinne pé fís a bhí á mhaíomh.

Níorbh beag fadhbanna geilleagair an tsaorstáit dar ndóigh agus nílim dall ar cheist na himirce ná ar bhánú na tuaithe, ach cé nach raibh aon ghníomh faoi leith a d’fháisc gach guta as na hiar-Ghaeltachtaí, is deacair a rá gur rinneadh aon iarracht faoi leith an teanga a chaomhnú agus is i mo thuairim gur deacair gan aon chuid den mhilleán a chur ar ghníomhaíocht gallda eacnamaíochta a d’fháisc go leor le focal ina smig acu thar sáile.

Do léirigh scata stuama cumas mhuintir na Gaeltachta sna 70idí, agus níor éalaíodar ón ngleo a tharraing siad orthu féin. Bhí pobal amháin i gCois Fharraige in iúl saol na Gaeilge a chreathadh ón bhfiaradh agus ón liathadh aigne a bhí ag teacht de thoradh an easnaimh tacaíochta agus físe atá fós ag croí na faidhbe. Ón nGluaiseacht úd, thángthas ar bheartas a raibh mar aidhm aige údarás áitiúil ar comhchéim agus cumhachtaí breise le comhairlí contae a bhunú, mar aon le bunú RTÉ RnaG. Ba mhór an cúnamh a bhí san údarás go dtí le gairid. Ní bheadh aon tréan-iarracht uaimse mná agus fir na gluaiseachta sin a mholadh go lá Philib a’ chleite maith a dhóthain, ach má tá rud le rá, ba imníoch an tromluí a bheadh againn dá n-uireasa.

Dar ndóigh tá mé tar éis sean-scéal a chló, agus an t-eolas seo ar bharr a gcinn ag go leor. Ní ag seanmóireacht atá mé ná ag cearáil faoi theip gach rialtas sa deisceart. Níl saoi gan locht agus is lochtaí arís mise as tabhairt faoi cheist in alt beag faoi shrian, a cheapfar. Pé maith a bhí leis an gcúpla pingin a bhí le fáil do chainteoirí Gaeilge, bhí go leor dallamullóg i gceist ansin leis an bpobal a cheansú, agus ní féidir a rá go raibh borradh ar chainteoirí laethúla in aon áit seachas i mo Ghaeltacht féin sa Rinn Ua gCuanach, áit nach bhfuil eiseamlárach a dhóthain go fóill mar shlat tomhais do Ghaeltachtaí eile. 

Baineadh an toghchán ó Údarás na Gaeltachta agus tá an fhadhb á hardú arís agus arís eile le Teachtaí Dála Gaeltachta, agus ní féidir a rá go bhfuil aon pháirtí tar éis éisteacht leis an iarratas seo, seachas siollaí binne roimh an toghchán dar ndóigh. Is léir na fadhbanna tithíochta agus suímh, ceisteanna imirce agus oibre sna Gaeltachtaí. Is léir an bochtanas agus an easpa infheistíochta. Tá Comharchumann Ráth Chairn i bponc anois, cé go raibh cúrsaí faoi smacht agus go seoigh ansin. Tá údarás pleanála gan chiall lánsásta Ráth Tó a dhéanamh de Ráth Chairn agus an dánaíocht acu a léiriú ar thuarascáil gur ceantar Gaeltachta cuíosach lag atá sa ‘phaiste talún’ acu. 

  Tá sé le tuiscint ón méid atá feicthe againn nach é freagra iomlán na ceiste an tAire Gaeltachta eolgaiseach le Gaedhealainn Bhlasta Bhriatharach a thabharfaidh gach pingin dúinn le monarchana agus tithíocht a thógaint agus gan puinn cumhachta acu diúltú dúinn a bheith againn. Níl tuiscint ach againn féin ar a bhfuil le déanamh. Ní thiocfaidh réiteach, ná aon mhaith (dar liom) le haon iarratas go n-aithneofaí gur grúpa eitneach nua iad muintir na Gaeltachta, cé go molaim agus go spreagaim a ndíograis. Is léir, agus ní maith le haoinne againn é a chloisint, go bhfuil go leor de mhuintir na Gaeltachta ag tréigean na teanga. Má tá cúis ghearáin againn mar phobal Gaeltachta, ní féidir linn a bheith dall ar na méirligh a bhfuil an teanga acu ach a roghnaíonn casadh ar an teanga eile agus a leanann den gclabhsúr. Ní fháiltím roimh aon mhasla a chaitear ar na Gaeltachtaí, ach tá dualgas orainn a léiriú nach bhfuilimid buíoch d’ionsaí dá leithéid ar ár ndúthaigh. Ná glac le ‘Speak English!’ agus tú i gceantar Gaeltachta, is cuma tábhacht na turasóireachta i rith an tsamhraidh. Ná glac le logainm a bheith as Béarla ar do litir cánach. Muna bhfuil an teanga agus an cultúr láidir, níl cos le seasamh againn uirthi. 

Ag deireadh na dála, má tá feabhas le teacht, ná bímís ag fuireach ar an ngníomh rialtais. Is maith a léiríonn na líonraí teanga i gCarn Tóchair agus in Inis srl gur fearr ar fad gluaiseacht pobail, mar aon le tacaíochtaí stáit agus pleanáil teanga. Níl beartas rialtais amháin ar féidir a luadh le haon ‘bhua’ do na ceantracha seo againne. Is fúinne atá an cinneadh nó an nglacaimis leis an tuar go mbeidh an Béarla ina theanga labhartha sna Gaeltachtaí faoi cheann cúig bliana bheaga?

Is í mo thuairim gur ag snámh in aghaidh easa atá gach iarracht ina bhfuil ár nguaillí maolaithe againn mar gheall ar shean-chleasaíocht na polaitíochta. Caithimis dínn an t-ualach agus tógaimis comhar ar son ceann scríbe faoi leith. Is fúinne atá sé a bheith ar an stiúir, gan géilleadh don tsruth ná a bheith bodhartha ag gleo na caise. Tá na laethanta a caitheadh ag síormhíniú go caoithiúil choíche curtha dínn, gan mórán sásaimh, agus déanaimis beart dár ndeoin féin. I mbriathra blasta Joe Steve Uí Neachtain: “Sibhse gur meas libh an Ghaeltacht, sibhse gur meas libh an Ghaeilge, cruinnigí timpeall an chrainn!” •

Is céimí le Dlí agus Gaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh é Cárthach Ó Faoláin. Rugadh agus tógadh sa Rinn, i nGaeltacht na nDéise é. Ní ball d’aon pháirtí polaitíochta faoi leith é.

Issue 4 - 2020 advert
GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group