Top Issue 1-2024

7 September 2020 Edition

Resize: A A A Print

Díchoilínímis ár nIntinn

Is amhlaidh gur próiseas foréigneach, fíochmhar, fuilteach é an coilíneachas. Gan dabht tá seanchur amach againne mar Ghaeil air. Deineadh íospartaigh dínn fén gcóras tíorántachta céanna, rud a d’fhág sinn cromtha ar leathghlúin ar feadh na gcianta, leathmharbh ag cosa an tSasanaigh, ach ar tinneall chun troda is chun saoirse riamh is choíche. 

Níos measa ná aon tionchar fisiciúil, b’fhéidir, ná an éifeacht a bhí ag an gcoilíneachas ar ár n-intinn is ar ár síce. Cuireadh síolta fhoréigean an chórais chéanna in aigní agus i gcroíthe na nGael, rud a d’fhág go raibh agus go bhfuil áit chónaithe ag tancanna agus ag saighdiúirí Sasanacha inár n-inchinn i gcónaí.

Cuireadh an dubh ina gheal orainn go síceolaíoch maidir lenár dtábhacht mar Ghaeil, maidir le tábhacht ár gcultúir is tábhacht ár dteangain, agus dar fia go bhfuil an galar céanna fós ar mhórchuid na hÉireann inniu. Níl ort ach súil sall is súil abhus a chaitheamh go bhfeicfí rian an choilíneachais fós inniu agus ambriathar gur radharc tuathalach salach é an fhéachaint chéanna! 

Tá dreach falsa ar ár logainmneacha Galldaithe, tá ár sloinnte scríte lena gcur in oiriúint do chluas an Bhéarlóra, tá dealbh den bPrionsa Albert go fiú ag seasamh go maorga ag Tigh Laighean: Tá scoileanna don nGael is scoileanna don nGall, mar aon le dúthaigh Ghaeltachta agus dúthaigh Ghalltachta. Shleamhnaigh péist nimhneach an Bhéarla trís na ceithre hairdibh inár n-intinn is inár mbéalta, agus thug straiméad go fearastúil dár dteangain dhúchais fhéin, agus féach anois go bhfuil an teanga iasachta chéanna in uachtar in Éirinn inniu. 

Teanga an fhoréigin is ea an Béarla, a thálann agus a threisíonn droch-chuimhní an choilíneachais na haon lá beo. Ar m’fhallaing go bhfuil a úsáid mar phríomhtheanga labhartha na dúiche seo chomh holc céanna lenár ndromanna a bheith le balla agus beaignit an tsaighdiúra á bagairt ag scriosúnach Sasanach ar an scornach againn. Chomh fada in Éirinn is a bheidh an ghoimh chéanna so sa bhéal againn, beidh greim an duine bháite ag an nuachoilíneachas ar ár dtopagrafaíocht chultúrtha is ar ár síce i gcónaí. Bíodh ár bport mar mheathlóirí seinnte againn mar sin, agus tugaimis fénár n-intinn a dhíchoilíniú. 

Deir an fealsúnaí polaitíochta Frantz Fanon ná fuil i gceist leis an díchoilíniú ach go dtagann ‘speiceas’ amháin in áit ‘speiceas’ eile. Próiseas mall righin is ea é, gan dabht, ach níl an dara suí sa bhuaile againn ach tabhairt fé má theastaíonn uainn an ruaig a chur ar na saighdiúirí Sasanacha a mhaireann inár n-intinn. Bímis cinnte de ná fuil a sárú d’uirlise i gcath an dhíchoilínithe ná teanga na Gaelainne. 

Tá sé bunaithe agus seanbhunaithe anois sa teangeolaíocht go mbíonn tionchar nach beag ag teangacha ar ár dtuiscintí saoil. Más fíor go múnlaíonn siad ár bpróisis is ár bpatrúin smaointeoireachta, ár gcórais chreidimh mar aon lenár dtuiscintí ar idé-eolaíochtaí éagsúla, cén tuiscint saoil a mhúnlaíonn teanga an iar-rialtóra Shasanaigh orainn, mar sin? Má úsáidimid an Béarla mar ár dteanga laethúil i sochaí iarchoilíneach, an bhfuil aon ghlór ag na Gaeil in aon chor, le ceart? An féidir linn labhairt mar gheall ar ár stair is ár dtaithí in aon chor más i dteanga an choilínithe atá sé? An uirlis mhaith agus dhlisteanach a dhóthain é an Béarla chun cruatan is anró ár n-eispéiris a chur i bhfriotal? 

Maíonn an saineolaí ar an díchoilíneachas, Ngũgĩ wa Thiong’o, gur tobar eolais iad ár dteangacha, agus go gcaomhnaíonn siad ár gcuimhní is ár dtaithí saoil ag dul siar sa stair. Mar sin, eochair dár n-oidhreacht is ea an Ghaelainn, a thugann cumhacht dúinn filleadh inár nGaeil athuair, daoine anamúla ná raibh smáil an ionróra iasachtaigh orthu go fóill. Tugann sí deis dár n-intinn filleadh ar a dtuiscintí saoil féin, na tuiscintí a mhair roimh theacht na nGall, tréimhse ama sarar deineadh dídhaonnú orainn, sarar cuireadh ina luí orainn gur ainmhithe barbartha brúidiúla tútacha sinn, sarar céasadh is sarar réabadh sinn. Bainfidh an Ghaelainn an srian dár dteangacha istigh sa bhéal againn, agus ligfidh sí dúinn labhairt ónár gcroíthe amach is ónar n-anamacha athuair. 

Ná labhraímis an Ghaelainn amháin, áfaigh - scríobhaimis sa teanga chéanna chomh maith. Más Éire aontaithe atá uainn (agus is í, go deimhin), ní mór dúinn bunachar litríochta nú-aimseartha agus Gaelach a bheith againn, leis. Deirtear gur treise peann ná claíomh, mar sin scríobhaimis ar ár lándícheall.  Cuirimis peann le pár i dteanga ár sinsir, ní hamháin le dul ag taiscéalaíocht i gcuimhní ár gcuid staire, ach chun tuiscintí saoil úra a mhunlú leis. Cumaimis dánta as Gaelainn chun cur amach a fháilt ar mheabhar na nGael, chun iniúchadh a dhéanamh ar ár síce athshaoraithe. Scríobhaimis úrscéalta ina shamhlaítear an saghas saoil a bheidh uainn in Éirinn agus í athaontaithe. Cumaimis drámaí a léireoidh gur linn ar fad an Ghaelainn; aontachtaithe agus poblachtánaigh, iad siúd atá óg agus aosta, saibhir agus daibhir. Ná bíodh aon teora leis na féidearthachtaí a bhainfidh leis an nua-litríocht so. Úsáidimis mar uirlis í agus sinn ag samhlú an tsaoil romhainn amach mar Nua-Ghaeil dhíchoilínithe. Tiontaímis an léirscrios a dhein na Gaill ar ár samhlaíocht, agus tugaimis droim láimhe do litríocht an Anglaisféir mar ábhar inspioráide amach anso - níl slí di in Éirinn a thuilleadh. Cruthaímis litríocht a labhróidh le hanamnacha Fhódla agus a bhainfidh an smúit is an brón den gcroí is Gaelaí dá bhfuil ann.

Mar fhocal scoir, ba é ár laoch Bobby Sands a dúirt go bhfuil ról ar leith le himirt ag na haon duine, agus ná fuil ann do ról atá róbheag nó rómhór. Ní faobhar chun catha atá mar dhualgas ar ár nglúinse, ach díchoilíniú intinne. Caithimis dínn na speabhraídí codlata atá orainn agus ná crapaimis ár dteangacha a thuilleadh, mar sin. Tugaimis an t-eiteach dearg do labhairt an Bhéarla, slánaímis teangain na Gaelainne, díchoilínimis ár n-intinní, agus beidh Banbha ar bhóthar a leasa aríst. Tógaimis suas ár gcroíthe is ná buailfimis ár gcinn fúinn a thuilleadh, a chomrádaithe, óir tá Éire saor agus Éire Gaelach romhainn amach.

Ball nua i Sinn Féin is ea í Róisín Nic Liam, céim aici i dTeangacha Domhanda i gColáiste na hOllscoile Chorcaigh. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland