Top Issue 1-2024

28 May 2020 Edition

Resize: A A A Print

Réabhlóid Gaeilge Shinn Féin

Áit a mbíonn an dólás, bíonn an sólás ina aice.

Cur síos cuimsitheach ar staid reatha an domhain, den chéad uair le fada tá pobal an domhain sáinnithe ina dtithe ag an ghéarchéim shláinte uileghabhálach seo. Tá daoine scartha óna chéile le físchomhrá Whatsapp an t-aon mhodh cumarsáide ag cuid againn.

Beidh an sólás in aice ag cuid leoga. Is iomaí caitheamh (iomaí + uatha) aimsire atá foghlamtha ag daoine áirid nó, daoine ag tabhairt faoi sin a d’imigh uathu le baois an tsaoil sa lá atá inniu ann. Rud dearfach atá an ghéarchéim seo i ndiaidh léargas a thabhairt dúinn air, go raibh muid uilig róghnóthach le rudaí a dhéanamh, rudaí nár bhain mórán tábhachta leo. Bhí muid gafa leis an saol ach rinne muid dearmad aire a thabhairt dúinn féin, ár mianta, ar bhfolláine agus am ceart a chaitheamh leo siúd is tábhachtaí dúinn ar domhan.

Chuige sin, is mó daoine a bhí ag iarraidh úsáid fhiúntach a bhaint as an tréimhse dhianghlasála le scil nó caitheamh aimsire nua a fhorbairt. Tá sé ráite liomsa go minic gur breá le daoine Gaeilge a fhoghlaim nó snas a chur uirthi ach easpa ama a bheith acu. Baois an tsaoil sa lá inniu ann!

Cén bealach is fearr leis an tréimhse dhianghlasála seo a chaitheamh, ná do theanga náisiúnta a fhoghlaim mar sin? Chinn Sinn Féin tabhairt faoi thogra teanga ar líne. Is é sin go reachtálfar ranganna Gaeilge ar líne ag achan leibhéal do bhaill an pháirtí.

‘Sé ceann de bhunspriocanna Shinn Féin ná Gaelú a dhéanamh ar an pháirtí. Is sin go reachtálfar achan chúrsa inmheánach sa pháirtí ar bhonn dátheangach. Ghlac ballraíocht Shinn Féin leis seo mar sprioc ag Ard Fheis na bliana 2015. Tá Sinn Féin tiomanta don Ghaeilge, bhí ariamh, ach tugadh deis dúinn anseo Gaelú a dhéanamh ar ár mbaill ar bhealach nach raibh roimhe. Is trí fhorbairt na teicneolaíochta atá sé ar chumas s’againn, ach ní fiú an teicneolaíocht a bheith ann mura bhfuil daoine díograiseacha á n-úsáid.

Léirigh baill Shinn Féin díograis agus misneach le blianta beaga anuas san fheachtasaíocht leanúnach ó thuaidh ar son Acht Teanga. Tá sé léirithe ariamh ó dheas i cibé feachtas a tháinig aníos.

Réabhlóid Gaeilge 3

Tá an díograis seo léirithe arís eile ag baill Shinn Féin ar fud na tíre. Tá an misneach sin léirithe acu siúd atá anois ag gabháil do ranganna.

D’fhreagair breis agus 1,500 duine ag léiriú suime sa togra seo a bhí ar siúl againn. Nuair atá mé á scríobh seo, ghlac breis agus 800 duine páirt in rang amháin ag leibhéal éigin. Tá bunrang anois ar fáil in achan chontae sa tír, tá teacht ag beagnach achan duine fosta ar mheánrang. Déanfar na ranganna a reáchtáil ar an chóras físchomhrá Zoom, beidh muid faoi chomaoin aige go brách.

Tá grúpa de mhúinteoirí misniúla faighte againn chomh maith, bheadh a sárú doiligh a aimsiú. Daoine d’achan chúlra ag obair le beagán agus mórán Gaeilge a thabhairt do na baill mhisniúla sin. Tá muid buíoch díobh siúd as ucht a gcuid ama a chur ar leataobh le ranganna a ullmhú agus a chur i láthair dhá uair in aghaidh na seachtaine.

Réabhlóid atá ar siúl anseo ag baill agus ionadaithe Shinn Féin, is sin díchoilíniú ar a n-intinní. Dúirt an Piarsach tráth, ‘ní amháin saor ach Gaelach, ní amháin Gaelach ach saor.’ Sa mhí seo; Bealtaine, inár cuireadh chun báis é 104 bliain ó shin, tá sé tochtmhar go bhfuil an líon daoine seo in Sinn Féin ag tabhairt faoin athghabháil seo ar ár n-oidhreacht agus ár ndúchas. 

Tá moladh mór tuillte uile ag na foghlaimeoirí agus na múinteoirí as an obair seo. Níl muid ag rá gur sólás iad na ranganna seo d’achan duine, ach tá súil againn gur chuidigh siad le daoine an lá a chaitheamh i gcomhluadar a chéile.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland