Top Issue 1-2024

28 May 2020 Edition

Resize: A A A Print

Ní amháin Gaelach ach saor - Ní amháin saor ach Gaelach

Le Erin Ní Bhroin Idir an séadchomhartha adhlactha atá 4000-6000 bliana d’aois darbh ainm Cromleac Thír an Omhna, teach allais meánaoiseach a úsáideadh chun tinneas a leigheas agus Tuama Cúirte Chnoc Néill le corp fathaigh curtha ann, de réir an fhinscéil áitiúil agus ar ndóigh, an tsliabh é féin, An Carn, atá luaite sa scéal ‘An Táin Bó Cuailgne.’ Is léir go bhfuil Sleacht Néill nó Carn Tóchair ina cheantar oidhreachta agus an-chuid cultúir bainte leis. Mar sin féin, tá caomhnú staire agus cultúir na hÉireann inscríofa i meon an cheantair. Tá níos mó ná ainm amháin ag an cheantar. Cuirtear Sleacht Néill air, a thagann ón ainm Leacht Néill mar gheall go bhfuil Leacht Néill sa cheantar é féin. Is scéal conspóideach é faoin Néill a maítear a bheith curtha ann. Síleann cuid daoine gur Niall Glúndubh Ó Néill atá ann, a mharaíodh i gcath leis na Lochlannaigh gar do Bhaile Átha Cliath sa 12ú haois, síleann daoine eile gur prionsa de chuid clainne Mhic Lochlainn a bhí ann a mharaíodh i gcath Cháiméirge i 1214 AD in aghaidh clainne Uí Néill. ‘Sleacht Néill’ an t-ainm ar an chumann CLG cáiliúil sa cheantar fosta, a bhí iontach rathúil le blianta beaga anuas in achan spóirt atá acu; camógaíocht, iománaíocht, peil. Thuigfí thú dá gcuirfeá ‘Carn Tóchair’ air chomh maith, Tagann seo ón dóigh a bhfuil an pobal lonnaithe ag bun sléibhe Charn Tóchair. Tugadh an t-ainm seo ar an sliabh mar gheall go bhfuil carn adhlactha ar bharr ón Chré-Umhaois/Clochaois. Is bóthar é ‘Tóchar’, déanta de phlanda darach a úsáidtear le talamh fliuch a thrasnú. Tugann muintir na háite ‘An Carn’ ar an sliabh ach ní dhéanann seo trácht den shliabh amháin. An Carn a thugtar ar chroílár Phobal na Gaeilge i Sleacht Néill/Carn Tóchair. Bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair i 1992 agus bhí sé mar sprioc ag an choiste “athghiniúint cheantar Shleacht Néill/Carn Tóchair a chur chun cinn”. Ina bhfocal féin “Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach d’éiteas an Choiste Forbartha agus tá achan tionscadal curtha chun cinn go dátheangach againn. Tá pobal óg, beo, fuinniúil Gaeilgeoirí a bhfuil fís gheal acu chun Gaeltacht nua-aimseartha don 21ú haois a dhéanamh de cheantar Charn Tóchair.” Déarfadh daoine gurb é ‘An Carn’ a chuir tús leis an athbheochan seo. Tá siopa feiríní, oifig an phoist agus leabharlann ann le seirbhísí dátheangach ar fáil ann ar fad, chomh maith le seomraí comhdhálacha, oifigí agus halla beag a úsáidtear do réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí. Tá sé suite in aice leis an bhunscoil agus naíscoil áitiúil. Osclaíodh an bhunscoil i 1993. Chuaigh rudaí ó neart go neart don scoil agus de réir an Údaráis Oideachais i 2016/2017, chuir 27 dalta tús le rang a haon sa bhunscoil agus tuartar go dtiocfaidh méadú ar an uimhir an bhliain dár gcionn. Is iontach an fhorbairt atá déanta ag An Carn in achar gearr, éacht réabhlóideach. Tuigeann muid go bhfuil an rud atá ar siúl againn anseo speisialta, agus an obair dheonach sa cheantar chomh maith le dílseacht agus fonn an phobail traidisiúin na háite a chaomhnú atá luaite leis. Má luann tú Sleacht Néill le duine ar bith i gCúige Uladh, gheobhaidh tú ceann amháin de na freagraí seo a leanas; ceann amháin á luaigh rath an chlub ar na saolta deireanacha agus an ceann eile á luaigh an dioscó cáiliúil, Dioscó Shleacht Néill. An áit a bhfuair daoine a gcéad phóg, an áit ar bhuail siad lena gcéad bhuachaill nó chailín agus do chuid acu siúd, a bhfear nó bean chéile. an dioscó i réim i Sleacht Néill ó luath sna 80í go luath sna 00í. D’oibrigh na fir mar phreabairí go toilteanach don dioscó. Ní bhfuair siad pingin rua ach is mar sin ab fhearr leo é. Oibrithe deonacha ar fad. Ní chuirfidh sé iontas ort nár tháinig deireadh leis an obair dheonach ansin, a mhalairt a bhí ann. Níl an Ghaeilge ar fáil sa Charn amháin, tá CLG Roibeard Éiméid Sleacht Néill mar ionad cultúrtha sa cheantar chomh maith. Cé nach bhfuil nasc pearsanta ag an cheantar leis an tírghráthóir Roibeard Éiméid, ainmníodh an club i gcuimhne ceann de na hÉireannaigh Aontaithe mar bunaíodh an club i 1953, comóradh 150 óna bhás. D’éirigh an club as craobhchomórtas na gclubanna peil agus iománaíochta i 1981 lenár ndlúthpháirtíocht a chur in iúl dár gcomharsana agus comrádaithe a bhí ar stailc ocrais agus fuair muid ísliú céime de bharr sin. Go minic, bíonn ranganna Gaeilge ar siúl sa chlub, óstálann muid comórtas scóir agus bainistítear na cuntais meáin shóisialta go dátheangach agus cuireann muid scoláireachtaí ar fáil don Ghaeltacht. Ghlac an club leis an seanfhocal “Ní neart go cur le chéile” a fhéachtar ar gheansaí na foirne camógaíochta chomh maith le bealach isteach an chlub. Déanann sé achoimre chruinn ar mheon an cheantair agus cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil obair dheonach mar bhunús pobail agus ag cinntiú go bhfeiceann daoine an Ghaeilge i dtimpeallacht nádúrtha. Ba cheart an Ghaeilge a bheith mar theanga. Teanga a labhair ár sinsear, teanga a labhraítear ó lá go lá ag déanamh timireachta, teanga a thugann pobal le chéile. Níor cheart go mbeidh an Ghaeilge feicthe mar cháilíocht nó caitheamh aimsire. Ba cheart go mbeidh sé feicthe mar theanga ar bith eile, bealach chun cumarsáid a dhéanamh. Ní d’ár moladh féin atáim, ach is sárshampla é Sleacht Néill/ Carn Tóchair do phobail eile. Sa lá atá inniu ann, ní bhuailfidh tú le duine ar bith níos bródúla ná duine ón cheantar seo, agus cén fáth nach mbeidís. Fiú nuair nach raibh rud ar bith againn, ní raibh craobh ar bith inár sparán, nuair nach raibh stádas oifigiúil mar líonra Gaeilge bainte amach againn, nuair nach raibh muid ach mar spota eile ar an léarscáil, bhí an áit dubh le hoibrithe deonacha, idir óg agus aosta. Thuar siad ár gcumas, bhí tábhacht le ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr agus an tábhacht sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, ionas nach bhfuair na daoine a throid agus a bhfuair bás, cosúil leis ár n-eapainmneach Roibeard Éiméid agus Proinsias Mac Aoidh cróga as Baile Eachaidh a ghabháil i Sleacht Néill, bás in aisce. Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais “Ní hamháin Gaelach ach saor. Ní hamháin saor ach Gaelach.” 

Idir an séadchomhartha adhlactha atá 4000-6000 bliana d’aois darbh ainm Cromleac Thír an Omhna, teach allais meánaoiseach a úsáideadh chun tinneas a leigheas agus Tuama Cúirte Chnoc Néill le corp fathaigh curtha ann, de réir an fhinscéil áitiúil agus ar ndóigh, an tsliabh é féin, An Carn, atá luaite sa scéal ‘An Táin Bó Cuailgne.’ Is léir go bhfuil Sleacht Néill nó Carn Tóchair ina cheantar oidhreachta agus an-chuid cultúir bainte leis. Mar sin féin, tá caomhnú staire agus cultúir na hÉireann inscríofa i meon an cheantair.

Tá níos mó ná ainm amháin ag an cheantar. Cuirtear Sleacht Néill air, a thagann ón ainm Leacht Néill mar gheall go bhfuil Leacht Néill sa cheantar é féin. Is scéal conspóideach é faoin Néill a maítear a bheith curtha ann. Síleann cuid daoine gur Niall Glúndubh Ó Néill atá ann, a mharaíodh i gcath leis na Lochlannaigh gar do Bhaile Átha Cliath sa 12ú haois, síleann daoine eile gur prionsa de chuid clainne Mhic Lochlainn a bhí ann a mharaíodh i gcath Cháiméirge i 1214 AD in aghaidh clainne Uí Néill. 

‘Sleacht Néill’ an t-ainm ar an chumann CLG cáiliúil sa cheantar fosta, a bhí iontach rathúil le blianta beaga anuas in achan spóirt atá acu; camógaíocht, iománaíocht, peil. Thuigfí thú dá gcuirfeá ‘Carn Tóchair’ air chomh maith, Tagann seo ón dóigh a bhfuil an pobal lonnaithe ag bun sléibhe Charn Tóchair. Tugadh an t-ainm seo ar an sliabh mar gheall go bhfuil carn adhlactha ar bharr ón Chré-Umhaois/Clochaois. Is bóthar é ‘Tóchar’, déanta de phlanda darach a úsáidtear le talamh fliuch a thrasnú. 

Tugann muintir na háite ‘An Carn’ ar an sliabh ach ní dhéanann seo trácht den shliabh amháin. An Carn a thugtar ar chroílár Phobal na Gaeilge i Sleacht Néill/Carn Tóchair. Bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair i 1992 agus bhí sé mar sprioc ag an choiste “athghiniúint cheantar Shleacht Néill/Carn Tóchair a chur chun cinn”. 

Sleacht Néill 1

Ina bhfocal féin “Tá athbheochan na Gaeilge sa cheantar lárnach d’éiteas an Choiste Forbartha agus tá achan tionscadal curtha chun cinn go dátheangach againn. Tá pobal óg, beo, fuinniúil Gaeilgeoirí a bhfuil fís gheal acu chun Gaeltacht nua-aimseartha don 21ú haois a dhéanamh de cheantar Charn Tóchair.” Déarfadh daoine gurb é ‘An Carn’ a chuir tús leis an athbheochan seo. Tá siopa feiríní, oifig an phoist agus leabharlann ann le seirbhísí dátheangach ar fáil ann ar fad, chomh maith le seomraí comhdhálacha, oifigí agus halla beag a úsáidtear do réimse imeachtaí agus gníomhaíochtaí. 

Tá sé suite in aice leis an bhunscoil agus naíscoil áitiúil. Osclaíodh an bhunscoil i 1993. Chuaigh rudaí ó neart go neart don scoil agus de réir an Údaráis Oideachais i 2016/2017, chuir 27 dalta tús le rang a haon sa bhunscoil agus tuartar go dtiocfaidh méadú ar an uimhir an bhliain dár gcionn. Is iontach an fhorbairt atá déanta ag An Carn in achar gearr, éacht réabhlóideach. Tuigeann muid go bhfuil an rud atá ar siúl againn anseo speisialta, agus an obair dheonach sa cheantar chomh maith le dílseacht agus fonn an phobail traidisiúin na háite a chaomhnú atá luaite leis.

Má luann tú Sleacht Néill le duine ar bith i gCúige Uladh, gheobhaidh tú ceann amháin de na freagraí seo a leanas; ceann amháin á luaigh rath an chlub ar na saolta deireanacha agus an ceann eile á luaigh an dioscó cáiliúil, Dioscó Shleacht Néill. An áit a bhfuair daoine a gcéad phóg, an áit ar bhuail siad lena gcéad bhuachaill nó chailín agus do chuid acu siúd, a bhfear nó bean chéile. an dioscó i réim i Sleacht Néill ó luath sna 80í go luath sna 00í. 

Sleacht Néill 2

D’oibrigh na fir mar phreabairí go toilteanach don dioscó. Ní bhfuair siad pingin rua ach is mar sin ab fhearr leo é. Oibrithe deonacha ar fad. Ní chuirfidh sé iontas ort nár tháinig deireadh leis an obair dheonach ansin, a mhalairt a bhí ann. Níl an Ghaeilge ar fáil sa Charn amháin, tá CLG Roibeard Éiméid Sleacht Néill mar ionad cultúrtha sa cheantar chomh maith. Cé nach bhfuil nasc pearsanta ag an cheantar leis an tírghráthóir Roibeard Éiméid, ainmníodh an club i gcuimhne ceann de na hÉireannaigh Aontaithe mar bunaíodh an club i 1953, comóradh 150 óna bhás. 

D’éirigh an club as craobhchomórtas na gclubanna peil agus iománaíochta i 1981 lenár ndlúthpháirtíocht a chur in iúl dár gcomharsana agus comrádaithe a bhí ar stailc ocrais agus fuair muid ísliú céime de bharr sin. 

Go minic, bíonn ranganna Gaeilge ar siúl sa chlub, óstálann muid comórtas scóir agus bainistítear na cuntais meáin shóisialta go dátheangach agus cuireann muid scoláireachtaí ar fáil don Ghaeltacht. Ghlac an club leis an seanfhocal “Ní neart go cur le chéile” a fhéachtar ar gheansaí na foirne camógaíochta chomh maith le bealach isteach an chlub. Déanann sé achoimre chruinn ar mheon an cheantair agus cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil obair dheonach mar bhunús pobail agus ag cinntiú go bhfeiceann daoine an Ghaeilge i dtimpeallacht nádúrtha. 

Ba cheart an Ghaeilge a bheith mar theanga. Teanga a labhair ár sinsear, teanga a labhraítear ó lá go lá ag déanamh timireachta, teanga a thugann pobal le chéile. Níor cheart go mbeidh an Ghaeilge feicthe mar cháilíocht nó caitheamh aimsire. Ba cheart go mbeidh sé feicthe mar theanga ar bith eile, bealach chun cumarsáid a dhéanamh.

Sleacht Néill 3

Ní d’ár moladh féin atáim, ach is sárshampla é Sleacht Néill/ Carn Tóchair do phobail eile. Sa lá atá inniu ann, ní bhuailfidh tú le duine ar bith níos bródúla ná duine ón cheantar seo, agus cén fáth nach mbeidís.

Fiú nuair nach raibh rud ar bith againn, ní raibh craobh ar bith inár sparán, nuair nach raibh stádas oifigiúil mar líonra Gaeilge bainte amach againn, nuair nach raibh muid ach mar spota eile ar an léarscáil, bhí an áit dubh le hoibrithe deonacha, idir óg agus aosta. Thuar siad ár gcumas, bhí tábhacht le ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr agus an tábhacht sin a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, ionas nach bhfuair na daoine a throid agus a bhfuair bás, cosúil leis ár n-eapainmneach Roibeard Éiméid agus Proinsias Mac Aoidh cróga as Baile Eachaidh a ghabháil i Sleacht Néill, bás in aisce. Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais “Ní hamháin Gaelach ach saor. Ní hamháin saor ach Gaelach.” 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland