Top Issue 1-2024

5 December 2019 Edition

Resize: A A A Print

An Timpeallacht

Le déanaí, líonadh sráideanna ar fud an domhain le daoine óga ag tabhairt agóide fúthu fá dtaobh dár dtimpeallacht agus dár dtodhchaí. Agóid darbh ainm ‘Fridays for Future’ a bhí ann atá an-bhainteach leis na hagóidí ‘Extinction Rebellion’ a bhí ag tarlú achan áit san Eoraip agus i Meircéa fosta. Ar aon le seo, bhí an ‘Climate Action Summit’ curtha i láthair ag na Náisiúin Aontaithe (NA) arís do 2019, le Greta Thunberg an gníomhaí timpeallachta de 16 bliain d’aois mar cheann de na urlabhraí is cumhachtaí acu uilig. Cad chuige atá daoine óga ag tabhairt fúthu agóidí mar seo, áfach agus cad chuige anois agus chan 50 bliain ó shin? Cad chuige a bhfuil siad ag tabhairt faoi deara rudaí suntasacha agus scanrúla ar nós deireadh an domhain, nó díothú an chine daonna agus na billiúin speiceas eile atá ina gconaí anseo, a deir tú? Agus cén fáth atá Greta Thunberg mar ghuth binn, láidir ár nglúin féin agus gur grá le seanfhir ón éite dheis í a cháineadh? Is iad na ceisteanna seo atá de rún agam a phlé anseo libh.

B’fhéidir mar is eol daoibh, ach ní gné nua den saol é téamh domhanda nó athrú aeráide in aon chor. Tá sé chomh sean sin go bhfuil sé ar shiollabas na meánscoile, agus tá a fhios againn uilig cé chomh fada a thógann sé dóibh sin a athrú… Ach tá sé níos sine fós, bhí an chéad taighde d’éifeacht an CO2 san atmaisféar ar theocht an domhain, taighde darb ainm ‘On the Influence of Carbonic Acid in the Air upon the Temperature of the Earth’, déanta sa bhliain 1896, níos mó na 100 bliain ó shin. Ní dhearna ach an eolaíocht tábhacht na héifeachta sin a chur ina luí orainn le blianta beaga anuas. Cé go raibh imní ag fás i measc lucht na heolaíochta agus na clíomeolaíochta ó thús na 1950í, is follasach amach agus is amach gur fhíor-rud agus rud práinneach é an meath gasta atá ag teacht ar an timpeallacht. Mar a dúirt George Monbiot ar an BBC, ach sé mhí ó shin, go bhfuil muid “bursting through all the environmental boundaries…” bíodh iad teorainn aeráide nó éiceolaíoch mar atá an scéal.

enviroment-irish2

Sa bhliain 2015, tháinig ionadaithe ó 196 tír go Paras fá choinne ‘Climate Summit’ an NA na bliana sin agus síníodh Comhaontú Parais. Gheall na 196 tíortha, cé gur thit Meiriceá amach ón chomhaontú, de theocht an domhain a laghdú leis an mhéid astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhéanann siad a chinneadh, a phleanáil agus a thuairisciú go rialta leis an téamh domhanda a mhaolú. Is rud iontach agus suntasach é le polaiteoirí ó achan cearn den domhain a fheicáil ag déanamh iarrachta, ag teacht le chéile agus cruthú staire mar sin. Is léir, áfach, cé gur maoithneachas deas é sin, ní leor an 2°c de laghdú a bhí cinnithe acu agus gur rud measartha práinneach é an tús d’olldhíothú agus titim na n-éiceachóras. 

Dúirt Greta Thunberg í féin, “all you talk about is money and fairytales of eternal economic growth”, agus is é seo an cinéal teachtaireacht atá dáimh ag daoine óga leis, sa lá atá inniu ann? Dár liom féin, mhuscail an óige i mbliana ó thaobh na timpeallachta de, cosúil leis na mílte eile de ghrúpaí agóide óige ar feadh na céadta – nós atá slán linn féin le NICRA agus a leithéidí. Tuigtear dóibh siúd atá ag fás aníos nach leor é muinín amháin a bheith agat sa rialtas, nó i nádúr daonna go fiú, caithfidh muid ár smacht féin a chur ar an chasadh seo i stair agus í a mhunlú sa treo ceart. Sin an fáth go bhfeictear laoch agus morphearsa i nGreta Thunberg, i measc na hóige ach go háirithe, shiúl sí amach ón scoil sa tSualainn mar mhothaigh sí narbh fiú an t-oideachas a bhí sise ag fáil ar scoil agus an pláinéad ag fáil báis lena linn agus gan suim ná haire ag an rialtas air. 

Ní chóir go bhfuil ar Greta beag sin a dhéanamh, nó ár smaointí a chur i bhfírinne, ach b’fhearr liom sin ná go mbeadh sí ar scoil ag foghlaim fá dtaobh d’athrú aeráide agus gan rud ar bith a dhéanamh faoi cosúil liomsa ar chomhaois léi. Má bhéinn féin i m’sheanfhear ón eite dheas, bhéinn féin eaglach roimh Greta Thunberg fosta mar ní ach guth amháin ise i measc na milliúin atá i mbun briseadh slabhra an aineolais faoi láthair. Is iad na guthanna láidreacha seo atá de dhíth orainn agus an pointe claochlaithe do chliseadh iomlán na timpeallachta ag druidim linn, tá súil agam nach bhfuil sé ró-mhall go fóill ach an oiread.

Nach mbeifeá féin ag iarraidh sabháilteacht do mhuintir féin, a sláinte, a dtodhchaí a chinntiú agus an deis agat? 

Eva Ní Mhealláin - Is mac léinn in Ollscoil na hÉireann Gaillimhe i mbliain na céime de BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis í Eva Ní Mhealláin. Is scríobhneoir, file agus gníomhaí óg í as deisceart Ard Mhacha ó dhúchas.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland