Top Issue 1-2024

5 December 2019 Edition

Resize: A A A Print

Bagairt an aontaithe… do roinnt daoine

Ag seasamh ag an tábla; teach tábhairne Matt Molloy i gCathair na Mart, Contae Mhaigh Eo. Mí Iúil 2019 atá ann, agus bhí Ard Mhacha díreach i ndiaidh an chluiche a chailleadh in aghaidh na foirne baile an lá céanna sin, creid é nó ná creid. In ainneoin sin, bhí an chraic gnaíúil, cairdiúil, agus measúil – mar atá sé i gcónaí i dtaca leis an CLG. Cluiche iontach a bhí ann, agus bhí lucht leanta Mhaigh Eo fíormholtach faoinár bhfoireann agus fúinn féin, na ‘Nordies’, i ndiaidh dúinn taisteal chomh fada sin chun ár dtacaíocht a thaispeáint. De réir mar a bhí muid ag léim ó chomhrá go comhrá, thosaigh mé ag caint le cailín as Béal an Átha. Ba chosúil go raibh go leor i bpáirt againn; leantóirí CLG, Gaeilgeoirí, bhí sí sna fichidí cosúil liom féin, srl. Bhí muid ag caint ar feadh thart ar 20 bomaite, agus d’aontaigh mé leis an mhéid a bhí le rá aici le linn an ama sin. Ansin, dúirt sí rud liom ar bhealach chomh soineanta agus maslach sin gur baineadh siar asam leis an fhreagairt instinneach, mothúchánach a bhí agam. Ní raibh rún aici múisiam a chur orm, ach, cibé, luaigh sí an Breatimeacht. Anois, ní rud aisteach é sin nuair a chuirtear polaitíocht chomhaimseartha san áireamh; tá an plé ina chuid lárnach de gach gné den saol. Bhain an rud a dúirt sí ina dhiaidh sin, áfach, freanga asam. 

“Nach iontach é cé chomh maith ‘is atá Rialtas na hÉireann ag cosaint cearta saoránach sa Tuaisceart?”

Den chéad uair le fada, níor fágadh focal agam. Tá an oiread sin freagraí ann a d’fhéadfainn a thabhairt don cheist sin, ach bhí a fhios agam go hinstinneach go mbeadh ionadh ar an chailín deas seo, nach raibh dochar ar bith i gceist aici, faoi cibé freagra a roghnóinn; gan a bheith ag súil le mo chuid feirge. Chun an ciúnas a bhriseadh, d’fhreagair mé “bhuel, bímis ionraic, níl siad ach thart ar chéad bliain ródhéanach!”

Ní raibh an freagra sin, fiú, in ann a chur in iúl an rud a raibh fonn orm é a rá ag an bhomaite sin. Ar dhóigh éigin, nuair a thugann mo chairde Aontachtaithe tuairimí dom ar chúrsaí polaitiúla, glacaim lena gcuid pointí agus déanaim iarracht gan éirí tógtha. Coinním mo chuid mothúcháin faoi chois, agus bíonn malairt tuairimí siar agus aniar go measúil. Tá sé mar an gcéanna le duine ar bith ón Bhreatain; tá mo chuid mothúcháin mar a bheadh balla nach féidir dul fríd. Bíodh sin mar atá, nuair a dhéanann Saorstátaire iarracht a mbarúlacha faoi pholaitíocht an Tuaiscirt a chur in iúl dom, bím ar m’fhaichill agus tá soghontacht ann nach bhfuil ann i gcás ar bith eile le duine ar bith eile. Cén fáth? Tá a fhios agam go mothaíonn poblachtaigh thuaisceartacha eile an dóigh seo fosta, mar gur labhair mé le go leor a shíleann go bhfuil níos mó de thráchtaireacht shóisialta ná rabhcán ceoil i gceist le ‘Take it Down from the Mast’. Cuireann sé gruaim orm, áfach. An méid sin uaireanta a d’fhág mé comhráite le duine ón sé chontae fichead ag smaoineamh ‘ní thuigeann tú in aon chor, an dtuigeann?’, nó fearg orm go dtuigeann cuid acu cinnte, ach, rud a chuirfeadh imní ort, nach léir gur miste leo. 

I ndiaidh dom anailís a dhéanamh ar cén fáth a bhfuil an mothú seo ann, tháinig mé ar na conclúidí seo a leanas:

Tá an chuma ar an scéal gur fágadh fuar pobal na hÉireann ar réaltachtaí na sochaí ó thuaidh mar gheall ar na hiarsmaí síceolaíocha de Chogadh na gCarad agus críochdheighilt na tíre. Chreid siad, go mícheart, gur leor Airtigeal 2 agus 3 a bheith ann (chomh fada le Comhaontú Aoine an Cheasta) chun iad a shaoradh ón mhilleán den díchuimhne iomlán a bhí déanta tar éis 1921. An toradh? Sochaí theas ina bhfuil slua mór daoine tar éis glacadh leis an chaipitleachas, agus áit a mbraitear gur domhan eile ar fad é an Tuaisceart. Dhá phríomhphairtí pholaitíochta ann a dhéanann iarracht a chur ina luí ar an phobal gurb iadsan na fíor-phoblachtaigh, ach gan duine amháin acu ag seasamh iarrthóra sna sé chontae. Poblachtaigh, más fíor dóibh féin é.

UI-2

Tá an córas polaitiúil ó dheas ag teacht salach air féin maidir leis an Tuaisceart, mar atá déanta mar is gnáth. Ar thaobh amháin, ag maíomh a dtacaíocht do chosaint Náisiúnaithe ó thuaidh, ach ag an am chéanna gan faic a dhéanamh aige chun ár gcearta a chosaint.

Tugann sé seo muid chuig an Bhreatimeacht arís. Thug na trí bliana seo caite léargas dúinn ar a lán rudaí, go háirithe pléascadh chófra Phandóra maidir le scéal na hÉireann. Cé go bhfuil impleachtaí aige seo do rialtas na Breataine, tá rialtas na hÉireann ag iarraidh a chur ina luí orainn go bhfuil a fhios acu an freagra air. Feictear domsa gur éirigh leo a chur i gcéill do mhuintir an Deiscirt go bhfuil na rudaí atá ar intinn acu onórach agus fíor; mar sin féin, tá na ‘cúlfhiacla curtha go maith againn’ anseo sa Tuaisceart. In amanna, tá údar maith lenár soiniciúlacht. Seo é!

Maidir le ‘Fianna Gael’, níl iontu ach focal mór agus droch-chur leis agus iad ag caint faoin chontúirt go mbeidh teorainn chrua in Éirinn arís. Tá gach uile chuma ar an scéal go bhfuil siad géarghlórach ina gcosaint ar ár gceart gan teorainn a bheith curtha i bhfeidhm. Ní dhéanann a sheasamh láidir i leith na ceiste seo ciall, áfach, nuair a chreideann Varadkar nach bhfuil aon ghá le reifreann chun tuairimí daonlathacha a chinneadh maidir le fadhb na teorann. Tá grúpaí cosúil le #Think32, eacnamaithe agus lucht acadúil ag iarraidh ar rialtas na hÉireann féachaint ar na pobalbhreitheanna is deireanaí agus plean a chur i bhfeidhm le haghaidh díospóireacht oscailte ar aontacht na tíre nuair a thiocfar an t-am. Tugadh neamhaird air seo agus leanann an neamhaird sin ar aghaidh. Nuair a rinneadh stocaireacht ar Rúnaí Stáit na Breataine chun pobalbhreith teorann a cheadú (agus na coinníollacha a bhainfeadh léi fós le cinneadh), tá rialtas na hÉireann fós ciúin ar an ábhar. Ní chuireann siad brú ar bith ar mhaithe leis an daonlathas, ina ionad sin, tá sé socraithe acu nach é an t-am ceart é. Masla amach is amach is ea é sin maidir le saoránaigh ó thuaidh ar mian leo a gceart daonlathach a fheidhmiú, nuair atá a gcearta á séanadh orthu arís ‘is arís eile. B’éigean d’Emma DeSouza, mar shampla amháin, an troid a ghlacadh chuig cúirteanna na Breataine chun aitheantas a fháil ar rud a creideadh a réitíodh ag Comhaontú Aoine an Chéasta; déshaoránacht do gach aon duine anseo. Tá an rialtas sásta go leor ligint do dhaoine aonair bheith ag troid ar son ár gcuid ceart agus a bpúdar a choinneáil tirim.

Is róléir anois é nach bhfuil fonn ar bith ar Fhine Gael nó ar Fhianna Fáil bheith ag obair i dtreo Éire Aontaithe. Mar sin de, an bhfuil muid uilig sáinnithe mar gheall ar an phragmatachas leithleach atá le feiceáil ag an dá pháirtí pholaitíochta seo?

Rinne Peter Donaghy meastacháin uimhriúil le haghaidh ailt do Slugger O Toole (Eanáir 2018) agus é ag tabhairt hipitéise ar cad a bheadh i gceist le Dáil 32 contae bunaithe ar uimhreacha vótála ag an am. Féach anseo ar mhiondealú uimhreacha TD. 

UI-3

Is iad na daoine ar is mó a mbímid ag brath orthu, chun pleananna agus brú a chur i bhfeidhm, is iad na daoine is mó a chaillfidh amach má tharlaíonn sé. Is ansin atá an chruacheist.

“Nach iontach é cé chomh maith ‘is atá Rialtas na hÉireann ag cosaint cearta saoránach sa Tuaisceart?”

Is ábhar iontais é go bhfuil duine ar bith ann den tuairim sin! 

Aoife Ní Chorráin– Is Gaeilgeoir í a d’fhreastal ar Choláiste Chaitríona in Ard Mhacha. Is as an Lorgáin di. Faoi láthair, tá sí ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge in Ollscoil na Ríona agus tá súil aici bheith ina múinteoir bunscoile.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland