1 May 2019 Edition
Ar thairseach an athraithe
1919 agus 2019: Ar thairseach an athraithe
Céad bliain ó shin, in Eanáir 1919, tionóladh An Chéad Dáil i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Ba í buaicphointe na ré réabhlóidí í, gan amhras. Mar a thaispeáin Mícheál Mac Donncha (An Phoblacht, Eanáir 2019) ina alt spéisiúil san eagrán dheireanach den irisleabhar seo, ní hamháin gur thoradh ar olltoghchán cinniúnach na míosa roimhe sin í – ‘the Sinn Féin Election’ – ach ba léiriú an Chéad Dáil ar an mheon náisiúnta fhorásach dhóchasach san am.
Is cinnte go dtugtar an meon sin slán sna forógraí stairiúla a tháinig amach as an ócáid; forógraí a bhfuil a rian le fáil fós i sícé agus in idé-eolaíocht an phoblachtaigh: An Fhaisnéis Neamhspleáchais; Scéal ó Dháil Éireann chum Saor-Náisiún an Domhain; agus Clár Oibre Poblacánaighe. Cuimsítear go beacht an meon dóchasach céanna sa tsliocht a chuireann Mac Donncha ar fáil ó leabhar Mháire Comerford (The First Dáil, 1969) a bhí i láthair ag an tseisiún fhíseach sin:
“People waiting asked one another ‘Did you ever think you and I would live to see this day?’ I was with the Wexford contingent. Never was the past so near, or the present so brave, or the future so full of hope.”
Ní miste an sampla sin a athspionnadh, ní hamháin mar léiriú ar dhóchas thréimhse sin na Chéad Dála, ach mar nasc úsáideach tras-aoise. Céad bliain anonn, bíonn Poblachtaigh agus daoine forásacha eile ag cur na ceiste céanna ar a chéile: ar shíl tú go bhfeicfeá…?
Ar shíl tú go bhfeicfeá Sinn Féin sa rialtas ó thuaidh; ar shíl tú go bhfeicfeá deireadh leis an tromlach bhuan aontachtach; ar shíl tú go bhfeicfeá an Bhreatain ag imeacht ón Aontas Eorpach agus formhór na muintire sa tuaisceart ag cur ina éadan? Ar shíl tú go bhfeicfeá a leithéid d’athrú sa tsochaí agus sa pholaitíocht?
Féadtar a thuilleadh cosúlachtaí a tharraingt idir an dá thréimhse, ar ndóigh. Cuirtear san áireamh an borradh gnímh agus suime faoin Ghaeilge in am na hAthbheochana agus i ré seo cheist an Achta Gaeilge. Is féidir roinnt samplaí suntasacha eile a bhaint as alt Mhic Dhonncha féin; an chomhdháil a d’éascaigh Ard Mhéara Bhaile Átha Cliatha, Lawrence O’Neill, in Aibreán 1918, cuir i gcás, nuair a tháinig ceannairí Shinn Féin, ceannairí an Pháirtí Pharlaimintigh agus gluaiseacht na gceardchumann, nuair a tháinig siad le chéile chun an fód a sheasamh i gcoinne an choinscríofa. Déantar cosúlacht leis an ollchomhdháil ‘Beyond Brexit’ i Halla Cois Cuain, Béal Feirste in Eanáir 2019. Tháinig tuairim agus 1,500 saoránach náisiúnach ó réimse leathan den tsochaí – ón earnáil oideachais, gnó, spóirt, dlí, polaitíochta agus pobail – tháinig siad le chéile chun todhchaí na hÉireann a phlé i gcomhthéacs an Bhreatimeachta. Bhí neamhspleáchas polaitiúil agus cearta saoránach i lár an aonaigh.
Dúirt an colúnaí poblachtach Jim Gibney ar an Irish News (30 Eanáir, 2019) nach bhfaca sé lena sholas “a leithéid de scaifte ag plé a leithéid d’ábhair”.
Cosúlacht eile nach mór a lua is ea an ceangal idir an rialtas i Sasana agus na haontachtóirí in Éirinn. Deir Mac Donncha go raibh an dá dhream istigh le chéile in 1919 chun cur in aghaidh an éilimh go mbeadh Rialtas Dúchais in Éirinn. Ní móide go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh de na hiarmhairtí ceannais agus polaitíochta a bhain leis sin, agus muid ag tarraingt ar chéad bliain na críochdheighilte.
Cúig scór bliain ina dhiaidh sin, fulaingíonn muid an chomhpháirtíocht chéanna mar a bhfuil an DUP agus an rialtas Tóraithe sa Bhreatain ag imirt drochthionchair ar chúrsaí in Éirinn agus an tuaisceart á tharraingt amach as an Aontas Eorpach.
Dúshlain Aontachtais: Casann an roth
Ní áitítear anseo gurb ionann comhthéacs na bliana 1919 agus staid reatha an lae inniu. Mar sin féin, casann an roth. Go díreach mar a bhain impleachtaí le cúrsa na staire céad bliain ó shin, bainfidh impleachtaí eile leis na himeachtaí atá titim amach sa lá atá inniu ann. Tá sé ríthábhachtach go ndéana muid réidh chun na himpleachtaí sin a phlé agus a bhainistiú. Mar a dúirt Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, le dream ón phobal aontachtach in Ollscoil na Banríona i mí na Feabhra, “tá dualgas cúraim orainn”.
Aontaím lena raibh le rá ag Mary Lou go bhfuil dualgas ar cheannairí náisiúnacha, sa phobal agus sa pholaitíocht, an bealach chun tosaigh a dhéanamh ar bhonn ionchuimsitheach – ar son leas gach saoránaigh beag beann ar a chúlra ná ar a dhearcadh polaitiúil. Is Éire nua, aontaithe agus chomhaontaithe atá de dhíth; sochaí ina mbeidh an comhionannas agus an éagsúlacht ina croílár.
Tá an ceart aici, fosta, go bhfuil “dualgas cneastachta” ar náisiúnaithe agus ar phoblachtaigh bheith ag éisteacht lenár gcomharsana aontachtacha. Ba chóir na haontachtóirí sin a bhfuil a nguthanna á n-ardú mar chuid den dioscúrsa reatha, trí fhreastal ar an ócáid in Ollscoil na Banríona nó trí thuairimíocht sna meáin, ba chóir na haontachtóirí sin a mholadh. Is beag an slua iad fós. Ní rud furasta acu é dul i mbun comhrá le poblachtaigh faoin todhchaí. Is fada buan tionchar an fhealltóra sa phobal aontachtach – “the legacy of Lundy” mar a thug Declan Kearney air (AnPhoblacht.com, 1 Feabhra).
Tá rogha chinniúnach le déanamh ag an chuid sin den phobal; an t-aontachtas cathartha: an gcuirfidh siad in aghaidh an tseanchaidre sa phobal aontachtach chun todhchaí nua a bheartú i gcomhar le saoránaigh náisiúnacha; nó an ligfidh siad don tseanchaidre a smacht a choinneáil.
Ní haon dóithín é an tásc atá rompu. I ndáiríre, is fírinne nua do roinnt mhaith daoine go bhféadfadh athrú bunreachtúil teacht ar stádas an tuaiscirt lena ré féin. Beidh obair acu a seasamh féin a dhéanamh amach ar bhonn réasúntachta saor ó ualach na staire agus ó smacht an tseanchaidre. Mar bharr ar an donas, beidh orthu plé leis an náisiúnachas thógtha chomhaimseartha atá oscailte agus ag éisteacht, ach atá ag caint agus ag éileamh athruithe fosta.
Ní comhrá aontaobhach atá i ndán feasta.
Beidh ar an aontachtas chathartha a chuid féin den fhreagracht dioscúrsa a chomhlíonadh. I gcomhthéacs athraithe dhéimeagracfaigh agus an Bhreatimeachta, tá ceist na teorann anois chun tosaigh maidir le reifreann; ar luas nach rabhthas ag dúil leis. Tá claochlú ar chomhthéacs na díospóireachta. Ní hamháin go bhfuil dualgas ar náisiúnaithe agus ar phoblachtaigh an cás ar son Éire Aontaithe a chruthú – ach tá dualgas fosta ar aontachtóirí an cás ar son an Aontais a dhéanamh. Fágann sé sin go bhfuil an fhreagracht mhorálta chéanna ar an aontachtas agus ar an náisiúnachas araon dul i dteagmháil lena chéile.
Más féidir glacadh leis gur comhfhreagracht atá ann, b’fhéidir go mbeifí in ann tabhairt faoinár ndúshláin chomhchoiteanna: i leith an athmhuintearais, an fhrith-sheicteachais agus an chomhionannais, cuir i gcás.
Ní hionann sin agus go mbeidh aontú ann faoin uile ábhar. Ní dócha gur féidir fáil réidh leis an “choimhlint idé-eolaíoch” mar atá luaite ag an tseanfhondúir aontachtach Terry Wright ar EamonnMallie.com (22 Eanáir, 2019) le déanaí. De réir na n-athruithe reatha inár tsochaí, luíonn sé le réasún go dtosófar ar réimsí nua dioscúrsa agus plé; agus go nglacfaidh an náisiúnachas agus an t-aontachtas seasaimh dhifriúla chucu féin. Is é an cleas atá ann na difríochtaí sin a bhainistiú i dteannta a chéile.
Ní foláir don phobal aontachtach guth nua daonlathach a mhúnlú dóibh féin; guth a bheidh saor ó shrathair an tseicteachais a chuir taca faoin aontachtas pholaitiúil sna 6 chontae go stairiúil. In Éirinn nua na todhchaí, beidh ról lárnach daonlathach agus toghchánach acu ach iad an páirt a ghlacadh.
Dúshláin Náisiúnachais: Bearna a chúngú
Tá an pholaitíocht ar chontanam athraithe; go háirithe sa tuaisceart. Tá an tsochaí ag athrú.
Tá an pobal náisiúnach tógtha.
Tá dúshlán nach beag roimh an náisiúnachas thógtha chéanna. Tá air dul i ngleic leis an neamhionannas atá á bhuanú ag an aontachtas pholaitiúil gan na guthanna eile aontachtacha sa phobal a scoitheadh amach ón phlé faoin todhchaí. Caithfidh poblachtaigh cloí leis an “dualgas cneastachta” agus leis an mheon oscailte i dtaobh comhráite agus an phobail aontachtaigh.
Tá cothromaíocht leochaileach le haimsiú, ámh. Is den riachtanas sin a dhéanamh ar bhonn díreach agus ionraic. Is é sin an t-aon dóigh leis an phlé a chothú ar bhonn inmharthana agus ar bhonn réasúntachta.
Chuige sin, ní cuidiú ar bith é cor gan bhunús a chur sa scéal. Más féidir dialóg leanúnach macánta a thógáil idir an náisiúnachas agus an aontachtas, ní ceart an t-aineolas a scaipeadh ná an mearbhall a chothú; go háirithe maidir le forálacha atá aontaithe cheana. Ba chúis imní tráchtaireacht den tsaghas seo a leanas le Leo Varadkar i nDeireadh Fómhair 2017:
“I wouldn’t like us to get to the point whereby we are changing the constitutional position here in Northern Ireland on a 50 per cent plus one basis… One of the best things about the Good Friday Agreement is that it did get very strong cross-border support – that’s why there was a 70 per cent vote for it.” (luaite ag John Manley, The Irish News, 18 Deireadh Fómhair 2017).
Luíonn an ráiteas seo go compordach leis an teachtaireacht a thagann ón rialtas ó dheas agus ó pháirtithe eile, ar nós Fhianna Fáil agus an SDLP, nach é seo an t-am ceart do reifreann ar cheist na teorann. Nochtann sin deighilt shuntasach sa náisiúnachas pholaitiúil maidir leis an ‘am cheart’.
Ba é an sampla ba shuntasaí den chás sin, is dócha, an racht a chuir ceannaire an SDLP Colum Eastwood de ag Ard Fheis Fhianna Fáil i mí Feabhra. D’fheall sé ar a cheannaireacht agus ar a chás féin leis an mhaíomh go mbeadh “áit speisialta in ifreann” dóibh siúd a iarrann reifreann ar cheist na teorann gan plean a bheith acu. Is é an tuiscint atá le bhaint as an ráiteas sin go bhfuil rud éigin contráilte leis an fheachtasaíocht reatha ar son reifrinn. Chuir sé fianaise, mar dhea, lena chás nuair a dúirt sé “nach ndéanfadh an agóidíocht an bealach d’Éirinn nua”.
Ní chuirfidh an coimeádachas seo iontas ar phoblachtaigh ná ar dhaoine forásacha eile, ar ndóigh; ach is contúirteach an chaint í. Ní ritheann sé ar dhóigh ar bith le meon ná le foclaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta (1998); chomhaontú a chinntíonn “an ceart toilmhianta náisiúnta agus polaitiúla a shaothrú go daonlathach” agus “an ceart athrú bunreachtúil a lorg ar bhealaí síochánta dlisteanacha”. Tógann sé seo ceisteanna tromchúiseacha ó thaobh saoránacht chomhionann de sa chuid choimeádach sin den smaointeoireacht náisiúnachais. Níor chóir do cheannaire polaitiúil ar bith, go háirithe ceannaire náisiúnach, an bonn a bhaint den phróiseas dhaonlathach atá aontaithe cheana.
Uirlisí daonlathacha is ea reifreann agus agóidíocht araon.
Tá an plé agus an pleanáil anois ar bun ag fóraim ar nós na comhdhála i Halla Cois Cuain, Béal Feirste; agus ag grúpaí ceart agus feachtasaíochta eile. Is ábhar mór buartha é mura n-aithníonn ceannaire polaitiúil sin.
Is gá an bhearna sa náisiúnachas pholaitiúil a chúngú. Tá sé in am an cheist bhunreachtúil agus todhchaí bunaithe ar chomhionannas agus cearta a chur chun tosaigh; beag beann ar rath aon pháirtí polaitiúil ar leith.
• Bhí an imeacht Beyond Brexit ‘The Future of Ireland’ ar an teacht le chéile is mó de náisiúntóirí le blianta fada
Leabharliosta/Tagairtí
• Comhaontú Aoine an Chéasta (1998) Available: https://www.dfa.ie/ie/ar-rol-ar-mbeartais/tuaisceart-eireann/comhaontu-aoine-an-cheasta-agus-inniu/
• Dornan, J. (2019) “Brexit and Beyond”…a tad premature, but…. EamonnMallie.com, 16 February. Available: http://eamonnmallie.com/2019/02/brexit-and-beyond-a-tad-premature-but-by-jim-dornan/
• Eastwood, C. (2019) Speaking at Ard Fheis Fhianna Fáil, 23 February 2019. Dublin. Available: https://www.belfasttelegraph.co.uk/news/republic-of-ireland/sdlp-leader-colum-eastwood-addresses-fianna-fail-ard-fheis-full-text-37845898.html
• Gibney, J. (2019) Nationalism conference shows how Brexit has fundamentally altered the political situation. The Irish News, 30 January 2019. http://www.irishnews.com/paywall/tsb/irishnews/irishnews/irishnews//opinion/columnists/2019/01/30/news/jim-gibney-nationalism-conference-shows-how-brexit-has-fundamentally-altered-the-political-situation-1538378/content.html
• Kearney, D. (2019) Generosity and open minds will shape Ireland’s future. An Phoblacht [online], 1 February 2019. Available: https://www.anphoblacht.com/contents/27544
• Mac Donncha, M. (2019) Centenary of the first dáil: the future so full of hope. An Phoblacht, https://www.anphoblacht.com/contents/27582.
• Mary Lou McDonald calls for reconciliation and and compassionate approach to the past (2019) Belfast Telegraph [Online], 19 February 2019. Available: https://www.belfasttelegraph.co.uk/video-news/mary-lou-mcdonald-calls-for-reconciliation-and-and-compassionate-approach-to-the-past-37829070.html
• Wright, T. (2019) Requiem for reconciliation. EamonnMallie.com, 22 January 2019. Available: http://eamonnmallie.com/2019/01/requiem-for-reconciliation-by-terry-wright/