Top Issue 1-2024

1 May 2019 Edition

Resize: A A A Print

Ceist Teanga in Éirinn Aontaithe

Tá dlúthcheangal ann idir polasaithe teanga agus polaitíocht na cumhachta ó thús an tsaoil. De réir mar a mhéadaigh an chumhacht pholaitiúil, mhéadaigh réimse labhartha teanga lucht na cumhachta leis.

I ngach sainré stairiúl thuig na hImpireachtaí go bhféadfadh teanga ról tábhachtach a bheith aici ina dtóraíocht ar son ceannais agus an fhorlámhais. Ní trí thimpiste a tharla sé go bhfuil na teangacha comhaimseartha a labhraítear sa chuid is mó de Dheisceart agus Iarthar na hEorpa bunaithe ar an teanga a labhair na Rómhánaigh a bhí i gceannas ar an gcríoch sin fadó.

Ní haon ionadh ach oiread é go bhfuil an Béarla agus an Fhraincis mar theangacha buaine polaitíochta agus tráchtála sa chuid is mó den Afraic fho-Shahárach, nó go ndearna Spáinnis agus Portaingéilis na mílte teanga dhúchais i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas a dhíláithriú.

In Éirinn táimid eolach ar na péindlíthe a chuir na Sasanaigh i bhfeidhm agus a chuir cosc ​agus pion​óis mhóra ar chultúr agus ar theanga na nGael. Tá a fhios againn chomh maith an tslí gur féidir leo siúd atá faoi chois ag an gcoilíneachas an leatrom a dheineadh orthu a inmheánú. Feictear é sa tslí a dtréig glúinte tuismitheoirí Éireannacha a dteanga dhúchais agus a chinntigh siad go mbeadh a gcuid páistí tógtha le Béarla.

Tá teanga nasctha go dlúth le féiniúlacht agus leis an tslí a bhfeicimid an domhan. Labhraímid faoi mháthairtheanga, agus is ónár ngaolta is gaire a fhoghlaimid teanga ar dtús. Tá blas cainte fós mar chinntitheach láidir in Éirinn ar an áit agus ar an bpobal lena bhaineann duine agus insíonn an tslí a labhraíonn sé agus na focail a úsáideann sé, gan trácht ar an teanga a fhostaítear, go leor mar gheall ar duine inar sochaí. I ndomhan an lae inniu tá teanga, agus an tslí ina labhraítear é, ina suaitheantas láidir ar fhéiniúlacht náisiúnta.

Más rud é, de réir mar a chuireann na hannála síos uirthi, gur stair ionradh í stair na hÉireann, is stair chomhshamhlaithe agus chomhtháthaithe í chomh maith. Tá craiceann na fírinne ar an sean nath cainte ‘níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin’ a úsaidtear go minic in aon insint ar stair na hÉireann. Theip ar iarrachtaí coilíniú buan a bhaint amach in Éirinn nuair a thosaigh na lonnaitheoirí ag glacadh leis an nGaeilge, agus le dearcadh cultúrtha na ndaoine dúchasacha. 

Irish 2

• Tá fás na Gaeilge le sonrú ach go háirithe i gceantair uirbeacha 

Tugadh isteach na péindlíthe d’aon ghnó. Tar éis dóibh na teipeanna a tharla roimhe a fheiscint, thuig na Sasanaigh gur ghá dóibh an Ghaeilge a dhíláithriú agus iad ag cur cos ar bholg in Éirinn. B’uirlis troda maraon le targaid í an teanga in iarrachtaí Éire a choilíniú. Léiríonn sracfhéachaint ar léarscáil teanga na hÉireann comhaimseartha an rath a bhí ar a bhfiontar, agus is cosúil gur díbríodh an Ghaeilge chuig pobail imeallacha ar chósta an Iarthair go príomha.

Léireodh scrúdú níos dlúithe ar tírdhreach teanga reatha na tíre fás na Gaeilge i gceantair uirbeacha mar Bhaile Átha Cliath, Corcaigh agus Béal Feirste. Tharla an fás seo, go príomha, i gceantair lucht saothair a bhí agus atá ar thús cadhnaíochta ag streachailtí sóisialta agus polaitiúla le glúnta agus le blianta beaga anuas. Mar a thug Ó Conghaile uirthi in ‘Athghabháil na hÉireann’, is arm arís í an teanga.

Fógraíodh 2019 mar Bhliain na dTeangacha Dúchasacha agus an tEarrach seo déanadh céíliúrtha ar fud an domhain ar Lá Idirnáisiúnta Máithreachais. Is bunús an lá úd é an sléacht a dhein arm na Pacastáine ar chainteoirí Bangla in Oirthear na Pacastáine (An Bhanglaidéis anois) a bhí i mbun agóide i gcoinne chur i bhfeidhm Urdu mar an aon teanga oideachais agus riaracháin sa tír. Bhain an streachailt cothromas dá dteanga agus ba é an ghluaiseacht a chruthaigh siad le linn na hagóide a bhain neamhspleáchas amach dá dtír i 1971.

Ar an mbealach céanna, thosaigh an Soweto Uprising san Afraic Theas i Meitheamh 1976 nuair a chuir an réimeas apartheid i bhfeidhm nach raibh cead ach an Ollainnis agus an Béarla a theagaisc sna scoileanna. Lámhadh agus maraíodh mic léinn a bhí i mbun agóide, rud a spreag coimhlint ní amháin i Soweto ach ar fud na tíre. D’eascair an t-éirí amach agus a toradh sin ról ceannródaíoch an ANC sa streachailt in aghaidh apartheid agus in aghaidh na mionrialtachta san Afraic Theas, rud a chuir deireadh leis an réimeas agus a chuir an Rainbow Nation i mbláth lena 11 teanga oifigiúil.

Is cuid láidir í an teanga d’armlann iad siúd atá ag streachailt in aghaidh na coilíneachta ar fud an domhain, Éire san áireamh. Áiríodh lucht athbheochana na Gaeilge taobh le sóisialaithe, feiminigh agus poblachtánaigh sa milieu réabhlóideach Éireannach ag deireadh an chéid seo caite. Tá a fhios againn go raibh forluí ollmhór sa phearsanra idir Conradh na Gaeilge, an Cumann Lúthchleas Gael agus eagraíochtaí polaitiúla agus armtha na gluaiseachta náisiúnta. Chonacthas do go leor réabhlóidithe go raibh athéileamh agus athbheochan ár dteanga agus ár gcultúr mar réamhriachtanas chun neamhspleáchas polaitiúil agus aontacht ár ndaoine a bhaint amach.

Irish 3

•Agóidithe i Soweto san Afraic Theas siar sna ‘70í. Tá 11 teanga oifigiúil anois ann

Tá an-chuid tar éis athrú le céad bliain anuas. Tá sean-Impireachtaí na 19ú agus an 20ú haois tar éis titim agus caitheann an impiriúlacht éadaí nua. Tá pobail shaora, bhródúla agus diongbháilte ar fud an domhain tar éis a gcuid tíortha a athghabháil agus a gcuid teangacha a athéileamh. Tá an náisiúnstát tar éis an Impireacht a easáitiú mar bhunaonad sa chóras idirnáisiúnta. Tá dlíthe i leith Chearta an Duine agus córais dlíthiúla daonnúla idirnáisiúnta ann anois chun cosc ​​a chur ar dhíothú daoine, lena n-áirítear iarracht a gcultúr agus a bhféiniúlacht a scriosadh. Tá na seandhúshláin fós ann, áfach, agus tagann cinn nua chun tosaigh i gconaí.

Laghdaíonn an domhandú an rud atá áitiúil agus tugann sé tuilleadh cumhachta do rudaí ceannasacha, teangacha san áireamh. Tugann teacht an ré ollfháisnéise dushláin lena buntáistí. Is léir go méadaíonn agus néartaíonn a teacht cumhacht agus réimse an Béarla mar Lingua Franca an domhain. Sa chomhthéacs seo is náireach an teip atá deánta ag an stát ó dheas i dtaobh polasaithe láidre a chur i bhfeidhm don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Sna sé chontae, leanann neamhchlaontacht pholaitiúil na hAontachtaithe go mór le laethanta a mórcheannais. 

Tá Éire nua tagtha chun cinn le dhá scór bliain anuas. Tá seanchinntí an am atá caite imithe agus tá níos mó cumhachta nasctha ag daoine óga ná riamh. Sna 26 contae tá comhionannas pósta bainte amach againn agus dul chun cinn suntasach déanta againn maidir le comhionannas inscne. Tá ár sochaí comhdhéanta de dhaoine ó éagsúlacht mhór de bhunús agus eitneachas éagsúil, agus tá stádas an Lucht Siúil mar dhaoine dearbhaithe againn le déanaí. Fáiltímid roimh an dul chun cinn seo mar phoblachtánaigh, agus táimíd meáite leis na cearta agus na haitheantas sin a leathnú chuig an oileán ar fad.

An dtagann an Éire nua seo, ilghnéitheach agus ilchineálach, salach ar an bhfís d’Éirinn Gaelach? An bhfuil codarsnacht ann idir an fonn chun ár n-éagsúlacht ghlórmhar a cheiliúradh ar thaobh amháin, agus ag iarraidh athéileamh agus athbheochan ár dteanga náisiúnta a bhaint amach ar an lámh eile? An féidir athbheochan na Gaeilge a bhaint amach mar an teanga labhartha náisiúnta, laethúil? Cén stádas a bheidh ag an Ultais, Shelta, Cant agus teangacha agus canúintí dúchasacha eile? Conas a dhéanfaimid cearta na bpobal nua a dhearbhú chun a n-oidhreacht chultúrtha agus teanga a chaomhnú agus a cheiliúradh?

Anois, agus sinn ag teacht níos dlúithe ná riamh le neamhspleáchas agus le haontacht náisiúnta a bhuachaint, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimis plé, díospóireacht agus samhlú ar an tslí a mbreathnóidh ár ndearcadh agus ár bpolasaithe ar theanga in Éirinn aontaithe agus saor. Is sinne na daoine atá ag stiúradh gluaiseacht na haontachta náisiúnta, agus mar sin tá freagracht orainn mar phoblachtánaigh aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo agus díospóireacht leathan agus cuimsitheach a stiúradh. 

• Is gníomhaí poblachtach i gCo Phort Lairge agus comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge é Conor D McGuinness. Tá cónaí air i nGaeltacht na nDéise agus tá sé fostaithe mar bhainisteoir toghcheantair leis an bhFeisire Eorpach Liadh Ní Riada. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland