Top Issue 1-2024

30 April 2018 Edition

Resize: A A A Print

Trí gháir ar chnoc

Thug an Comhalta Máirtín Ó Muilleoir an óráid seo in Craigavon ar 14 Márta 2018, agus é ag seoladh go hoifigiúil Polasaí Gaeilge Shinn Féin. 

Tugann sé aird ar thrí shaghas gnímh mar mholadh agus mar gheall ar a thaithí féin i saol na Gaeilge.

Dúirt Martin Luther King gur chóir dúinn a bheith cinnte gur chun tosaigh i dtólamh atá ár siúil; creidim agus muid anseo tráthnóna gur féidir a rá go cinnte gur céim eile chun tosaigh atá sa chruinniú Gaeilge seo – sa chathair a ainmníodh as duine a mhúnlaigh stát ar díbríodh an Ghaeilge as.

Agus mé anseo, ba mhaith liom an deis a fhreastal le haitheantas a thabhairt ar phobal an limistéir seo – an Lorgain, Port an Dúnáin, Craigavon — i dtaca leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Is mór mo mheas ar na Gaelscoileanna sa cheantar go háirithe; Naomh Proinsias sa Lorgain agus Bunscoil Eoin Baiste i bPort an Dúnáin. Ina theannta sin, ar ndóigh, tá stair fhada uaibhreach ag baint le Conradh na Gaeilge sa dúiche seo agus molaim go hard na Conraitheoirí. 

Ní féidir meas a léiriú do Ghaeilgeoirí an cheantair seo gan machnamh a dhéanamh agus ómós a thabhairt do Gerard agus Rory Cairns a feallmharaíodh abhus in 1993 nuair a bhí a dtuismitheoirí amuigh ag freastal ar ranganna Gaeilge sa Lorgain. 

Clann dílis Ghaelach a d’íoc praghas ard as a ngean dá dtír is dá dteanga. Smaoiním orthu i gcónaí nuair a chluinim fán dul chun cinn atá déanta ar chúrsaí Gaeilge anseo.

In áit labhairt ar an pholasaí féin anocht, ba mhaith liom labhairt libh go pearsanta, mar chomrádaithe, mar Ghaeilgeoirí agus mar chomhghleacaithe.

Spreag sibhse mé leis an chuireadh theacht go Craigavon leis an seoladh seo a dhéanamh agus anois ba mhaith liomsa, mar bhuíochas, sibhse a ghríosú chun oibre. 

Sin an dóigh is oiriúnaí le cáipéis pholasaí a sheoladh, dar liom — caint a dhéanamh ar aicsean le cuspóirí an pholasaí sin a chur i bhfeidhm.

Nuair a bhí mé i mo mhéara ar Bhéal Feirste, cheap mé séiplíneach Búdaíoch – Paul Haller. Nuair a ghlaoigh mé air in California, dúirt sé liom go nglacfadh sé go cinnte leis an cheapachán mar go raibh taithí leitheadach aige a bheith ag plé le ‘hopeless cases’ – do mo dhálta féin.

Ach le linn na bliana in oifig, ba é an chomhairle a ba chríonna a thug sé dom ná –  ‘déan do dhícheall’. 

D’fhiafraigh mé de cad é an chuid de sheanmóirí an Buddha as ar tháinig an chomhairle sin.

Dúirt Paul liom nach ón Dharma nó ón Bhúdachas a tháinig sé ar chor ar bith – ach óna mháthair féin. 

Is doiligh comhairle máthara a shárú, mar sin de déanaimis comhairle; déanaimis comhairle Mrs Haller ar bhonn pearsanta, ar leibhéal pobail agus ar leibhéal stáit.

MOM-3

An Gníomh pearsanta

Dúirt Pádraig Mac Piarais go mba bhreá leis an pobal dílseach a chluinstin ag stróiceadh mionnaí móra in éadan an Phápa – a fhad is gur i nGaeilge a bheadh an mhallacht sin. Ar seisean:

 “the prospect of the children of Sandy Row being taught to curse the Pope in Irish was rich and soul-satisfying”. (The Murder Machine, 1912).

Tá ceacht ansin do gach duine againn; bímís buí, glas nó aon dath eile. 

Is é an gníomh is fóintí a thig linn a dhéanamh mar Éireannaigh ná an Ghaeilge a labhairt. Sin an príomh-dhualgas atá orainn. An teanga a fhoghlaim, a shealbhú agus a labhairt. Gan amhras, caithfidh í a léamh agus a scríobh ach gan cainteoirí Gaeilge, níl ann don réabhlóid álainn cultúrtha seo. 

Is pléisiúr é an Ghaeilge a labhairt. 

Deir an t-údar Hugo Hamilton, a scríobh an leabhar gleoite The Speckled People fána thógáil go dátheangach i mBaile Átha Cliath, deir seisean gur teanga phobail í an Ghaeilge agus go dtagann athrach ar a mheon agus a mheanman nuair a bhíonn fáil aige labhairt le Gaeilgeoirí eile. 

Aontaím leis. Is taisce í an teanga Ghaeilge a shaibhreoidh do shaol; agus níl le déanamh agat ach í a fhoghlaim agus a labhairt. 

Dá líonmhaire lucht na Gaeilge is amhlaidh is deacra ag naimhde an chothromais cur i gcéill nach ann don teanga seo – teanga atá á labhairt sa dúiche seo sular rugadh Críost féin.

An gníomh pobail

Is dúshraith láidir pobail í an Ghaeilge. 

Deir mo chomhghleacaí Mark Drakeford, aire airgeadais na Breataine Bige agus duine a d’fhoghlaim an Bhreatnais, deir sé go ndearcann na Breatnaigh ar an teanga s’acu mar áis eacnamaíoch. 

Is amhlaidh an scéal abhus, d’ainneoin leatrom na n-údarás. Na pobail is láidre Gaeilge sa Tuaisceart, is iad is láidre fosta maidir le féin-mheas, muinín agus spiorad dochloíte pobail. 

Leoga murab é athbheochan na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, bheadh lag-trá eacnamaíochta ann i gceantar na bhFál – áit a bhfuil corradh le 20 togra Gaeilge ann – ina measc siúd: Coláiste Feirste, an tÁisaonad ag Coláiste Ollscoil Naomh Mhuire, Forbairt Feirste, Gaelchúrsaí, Aisling Ghéar, Ionad Uibh Eachach, Cultúrlann McAdam-Ó Fiaich, Béile Blasta, Raidió Fáilte, Dánlann Uí Dhiolúin agus araile.  

Nuair a thógann tú pobal Gaeilge, taobh leis an mhórphobal Béarla, cruthaíonn tú postanna do na Gaeilgeoirí óga; mar mhúinteoirí, mar aistritheoirí, mar cúntóirí ranga, mar lucht déanta scannán, mar ealaíontóirí agus fiú mar pholaiteoirí. 

Is é an turas féin an réabhlóid. Samhlaigh seirbhísí sláinte agus gairmtheoracha, agus ceoil agus spóirt agus riaracháin. Tchí tú go dtagann bláth ar an phobal tríd an ghníomh simplí sin – an Ghaeilge a labhairt.

MOM-2

An gníomh stáit

Ansin tugann tú aghaidh ar an státchóras.

Nuair a iarraimid ár gcearta mar Ghaeilgeoirí, nuair a éilímid Acht Gaeilge, nílimid ag iarraidh crot bréagach a chur ar chúrsaí an stáit. 

Nílimid ach ag iarraidh go mbeadh an stát ionadaíoch den phobal. 

Duine ar bith a deir gur scáthán é ar an phobal sna Sé Chontae: státchóras a dhiúltaíonn an Ghaeilge a aithint, a dhiúltaíonn an Ghaeilge a labhairt agus a mhaíonn nach gceadaítear an Ghaeilge a aithint, táthar dall d’aonturas ar an athbheochan cultúrtha atá ina ábhair bróid agus dóchais againn. 

Ach anois tá ar nglórthaí le cluinstin. 

Tá an dream óg go háirithe ag iarradh a gceart ó gach rannóg rialtais agus ó gach áisíneacht stáit. Ní ghlacaimid leis nach bhfuil an Ghaeilge le feiceáil áit ar bith ar champas Ollscoil na Ríona; ní ghlacaimid leis nach bhfuil an Ghaeilge le feiceáil ar feithiclí an PSNI nó an Seirbhís Uisce nó an Feidhmeannas Tithíochta nó na gcomhlachtaí iompair nó ar na mórbhóithre. 

D’iarr muid Acht Gaeilge le go dtabharfaí aitheantas agus cearta don Ghaeilge. Ach in éagmais Achta ná bímis inár dtost; tógtar guth na Gaeilge in achan réimse den stát-chóras ar son aitheantais don Ghaeilge.

Polasaí

Díríonn an polasaí bríomhar Gaeilge seo ar na céimeanna a ghlacfaidh Sinn Féin le seasamh ar son cearta lucht na Gaeilge agus leis an teanga a chosaint agus a chur chun cinn. 

Tá tagairt anseo do na Gaeltachtaí, don oideachas, do na meáin agus don phobal. Molaim an polasaí-doiciméad seo agus molaim sibhse as a bhfuil déanta agaibh don Ghaeilge agus don náisiún sa cheantar seo.

Iarraim oraibh coinneáilt libh, coinneáilt libh, coinneáilt libh. 

Tá 30 bliain thart ó caitheadh amach as mo chéad chruinniú de Chomhairle Bhéal Feirste mé as siocair ‘teanga leipreacháin’ a labhairt. 

Bhí dhá dtrian den chomhairle an t-am sin ina n-aontachtaithe agus smacht iomlán acu.

An tseachtain seo caite, vótáil an chomhairle féin ar son Acht Gaeilge agus ní raibh ag 22 vóta aontachtach (as 60 vóta) in éadan an ruin. 

Bhí 19 vóta SF i measc na vótaí ar son an ruin agus ar son an athraithe. Nuair a sheas mé i mo chéad toghchán in 1985, is é 7 suíochán a bhí ag SF.

Dúirt Martin Luther King Jr:

“Change does not roll in on the wheels of inevitability, but comes through continuous struggle.”

Tá a fhios agam nach bhfuil eagla ar bith oraibh roimh an tsreachailt sin agus tá a fhios agam go mbeidh an lá libh agus leis an Ghaeilge.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland