Issue 2 - 2024 200dpi

27 November 2017 Edition

Resize: A A A Print

Feargal Ó Cuilinn, Baile Átha Cliath

• Feargal Ó Cuilinn, an tSeanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Ard Mhéara Bhaile Átha Cliath ag an am Críona Ní Dhálaigh, Aengus Ó Snodaigh TD agus Lorcán Mac Gabhainn ag seoladh Líofa i Páirc an Chrócaigh i Meán Fómhair 2015

TÁ LAOCH don Ghaeilge agus don Phoblacht ar lár san Ard Chathair. Fuair Feargal Ó Cuilinn (1966 -2017) ó Baile Bhailcín bás rionnt seachtainí tar éis taom croí maidin Cluiche Cheannais Peile na hÉireann.

Oibrí le Glór na nGael, Comhluadar, RÁS agus  cathaoirleach roinnt Gaelscoileanna ina measc Ghaelscoil Barra i Cabhrach, bhí Feargal gafa leis an Ghaeilge a chuir chun cinn go bríomhar le blianta, agus dá réir bhí aithne air ar fud na tíre.

Ag a shochraid bhí an Brat Náisiúnta ar a chónra agus léigh a chomráid scoile an Comhairleoir Críona Ní Dhálaigh ó ráiteas Aengus Ó Snodaigh TD nach raibh i láthair toisc Stoirm Ophelia:

“Ón aithne a bhí agam air ó meánscoil i leith, tá’s agam go raibh fíor bhród air faoin a phoblachtánachas. Aon uair a bhuail mé leis bhíodh plé againn faoi chúrsaí an tsaoil poblachtánach agus cad a bhí ag titim amach maidir leis an Proiséas Síochána le tamaill de bhlianta anuas.”

Comhbhrón lena chlann agus a chairde uilig. I measc laochra na nGael go raibh sé.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland