Top Issue 1-2024

2 October 2017 Edition

Resize: A A A Print

Nach ngoilleann cás na dtóigeálaithe ort?

SEA, goilleann sé go mór cás na dtóigeálaithe is na dtiarnaí talún.

D’réir tuairisc san Irish Times, ní féidir le tóigeálaí ionad cónaí a dhíol ar €325,000 toisc go bhfuil an corrlach ró-bheag le brabús a dhéanamh. Níl aon leigheas ar an scéal truaímhéalach seo ach an t-ualach cánach ar an tóigeálaí a laghdú.

Sea, ní mór airgead a fhaightear ó cháin ar thuarastail ghnáthoibrithe a úsáid le brabús an tóigeálaí a mhéadú.

Agus céard faoin tiarna talún bocht. Agus d’réir na dtuairiscí sé ‘bocht’ an focal ceart.

Tá na tiarnai céanna, is cosúil, ar tí sé mhíle ionad cónaí a chur ar fáil dá ligfí arís mionárasán nó bedsit a ligean ar cíos. Mhínigh urlabhrai dá gcuid, go bhfuil na tiarnaí talún i ndiaidh na mílte euro a chaitheamh ar mhionárasáin a fheabhsú, agus iad ag iarraidh a gcuid a dhéanamh le réiteach a fháil ar fhadb na tithíochta, ach níltear ag ligean dóibh.

Ní hamhmáin go bhfuil polaiteoirí na heite deise ag insint na scéalta amaideacha seo, ach tá na meain lán díobh.

San idirlinn, tá fadb na tithíochta ag dul i méad.  Tá níos mó daoine ná riamh curtha amach gan áit cónaí, agus na mílte leanaí ina measc.

Tá na cúirteanna ag ceadú go rialta go gcuirfeadh na cistí súmaireachta daoine as a gcuid tithe, is ta cíosanna ag dul trí an díon.

Agus níl aon leigheas ar an scéal seo ag an rialtas nó ag a lucht tacáíocht i bhFianna Fáil ach iarracht a dhéanamh cabhrú leis an rannóg phríobháideach tuilleadh brabúis a dhéanamh as riachtanaisí daoine. 

Ach tá’s againn go bhfuil leigheas ann.  Tá sé ráite is athráite gur thug an stát faoi fhadbanna den chineál céanna i dtréimhse roimhe nuair nach raibh na hacmhainní ceanna ar fáil is atá anois.

Sé sin, thóg an stát, tríd na comhairli áitiúla, eastáit tithíochta ar fud na tíre. Is d’eirigh leis na scéimeanna tóigeala seo tithíocht a chur ar fail go forleathan.

Agus is léir, mura féidir leis an rannóg phríobhaideach dul i ngleic leis an bhfadb tithíochta seo a fhaganns an oiread sin daoine gan dídean nó saite in árasáin ar árdchíos – agus is léir nach féidir – caithfidh an stát é a dhéanamh arís.

Ach thiocfadh se sin salach ar idé-eólaíocht an dream in uachtar, is na bpolaiteóirí i bhFine Gael is i bhFianna Fáil.

Cén leigheas, mar sin, ach fáil réidh le rialú an dá pháirtí sin, agus páirtí a réiteóidh an scéal a chur i mbun rialtais?

Cén leigheas ach vótáil Sinn Féin?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland