Top Issue 1-2024

1 June 2017 Edition

Resize: A A A Print

Rogha na Fraince idir Rud Deistineach agus Arrachtach

• Emmanuel Macron – nua-liobráalach den eite dheis i bhfad amach ó thaobh na heacnamaíochta dhe

BHÍ osna faoisimh i measc na ndíograiseóirí Eorpacha nuair a d’eirigh le Emmanuel Macron an bua a fháil i dtoghchán uachtaránacht na Fraince.

Ach is fiú smaoineamh faoi cén cineál duine é Macron, is cén cineál polaitíochta atá aige.

Ní fear den lár é, mar a deir RTÉ, ach fear den eite dheis i bhfad amach.  Ní faisisteach ná ciníoch é ach fear a chreideann go láidir i saoirse an mhargaidh is nach ceart aon shrianta a bheith ar rachmas.

Nua-liobrálach is fear mór domhandaithe is ea é.

Maidir leis an Eoraip, tá sé tugtha ar fad don dluthphairtiu is mó idir na ballstait, agus ag moladh anois féin gur chóir treisiú ar na hiarrachtaí le Aontas Bancaerachta a chur ar bun, tuilleadh cumhachtaí a bhaint ó rialtaisi bhallstáit agus an lár a threisiú.

Is ait mar sin gur chuir rialtas Bhaile Átha Cliath fáilte chómh fial sin roimhe nuair a mhaígh sé go hoscailte go bhfuil sé ag iarraidh aon-choras cánach a bheith ann san Eoraip, coras nach gceadóidh don tír seo socraithe dár gcuid féin nó rátaí cánach dár gcuid féin a chur chun cinn.

Sea, má éiríonn leis beidh deire leis an bpolasaí cánach sin a deir an rialtas faoi gur bunchloch fhorbairt eacnamaíoch na tíre seo í.

Ar ndóigh in ainneóin na n-osnachaí faoisimh ag na heorafanaicigh, ní raibh gach einne a thaobhaigh le Macron ag taobhu lena dhearcadh i leith na hEorpa.

Deir foinsí Francacha gur vótáil 60% da lucht tacaíochta ar a shon ar mhaithe le vótail i gcoinne Mharine Le Pen. Tá iarrachtai móra déanta aicise oidhreacht an fhaisisteachais sa bhFronta Náisiúnta a chealú, ach ní dhearna sí aon iarracht a dual sa seineafóibe, san ioslámafóibe agus sa gciníochas frith-Mhoslamach a cheilt nó a mhaolú.

Ceaptar gur vótail trian de lucht tacaíochta Jean-Luc Melenchon, fear na heite clé, di, gur staon trian eile agus gur thug an trian deiridh vóta drogallach do Mhacron.

Sí an teist anois ná cén chaoi a n-éireóidh le lucht tacaíochta Mhacron sna toghcháin phairlaiminte i mi Iúil, mar faoi lathair níl oiread is teachta amhain aige ann.  Teist freisin do Le Pen agus don Chlé.

Cheana tá ceardchumannaigh agus díograíseóirí clé i mbun agóide i gcoinne Mhacron.  Ní léeir fós mar sin nár lig na hEorpaigh a gcuid osnachaí faoisimh ró-luath.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland