Top Issue 1-2024

1 June 2017 Edition

Resize: A A A Print

Caithfear Deireadh a Chur leis an tSoláthar Díreach

Teastaíonn feachtas nua chun na h-ionaid mídhaonna do theifigh a dhúnadh

Is minic go gcuirtear i gcomparáid iad le príosúin oscailte, ach go mbíonn fhios ag duine i gcás daoradh den chineál sin cén uair a bheidh deire leis an téarma

IS IN OLCAS atá cursaí gaibhte sna h-ionaid Soláthar Díreach (Direct Provision) in Éireann, seachas í bhfeabhas, ó foilsíodh tuarascáil McMahon agus gur cuireadh an tAcht Cosanta Idirnáisiúnta i bhfeidhm. Tá gá díriú anois arís ar an mhí-úsáid institiúideach seo agus caithfear dul i mbun feachtais arís chun deireadh a chur leis ar fad.

Is mar bheartas shealadach a tugadh isteach na h-ionaid Soláthar Díreach sa tír seo sa bhliain 2000, chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine a thagann go hÉireann ag lorg tearmann faoin dlí idirnáisiúnta. Seacht mbliana déag ina dhiaidh sin tá fós 4500 duine ag conaí, páistí a dtrian, i 35 ionad timpeall na tíre, i gcoinníollacha atá ag sárú bunchearta daonna agus dínit an duine.

Is iad Fianna Fáíl a chum agus a cheap an córas uafásach seo. Lean Fianna Fáil agus an Lucht Oibre leis. Is sean-óstáin, ionaid saoire, foirgintí eaglasta agus eile den chuid is mó atá in usáid mar ionaid Sholáthar Dhíreach. Comhlachtai príobháideacha den chuid is mó atá iontu. Tá cuid de na comhlachtaí i ndiaidh na milliúin euro a shaoradh as cruatan na ndaoine bochta seo agus tá ceisteanna ollmhóra le freagairt faoin gcóras tairisceana agus iniúchóireachta ar an gcaiteachas stáit seo.

Is beag scil ná oiliúnt atá ag na daoine atá i mbun na h-ionaid ó thaobh seirbhísí tacaíochta do na teifigh, saineolas chomhairleoireachta, sláinte agus mar sin de.

Nuair a thagann na teifigh go hÉireann ar dtús is iondúil go gcuirtear iad chuig ionad faoi leith i mBaile Seisceann sula scaiptear iad ar fud na tire. Ní béarla an máthair theanga ag a bhformhór agus bíonn dúshláin go leor acu de bharr gur bh’éigean dóibh teitheadh ó chogadh, ciapadh nó cos ar bholg de chineál éigin.

Bíonn an Rialtas, Fianna Fáil agus an Lucht Oibre ag iarraidh rá gurb í an fhadhb is measa ná an mhoill ag deileáil le h-iarratais ar thearmainn agus thugadar isteach próiséas nua iarratais aon-uaire le sin a mhaolú. Ach, tá an chóras sin níos claonta i gcoinne na dteifeach ná an leagan amach amscaoi a bhí ann go dti seo.

Cuireadh ceistneoir casta, fada, i dtoll a chéile do na h-iarrthóirí. Bhí na h-aistriúcháin lofa in go leor teangacha. Tá easpa aistritheoirí feiliúnacha ar fáil agus níl na seirbhísí chomhairle dlí thar mholadh beirte go minic ach an oiread. Úsáidtear an chaipéis seo mar bhunús d’iarrthóirí ar thearmann. Gan amhras, déantar botúin agus dá bhrí sin déantar éagóir.

Ach, is fadhb mór millteach ann féin iad na h-ionaid Soláthar Dhíreach féin. Is ciapadh institiúideach atá ar bun nach féidir a chosaint. Is minic go gcuirtear i gcomparáid iad le príosúin oscailte, ach go mbíonn fhios ag duine i gcás daoradh den chineál sin cén uair a bheidh deire leis an téarma.

Is minic go mbíonn teaghlaigh iomlána ag roinnt seomra nó dhó in ionad phlúchta. Níl deis gnáth shaoil teaghlaigh a chaitheamh, ar nós cócaireacht a dhéanamh, béile a chaitheamh le chéile nó ócáidí clainne ar nós laethanta breithe a cheiliúradh agus cuairteoirí a bheith acu. Bíonn páistí brúite ó thaobh spás spraoi agus staidéar agus ní bhíonn príobháideacht ar bith ag lánúnacha pósta.

I gcásanna faoi leith, bíonn suas le ceathrar strainséar singil ag roinnt seomra lena cheile. Is minic go mbíonn fadhbanna idirphearsanta, sláinte agus meabharghalair ag baint leis na daoine seo. Níl aon spás phearsanta ag na daoine seo, rud atá mícheart amach is amach.

Is iad Sinn Féin an páirtí is mó atá taréis seasamh láidir a thógáil i gcoinne an chóras uafásach seo, ach caithfidh muid géarú ar an bhfeachtas. Níl aon amhras orm ach go mbeidh binse fiosruithe nó iniúchadh stáit ann amach anseo maidir leis an gcaoi a bhfuiltear ag caitheamh leis na teifigh seo.

Is dóigh gurb é an rud is mó a chuireann as dom faoi seo ar fad ná gur daoine iontach cumasach atá ann, nach bhfuil ag iarraidh a bheith mar ualach ar an stát, ach go bhfuil siad teanntaithe ag an gcóras nach dtugann cearta chun oibre, ná cearta oideachais dóibh ach an oiread, mar nach bhfuil Éireann ag seasamh leis na dualgais cearta daonna idirnáisiúnta atá againn.

Caithfidh muid ar fad seasamh le cheile i ndlúthpháirtíocht leis na daoine seo. Caithfidh muid dúshlán na bpáirtithe bunaidh a thabhairt. Caithfidh muid comhbhá muintir na hÉireann a chothú. Caithfidh muid deire a chuir le Soláthar Díreach.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland