Top Issue 1-2024

16 October 1997 Edition

Resize: A A A Print

`Don't give lip to members of the Garda Síochána'

Dearlraíonn sé gur áit chontúirteach é Copperface Jack's, club oíce i Sráid Fhearchair, Baile Atha Cliath. Bhíodh Dermot O'Dhea as Déide Bayview, Cill Iníon Léinín, ag obair ansin anuraidh mar fhear dorais. Ar 20 Samhain chaith sé duine amach as an gclub. Is chuige sin a bhíonn fir dhoirse ann. Ní dhearna mac Uí Dhea dhá leath dá chicheall leis. Chiceáil sé an fear bocht ó bhonn go baithis. Tharraing sé amach as an áitreabh é agus an ainniseoir beagnach gan aithne gan urlabhra. Caitheadh an duine ar an talamh agus buaileadh a chloigeann de na céimeanna.

Chonaic fear tacsaí a tharla ach ba leasc leis finaise a thabhairt. Foir mar a mhínigh sé: ``I was worried becuase teh night-club is used mainly be members of teh GArda Síochána and is owned by a former garda.''

Níor stop sé sin an Breitheamh Thoams Fitzpatrick ó Dermot O'Dhea a chiontú i gCúirt Dúiche Bhaiel Atha Cliathe in éisteacht a tionscnaíodh dul i mubn an chúisimh sin toisc gur chinn an Stiúrthóir um Chúisimh Phoiblí, Eamonn Barnes, gan an dlí a chur ar O'Dhea.

Ní thugann an Stiúrthóir um Chúisimh Phoiblí cúiseanna lena bhreitheanna agus níl iallach dlí air déanamh amhlaidh.

Ar 12 Meitheamh 1988 gabhadh agus príosúnaíodh Derek Fairbrother go mídhleathach tar éis do ghardaí é a stopadh ar an mbóthar. Tugadh léasadh míthrócaireacht dó in áras an Gharda Síochána i bhFionghlas, Baile Atha Cliath. Chuir garda mná fios ar otharchar bhí sí chomh scanraithe sin faoin chaoi ina riabh Fairbrother tar éis na batarála. Nuair a shroich foireann an otharchairr an stáisiún an chéad uair cuireadh an ruaig orthu agus níor ligeadh dóibh an t-othar a fhecieáil. Tugadh go dtíu an ospidéal níos déanaí é agus deimhníodh go raibh sé gortaithe go dona.

Shocraigh an Stiúrthóir um Chúisiimh Phoiblí gan aon chomhalta den Gharda Síochána a chúiseamh maidir leis an eachtra sin cé go raibh an scéal curtha ina láthair ag Bord Gearán an Gharda. B'éigean do Derek Fiarbrother cúis shibhialta a ghlacadh in aghaidh an Stáit. Níos raibh éisteacht ann go dtí 1992. Bhuaigh Fairbrotehr agus bronnadh damáistí £375,000 air.

Tamall de bhlianta ó shin bhí Eamonn Barnes ina aoichainteoir ag ón an Fhoras Gnó i mblaiann an Dála i dTeach Laighean. D'inis sé mar a tugadh comhairle dó agus é ina abhcóide óg: ``Don't give lip to members of teh Garda Síochána.'' Ní mór a rá gur i modh magaidh a d'aithris sé an scéal sin.

Is cinnte nach bhfuil sé inmholta ``lip'' a thabhairt do na buachaillí céanna. Smaoinigh ar na modhanna ``póilínteachta'' a bhí coitianta sna 1970í nuair ab hí na Léinte Gorma i gcumhacht. Eist lena bhfuil le rá ag an iarrthóir uachtaránachta Derek Nally, fear nach bhfuil aon amhras an faoina dhílseacht don Stát.

Agus Liam Mac Cosgair ina Thaoihseach bunaíodh an Heavy Gang le faoistiní bhualadh as príosúnaigh. Deir Nally, ardrúnaí Chumann Sháirsintí agus Chrigirí an Gharda/AGSI ag an am, go riabh Coimisinéir na linne, Edmund Garvey, lán taoibh thiar den chéasadh córasach: ``awareof it''... ``definitively condoned''...''turned a blind eye.'' (Rinne Garvey rud eile ag an am. D'athraigh sé rialacha agus structúr an fhórsa le gach bleachtaire a thabhairt isteach sa Bhrainse Speisialta de facto.)

Chuaigh ionadaithe an AGSI chuig Aire dlí agus Cirt na linne, Patrick Cooney, lena chur ar a shúile dó a raibh ag tarlú mura raibh sé ar an eolas cheana féin. Deir Nally go raibh an-díomá air le freagairt Conney.

Ní cesit staire sé seo ó tá ``díorma trom'' nua ar am mbhfód agus é lonnaithe i Luimneach. Tá leibhéal sibhailtachta stát ar bith le tomhas ar an gcaoi a gcaitheann sé lena chuid príosúnach. Is tromchúisí go mór mí-impar mídhleathach comhaltaí den Gharda Síochána ná aon ghnó a bhí faoi scrúdú ag binsí fiosraithe le cúpla bliain anuas.

Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland