16 January 2017 Edition
Cothromas diúltach agus deacracht phearsanta
Tá an coras cánach eagraithe le droch-scéal a dhéanamh níos measa dóibh siúd a chailleann a gcuid tithe
MAR IS NÓS anois ag an rialtas agus ag an bhfreasúra bréagach (Fianna Fáil) cluiche pholaitiúil a dhéanamh as ceisteanna a bhfuil tábhacht dhairíre ag baint leó don phobal, níl ar siúl acu maidir le riaradh cíosa ach cur i gcéill eile.
Tá an dá pháirtí – Fine Gael agus Fianna Fáil – ag cloí leis an argóint gur ceist don mhargadh í. Agus tá siad beirt níos buartha faoi a bheith ag cur isteach ar an margadh maidir le cíos ná faoi droch-chaoi an phobail i dtaobh tithíochta.
Sé fírinne an scéil ná go bhfuil an coras eagraithe i gcoinne leas an ghnáth-dhuine, agus baintear leas as gach seift le daoine a chur i gcomaoin na dtiarnai talún.
Ach tá gné eile den scéal nach luaitear mórán: sé sin daoine a bhfuil i mbaol a dtithe a chailliúint is nach bhfuil aon sheans acu biseach a fháil sa bhfad-téarma ach imeacht ón teach, ar ais go minic go teach na dtuismitheóirí, is an teach fein a ligint ar cíos.
Tá an coras cánach ag cur isteach go mór ar dhaoine atá sa riocht sin.
Seo scéal a léiríonn droch-thionchar an chorais mar atá.
Bean óg, atá ina máthair léí féin ach a cheannaigh teach di féin is dá mac. Ón am sin tá luach an tí titithe go mór ar ndóigh: tugtar cothromas diúltach ar an gcailliúint luacha seo.
Freisin, de bharr na géarchéime gearradh siar go mór ar a teacht isteach, sa gcaoi nach raibh sí in ann an mhorgáiste a aisíoc a thuilleadh. Ní raibh sí in ann an teach a dhíol mar gheall ar an gcothromas diúltach agus ní raibh aon dul as aici ach an teach a ligean ar cíos agus filleadh ar theach a máthar.
Ghearr sí cíos a bhí beagáinín níos lú ná costas míosúil an mhorgáiste.
Agus baineann na Coimisinéiri Ioncaim os cionn 50% den chíos sin uaithi mar cháin. Agus ní cheadaítear di costas an úis ar an margáiste a chur i gcoinne na cánach.
Sé sin go bhfuil sí fós ag caitheamh suim mhor airgid in aghaidh na míosa, ach caithfidh sí fanacht sa mbaile lena máthair, í féin agus a mac.
Mura mbeadh an mháthair sásta í a ligint ar ais bheadh uirthi dul i lóistíní B&B mar bheadh teach aici dar leis na húdaráis.
Agus dá ndíolfadh sí an teach bheadh fiach trom uirthi i gcónaí – fiach a chinnteódh nach mbeadh teach dá cuid féin aici riamh, is go mbeadh uirthi dul i muinín na dtiarnaí talún le áit cónaithe a fháil toisc go bhfuil an stát ag diúltú tithe a thógáil go díreach.
Ní hamháin nach bhfuil aon leigheas ag Fianna Fáil is Fine Gael air seo; is cuma leó is ni thugann siad aird dá laghad ar an bhfadb.