Top Issue 1-2024

16 January 2017 Edition

Resize: A A A Print

Bliain lán dúshláin, bliain lán dóchais

D’fhéadfadh rud ar bith tarlú go polaitiúil i 2017, ach an bhfuil muid réidh chuige?

Is cinnte go bhféadfadh nithe eile gan coinne teacht aniar aduaidh ar na páirtithe bunaidh i 2017

IS CRÍONNA an té a dhéanfadh tuar ar céard a thitfeas amach i saol na polaitíochta as seo go ceann bliana. Go deimhin, tá neart cainte ar an méid a thit amach i 2016 nach raibh súil leis, ach d’fhéadfadh an pátrún sin leanúint, nó go bhfillfeadh cúrsaí ar phátrúin níos traidisiúnta i rith na bliana seo chugainn.

Tá Angela Merkel faoi bhrú ollmhór sa Ghearmáin agus í ag druidim i dtreo olltoghcháin. 

Í faoi ionsaí maidir lena cuid polasaithe ó thaobh inimircigh de agus in ainneoin tacaíocht a bheith aici ó comhleacaithe stairiúla san Eoraip, beidh jab aici na cosa a thabhairt léi agus ag Dia amháin atá fhios cén tionchar a bheadh aige sin ar Aontas na hEorpa ar fad. 

Beidh athrú ar cheannaireacht na Fraince chomh maith agus deacair a rá ar sa lár, ar chlé nó ar ag eite fíor-dheis ar fad a bheidh an chraobh sa gcomórtas áirithe sin. Má eiríonn le Francois Fillon agus na Poblachtánaithe is féidir a bheith ag súil le móran an cur chuige céanna ó thaobh na hEorpa de. 

Is beag barúil atá ag daoine do na Sóisialaigh, a bhfuil an tóin titithe astu faoi Hollande agus duine dár iar-réalta Emmanuel Macron ag caint ar seasamh mar neamhspleáigh. An bhfágfaidh sin an bealach níos éasca do Marine Le Pen agus lucht na h-eite deise cleas Trump a dhéanamh agus an lá a thabhairt léi? Dá dtarlódh sin, níl aon amhras ach go n-athrófái dreach na hEorpa ar fad mar thoradh air.

Beidh olltoghcháin san Isiltír, sa tSeirbia, sa tSlóivéin, i bPoblacht na Seice agus san Ungáir freisin. Tabharfaidh siad sin léargas níos cruinne ar cé chomh leathan is atá an dearcadh frith-imirceach ag leathnú agus ag buanú sna tíortha eile ar fud na coigríche.

Beidh toghcháin áítiúla i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag i mí na Bealtaine chomh maith. Slat tomhais a bheidh iontu seo maidir le ceannaireacht Jeremy Corbyn ar Pháirtí an Lucht Oibre agus an mbeidh cosmhuintir an pháirtí ag déanamh dul chun cinn sna comhairlí áitiúla in aghaidh lucht oidhreachta Blair, a bhí chomh glórach i gcoinne Corbyn ag an leibhéal náisiúnta, ach gur thug gnáth bhaill an pháirtí droim láimhe dóibh. 

In Albain beidh le feiceáil an mbeidh aon teacht aniar ag an Lucht Oibre faoi Corbyn freisin, i gcoinne láidirú damanta Páirtí Náisiúnta na hAlban faoi cheannaireacht Nicola Sturgeon. Ár ndóigh, tá Theresa May in ainm is tús a chuir go foirmeálta le próiséas na Breatimeachta roimh deire mí na Márta agus tiocfaidh fuadar ollmhór faoin idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach ina leith seo. 

Beidh brú ollmhór ann maidir leis tionchar a bheidh aige sin ar fad ar an gaol idir Éirinn agus an Bhreatain agus todhchaí na sé chontae ins an leagan amach seo ar fad.

Tá an saol corrach go maith ó thaobh an Chomhthionóil de agus ó thaobh agus ní féidir a bheith cinnte nach dtitfidh na h-institiúid sin as seo go ceann bliana. Tá cos dhá chuir i dtaca ag Arlene Foster maidir leis an scannal faoi ‘Cash for Ash’ agus neamhchinnteacht go leor ann maidir lena ceannaireacht agus tacaíocht Shinn Féin de mar Chéad Aire.

Agus arnó, cá bhfios céard a tharlóidh sa 26 Contae? Níl aon tsúil mhór ag daoine i dTeach Laighean go mbeidh na postaeir toghcháin le crochadh againn go ró-luath, ach cá bhfios céard a tharlóidh. Tá comhrialtas feidhmeach Fianna Fáil agus Fine Gael ag cloí daingean go leor le chéile, in ainneoin go bhfuil an chuid is mó de na cannaí dhá chiceáil síos an bóthar agus gur beag dul chun cinn atá dhá dhéanamh go praiticiúil ar ghéarchéimeanna sláinte, tithíochta agus eile acu.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland