Top Issue 1-2024

9 October 1997 Edition

Resize: A A A Print

Tá siad imithe soir!

Cá bhfuil na fórsaí míleata a bhíodh ag cosaint bratach na himpireachta i Hong Cong agus bólaí eilel go dtí le déanaí? Tiocfaidh tú orthu in oirtehar ina hEorpa. An tseachtain seo caite bhí 4,500 trúpaí de chuid arm na Breartine páirt in inlícohtaí sa PHolainn.

An tseachtain roimhe sin bhí Rúnaí Cosanta Shasana, George Robertson, san Ucráin le haghaidh dchomhchleactadh de chuid na nUcránach, na bPolainneach agus na Sasanach. Bhí paratrúpaí Sasanacha ag múineadh cleasanna don dá dhream eile.

ní imeachtaí fánacha iad seo ach cuid dílis de chlár míleata cuimsitheach atá á chur i bhfeidhm ag rialtas Londan le smacht a fháil ar airm th´riotha oirtehar na hEorpa. Le cúipa bliain anuas tá ardoifigigh na n-arm sin án -oiliúint sa Royal College of Defence Studies i Sasna. Orthusan a bhí ar chúrsaí ansin le déanaí bhí ceann foirne fhórsaí cosanta na Rómáine agus oifigigh shinsearcacha ón Ungáir agus ón bPoblacht Sheiceach.

Lena hais sin tá oifigigh Shasanacha curtha soir mar chomhairleoirí. Is é an Cornal Janis Kazocins leascheann foirne arm na Laitvia. Go dtí le déanaí bhí sé in arm na Breataine. Feiccimid go bhfuil Max Jardim in ardcheannsaíocht fhórsaí na Rúise anois agus é ag plé le cúrsaí pearsanra. An uair dheireanach a thugamar faoi deara é bhí sé ina cheannaire scuadrúin san RAF. Tá oifigeach atá ar iasacht ó na Sasanaigh ina chomhirleoir ag an gceann foirne Seiceach. Feidhmeannach atá ar iasacht ón Aireacht Chosanta i Londaoin atá ag cur caoi ar chúrsaí airgid arm an hUcráine.

Ba iad na Muirínigh Ríoga a bhí i gceannas ar thionscanmh de chuid EAgraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT/NATO) comhchathlán a bhunú idir an Laitvia, an Liotuáin agus an Eastóin. Is é an Béarla atá ina theagna oibre ag an gathlán nua.

Reachtálann an British Coucnil cúrsaí i mbéarla agus béim iontu ar théarmaíocht mhíuleata agus is iad an Oifig Eachtrach agus an Aireacht Chosanta a dhéanann iad a mhaoiniú. Is teanga í an Béarla atá éigeantach a bheag nó a mhór d'oifigigh airm i dtírotha ECAT. Beidh an Pholainn, an Ungáir agus an PHoblacht Sheceach ag dul isteach ansin i 1999.

Tá polasaí um ``idir-inoibriú'' á chur chun cinn i dtíortha eile oirtehar na hEorpa. Caillaíonn sé sin go bhfuil iallach á chur ar fhórsaí na dtírotha sin glacadh le treallamh, cleachtais, dogma míleata, modhanna oiliúna, comharthaíocht agus polasaí teanga a bheas comhoiriúnaithe lena gcomhionann in ECAT chomh maith lena slabhra ceannais a bheith ar an dul céanna. Beidh orthu iad féin a athgléasadh go hiomlán agu sa bheith réidh leis an seantreallamh Sóivéadach.

Tá níos mó ná cúiseanna míleata leis an athghléasadh sin: cruthaíonn sé margadh do ghléasanna troda guas treallamh eile agus do sheirbhísí oiliúna. Curieann sé costas trom ar mhuintir oirthear na hEorpa agus cruthaíonn sé fiacha nach glanfar sa ghlú8in seo. Ní gá intinn shalach a bheith ag duine le ceangal a fheiceáil idir beartais mhíleata na Sasanach in oirthear na hEorpa agus leas tráchtála thionscal na n-arm sa Ríocth Aontaithe.

In ainneoin na n-athruithe a mbíonn riatlas an Bhláraigh ag maíomh astu tá rud amháin nach bhfuil athraithe i Londain: ní cháintear an bhunaíocht mhíleata.

Tá t-impiri´7ulachas nua, mar atá sé á chur chun cinn in oirthear na hEorpa, níos ceilte n´®a an seanchoilíneachtas atá ar tí imeacht le brauscar na staire. Ta an impireacht marbh! Maireann an impireacht!

Colm de Faoite


Slogan



Cuirfear fáilte ar leith roimh Oireachtas na Gaeilge nuair a déanfar a t-imeacht a oscailt ag direadh na míosa seo nuaira chruinneoidh Gaeil ó gach cern den tír i mBéal Feriste do sheachtain agus tri lá de cheol, amhránaíocht agus ealaíona.

Foilsíodh clár na n-imeachtaí an tseachtain seo le leabhrán dáthúil eolais agus altanna ann ó na `boic mhóra' i sal na Gaeilge sa chathair. Tosaíonn an tOireachtas Déardaoin ag 6.30 in 23 Deireadh Fómhair le hoscailt `An Taispeántas Ealaíne' nuair a shoelfaidh Máirtín O muilleork, iarchomhairleoir, iriseoir, údar agus p´trún na n-ealaíon an Táispeántas i nGaeileáraí Halla Cois Cuain (Waterfront Hall). Beidh an Taispeántas le feiceáil i dtrí ionad éagsúla, agus a leireoidh saothar de chuid ealaíontóirí ó fud fud na hEireann, agus Cúgie Uladh ach go hairithe. `Sé Cathal ø Searcaigh, an File, a osclóidh an chuid den taipeántas a bheas le feiceáil in Ionad Ealaíon na Seaniarsmalainne, cearnóg an Cholásite.

Mar a scríobhann Albert Fry, Uachtarán an Oireachtais 1997, `ní inniu ná inné a tionóladh féile mhór náisiúnta i mBéal Feriste den chéad uair'. Bhí, ar ndóigh, Féile Mhór na gcláirsoeirí' suite i mBéal Féirste sna 1780aidí agus ní beag an cheangail idir lucht freastal na Féie sin augs bunú na hEireannach Aontaithe cupla bliana ina dhiaidh sin. Foilsíodh an chéad leabhar lcóithe i nGaeilge breis agus dhá chéad bliana ó shin sa cheantar céanna a's a bhfuil an TOireachtas 1997 ag dul ann anois.

`Siad na Caisidigh, a bhfuil seanaithne agus cairdeas ar phboal Féirste orthu, a bheidh i mbun an cheoil ag Club na Féil Oíche Aoine i ndiaidh na hoscailte oifigiúla i Halla na Cathrach ag 6.30 in. Craolfar an oscialt ar Raidio na Gaeltachta, le Marcas ó Murchú `O Bhéal go Béal'. Cuirfear tús le Sclípe na hOige Dé hAoine, sraith imeachtaí faoi choimirce na dtrí n-ógeagras Ogras, Feachtas agus Cumann na bhFiann. Le linn na sraithe sin cluinfear ceoil, beidh rince, spórt, díospóireachtaí, Paráid Mhór agus craic ann.

Ar an tSathran cuirtear tú8s leis na comórtais ardáin i gCultúrlann Mc Adam-O Fiaich agus i gColáiste Mhuir, comórtias a lenafaidh ar aghaidh i rith an dhá dhreieadh seachtaine. Beidh comórtas Chorn Uí Riada ann ar an dar asatharn.

Dé Domhnaigh agus beidh lucht psóirt ag leanúint a mbealaigh chuig Páirc Naomh Pól nuair as bheidh Réaltaí na Gaeltachta ag dul i gcoinne Réaltaí Chúige Uladh. Is ar son Mheánscoil Dhoire atá an cluiche seo á imirt, agus tá an lucht eagraithe dóchasach go mbeidh slua i láthair.

Imeacht ar leith atá ag rith chomuaineach leis an Oireachtas tá Flix Feirste, á reáchtail ag Forbairt Feirste faoi choimirce an Irish News.

Beidh roinnt saothair nua á dtaispeáint don chéad uair le linn an Féile, ina measc beidh Gort na gCnámmh, scannán bunaithe ar dhán le Cathal O Searcaigh, Ceol na Talún le Peadar O Riada, agus eagrán de CU Burn, chomh maith le scannáin ón Bhreantain Bheag, Fríoslann, Euskadi agus Fruila. Eolas: Philib Mac Cathmhaoil (08 01232 438597).

Tá go leor leor imeachtaí eile, sean nós (agus ba mhaith liom ádh mhór a ghuí ar Aistrid Ní Mhongán a chas amhráin linne ag Slógadh Shinn Féin i Maigh Eo an deireadh seachtain seo chaite agus a bhéas ag canadh arís le linn an Oireachtais), agallamh beirte, cuairteoirí ón Alban agus ón Bhreatain Bheag, Lá Mhanann (Máirte 28 Deireadh Fómhair), tráth na gCeist, Ceolchoirm le Seoirse o Dochartiagh sa Chultúrlann, Ceardlann agus oícheanta seitrince, Club na nOg agus araile.

Tá clár lánb de rudaí éagsúla ag an Oireachtas, agus tá an iomarca imeachtaí le cludú ina n-iomlán anseo ach, ar ndóigh, is féidir tuilleadh eolais a fháil ón lucht eagraithe:

Liam O Maoladha 01-475 3857.

Guímis gach ráth ar an Oireachtas, is fada a aithnítear ar bhéal Feirste mar chathair Ghaleach. Tá sé in am go raibh an tOireachtas suite ann.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland