Top Issue 1-2024

1 December 2016 Edition

Resize: A A A Print

Fís an Phiarsaigh Fós le Fíorú i Ros Muc

Ionad nua do chuairteoirí oscailte ach easpa béime ar an réabhlóideachais

Murach na fonnadóirí agus ceoltoirí bhreátha agus an beannú ionsparáideach a rinne an sagart paróiste is ar éigin a bheadh fhios agat ag an ócáíd oscailte go raibh baint ar bith ag an bPiarsach leis an Eirí Amach, ná go raibh Eirí Amach an ar chor ar bith!

D’OSCAIL IONAD CUAIRTEOIRÍ ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc ar an 10ú Samhain, cothrom an lae ar rugadh Pádraig Mac Piarais. 

Is é an Taoiseach Enda Kenny a rinne an oscailt oifigiúil, i gcuideachta an tAire Stáit Gaeltachta Sean Kyne agus an rud ba suntasaí ná a laghad tagairt a rinne ceachtar den bheirt ar ról an tírghráthóir seo leis an Eirí Amach ná gluaiseacht na Poblachta. 

Go deimhin, tá beag is fiú déanta san ionad féin dó seo chomh maith, dar liom.

Bunaíodh Ionad Cuairteoirí Theach an Phiarsaigh i ndiaidh feachtas pobail atá ar bun le ós cionn scór bliana. Údarás na Gaeltachta a bhí i mbun an togra tógála, Oifig na nOibreacha Poiblí a bheidh i mbun bainistíochta agus fuair siad tacaíocht airgid chomh maith ó Roinn na Gaeltachta, Fáilte Éireann agus ó Chlár Cuimhneacháin 1916.

ap31-3

Ionad ildána atá ann le taispeántais idirghníomhacha, físeáin, cláracha eolais agus pictiúir ar ghnéithe éagsúla de shaol an Phiarsaigh, tírdhreach Chonamara, scríbhneoirí agus oidhreacht an cheantair. Tá siúlóid álainn dúlra ann as sin go dtí an teachín beag ceann tuí ar bhruach na locha ina mbíodh an Piarsach, a chlann agus pearsaí iomráiteacha stairiúla eile ag cur futhu ag tús an chéid seo caite.

Teachín beag athchóirithe atá ansin, a bhfuil a aghaidh amach ar na lochanna draíochtacha agus ar shléibhte Chonamara.  Bhain Pádraig Mac Piarais duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 úsáid as mar theach samhraidh agus mar scoil samhraidh dá dhaltaí as Scoil Naomh Éanna i mBaile Átha Cliath idir 1909 agus 1915. Dódh an teachín le linn Cogadh na Saoirse, ach athchóiríodh an taobh istigh de, áit a bhfuil taispeántas d’iarsmaí anois ann.

Tá cuma an-mhaith ar an ionad cuairteoirí féin leis an gceart a thabhairt agus tá moladh faoi leith tuillte ag foireann Údarás na Gaeltachta a bhí ag bainistiú an togra tógála. Caitheadh €4m ar thógail an ionaid agus chuaigh sé thríd roinnt leaganacha amach thar na blianta. Ach, luíonn an ionad críochnaithe isteach go maith leis an tírdhreach álainn ina bhfuil sé suite.

Duine ildánach a bhí sa bPiarsach gan amhras. Tá cur síos ar an ról a bhí aige ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge, an bhaint a bhí aige le gluaiseacht na h-athbheochana agus freisin mar oideachasóir agus bunú Scoil Éanna agus an fhealsúnacht forásach a bhí aige maidir le cúrsaí foghlamtha.

ap31-2

Bhí mé féin ag súil le i bhfad níos mó béime ar an gcúlra reabhlóideach a bhí ag an bPiarsach, na h-ullmhúchán don Éirí Amach, na daoine éagsúla a thug cuairt ar an bPiarsach i Ros Muc fad is a bhí sé ansin agus mar sin de.  Braithim gur chóir go mbeadh níos mó béime ar an bpleanáil mhíleata, an fhealsúnacht fuascailte agus na h-óráidí cumasacha a thug sé, ina measc an óráid a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháín Rossa – a scríobhadh fad is a bhí sé i Ros Muc.

Seans go bhfuil sé ann ins na taispeáintais dhigiteacha, ach níl sé suntasach agus tú ag siúl timpeall an ionaid. Go deimhin, ar an lá oscailte ni raibh coip d’Fhorógra na Poblachta le feiceáil san ionad, cé go dtugtar aitheantas don Phiarsach as an chuid is mó de a scríobh.

Le bheith fírinnneach, is le teann náire a cuireadh iachaill ar an Rialtas dul i mbun an togra seo ar an gcéad dul síos. Murach na fonnadóirí agus ceoltoirí bhreátha, Pól Ó Ceannabháin, Róisín Seoighe agus Johnny Óg Connolly agus an beannú ionsparáideach a rinne an sagart paróiste Gearóid Ó Gríofa, is ar éigin a bheadh fhios agat ag an ócáid oscailte go raibh baint ar bith ag an bPiarsach leis an Eirí Amach, ná go raibh Eirí Amach an ar chor ar bith!

Ach, ós rud e go bhfuil an ionad tógtha anois, ní foláir cinntiú go dtugtar an t-omós cuí don intleachtóir, oideachasóir, cróga, réabhlóideach poblachtánach seo. 

Caithfear ionad bheo a dhéanamh di, ina mbeidh neart ócáidí spreagúla ar bun ag muintir na h-áite agus dreamanna eile. 

Caithfear fís an Phiarsaigh a chomóradh agus a chraobhscaoileadh do na glúnta atá romhainn. Agus thar aon ní eile caithfear an Phoblacht lenar dhóirt sé a chuid fola agus a rinne sé an íobairt is mó ar a shon, a fhíorú.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland