Top Issue 1-2024

1 November 2016 Edition

Resize: A A A Print

Mo thuras LADT

SAN ALT seo scríobhaim faoi mo thaithí féin agus faoin turas LADT s’agam le blianta beaga anuas. Agus mé ag scríobh, tá Seachtain Mhórtais an Iúir i ndiaidh tarlú agus tá meas mór agam don Phobal Rainbow áitiúil agus don choiste ‘Bród san Iúr.’ Jab den scóth atá deánta acu ar feadh deich mbliana anuas agus iad ag deánamh ionadaíochta do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha (LADT) sa phobal – ag eagrú paráidí, féilte agus cóisirí agus eile.

Sna laethanta seo, is féidir á rá go bhfuil Iúr Cinn Trá chomh sábháilte agus chomh cairdiúil don phobal LADT is a bhí sé riamh anall.

Sin ráite, tugadh iarracht imeachtaí 2016 ó chur ó mhaith nuair a rinneadh ionsaí uafasach ar chúigear ball den choiste Rainbow taobh amuigh de theach tábhairne i ndiaidh na féile. Is annamh a tharlaíonn a leithéid, má tharlaíonn sé ar scor ar bith, ach taispeánann sé go gcaithfidh muid níos mó oibre a dhéanamh chun stop a chur le homafóibe, le trasfóibe agus le claontacht gnéasachta ar an Iúr.  

Eachtra phearsanta agus thábhachtach liom ba ea an Chóisir Mhór ar oíche Shathairn na féile.

Cuireadh tús leis an turas seo agam siar sa bliain 2011 agus mé i mo chéad bliain mar mac léinn staire agus polaitíochta ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Déarfadh na Meiriceánaigh go raibh mé i mo ‘frat boy’ ansin – fear óg, lán den téististéaróin, a bhí ag iarraidh cailíní a phógadh an chuid is mó den am i rith oícheanta airnéala. Níl náire orm faoin saghas duine a bhí ionam an t-am sin ach tá aiféala orm faoin homafóibe. Mhothaigh mé míchompordach agus daoine LADT i mo chuideachta agus, go héagórach, chreid mé go raibh homaighnéasacht ina rud inghlachta. 

Ní raibh mé eolach faoi daoine trasinscneacha ag an am. Ag cóisirí arasáin sa chéad bhliain ollscoile, d’iompraíodh duine de mo chairde é féin ar dhóigh an-phiteogach chun cur isteach orm d’aonturas.   

Lean na heachtraí seo ar aghaidh sa chéad bhliain acadúil eile agus mé i mo chónaí i mBéal Féirste le cairde liom as an Iúir. Ba ghnách liom éirí garbh agus daoine LADT thart orm, daoine a fuair cuireadh le bheith ag stopadh linn faoi choinne oícheanta airneála, de ghnáth. Is cuimhin liom gur labhair iarghirseach liom faoin iompar seo – níor éist mé lei.

An cor cinniúna? Ba é sin an clár staidéir sna Stáit Aontaithe nuair a tugadh áit dom ar Choláiste Warren Wilson (CWW), mar ar thug mé faoi Theastas i gCleachtadh Gnó Meiriceánach. 

Is coláiste beag oibre é CWW in Swannanoa, North Carolina a bhfuil fócas aige ar an tréidhe – staideár, obair agus obair dheonach sa phobal áitiúil. Faoi cheann seachtaine agus mé ag an choláiste i mí Lúnasa 2013, fuair mé cuireadh páirt a ghlacadh san fhoireann in Oifig Chlár Seirbhíse (OCS), i ndiaidh dom riomhpóst a chur agus agallamh gairid a dhéanamh.

Ghlac mé leis an chuireadh seo agus chuaigh mé i gceann mo dhualgais mar dhuine de na hOifigigh – Food Security (Poverty) Policy Community Liaison . 

pg21-2

Tá pobal an-láidir LADT ag CWW – mic léinn, múinteoirí agus lucht oibre an choláiste ina measc. Leis an fhírinne a rá, bhí daoine LADT san fhoireann s’agam agus i measc oibrithe eile na hoifige. Thug siad moladh dom le linn na bliana thar sáile in Iar-Thuaisceart Carolina agus d’éirigh mé cairdiúil leo.

An Stiúrthóir a chuir agallamh orm sa chéad dul síos, bhí sí féin ar dhuine acu siúd. 

Is tríd an taithí a fuair mé ag comhoibriú leis na daoine seo, a d’fhoghlaim mé faoin dochar agus faoin idirdhealú atá go fóill á dhéanamh ar an phobal LADT. Is cuimhin liom go raibh fíor-fhearg orm ag an am nach raibh ceart ag cairde agus múinteoirí liom duine den inscne céanna a phósadh.      

Chomh maith leis seo ar fad, ba thábhachtach an eachtra í nuair a bhuail mé leis an bhean a bhfuil mé geallta di - Ashlyn. Tá dúil as cuimse aici i gcúrsaí LADT agus ní bhíonn teip uirthi in am ar bith na tuairimí caolaigeanta s’agam a cheartú. Cuidíonn sí liom go rialta amharc ar chúrsaí ar chuma dhifriúil. Is féidir liom an coincheap a thuiscint – go bhfuil daoine trasinscneacha ann – mar gheall ar na comhraí seo againn agus mar gheall ar chomhraí faoi ‘RuPaul’s Drag Race’ (clár teilifse) agus faoi sheónna drag ar fhreastail sise orthu sna Stáit Aontaithe.

Leis an fhírinne a rá, is i rith cóisir breithlá cúpla mí ó shin; faoin téama ‘RuPaul’s Drag Race’, shocraigh mé, i ndiaidh cuid mhór diospóireachta agus mé ag glacadh leis go raibh mé i gcomharsanacht sábháilte, shocraigh mé go ngléasfainn suas mar bhanríon drag.

I rith na cóisire, agus mé mar ‘Nasty Onassis’, thuig mé go raibh coincheap na hinscne ina rud luaineach – rud a bhaineann le hintinn an duine. Ghléas cara liom, Jake, mar bhanríon drag fosta agus músclaíodh mo mhisneach. I mo thuairim féin, d’athdhearbhaigh sé seo sábháilteacht na timpeallachta thart orm agus chuir sé seo ar mo shaimhín só mé nó go raibh cara heitrighnéasach ann liom.   

Tá mé cinnte gur chuidigh na heachtraí seo uilig liom bheith compordach agus páirteach sa chóisir Mhórtais ar oíche Shathairn. Bhain mé an-sult go deo as agus mo dheartháir agus cairde eile inár gcuideachta, dála an scéil.

Ni féidir le duine ar bith an todchaí a thuaradh ach tá muinín agam go bhfuil eachtraí speisialta le teacht ar mo thuras LADT. Tá mé ag dúil le buaileadh lena thuilleadh daoine iontacha agus le deiseanna eile chun mo thuiscint féin a fhorbairt. Tá agus fáilte. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland