Top Issue 1-2024

1 November 2016 Edition

Resize: A A A Print

Scéal dhá chogadh: Aleppo is Mosul

LE MÍ anuas tá RTÉ ag tuairisciú faoin uafás atá ag titim amach in Aleppo sa tSyria, ach is mó de bholscaireacht chlaonta ná tuairisc iomlán a craoladh.

Níl aon dabht ach gur uafasách (sa mbrí ceart den fhocal sin) an rud é a bheith taobh thíos de bhuamaí a chaitheann aerfhorsa na Rúise ar dhaingin na reibiliúnach in Oirthir na cathrach sin.

Ach is uafásach an rud é freisin a bheith taobh thíos dena diúracáin a chaitheann na reibiliúnaigh isteach in Iarthar na cathrach, an taobh atá slánaithe ó ghreim na sceimhlitheóirí bunchreidmheacha.

Sea, agus ní thuairiscíonn RTÉ ach an oiread gurb é Al Nusra, cómhghuaillí Al Qaeda is ISIS, a ghabh seilbh ar an Oirthear is atá ag coinneáil an daonra ann mar chosaint.  Maraítear aon duine a ghabhtar agus é nó í ag iarraidh éaló mar tá pasáiste slán geallta ag rialtas na Syria d’éinne atá ag iarraidh imeacht.

Bhí sos comhraic ann, agus dhiúltaigh na bunchreidmhigh seo aon aitheantas a thabhairt dó, sa gcaoi go dtuigeann an rialtas anois nach bhfuil aon bhealach ar aghaidh ach Al Nusra a dhíbirt amach ón gcathair.

Agus sin é atá ar siúl ag an rialtas in éineacht lena gcómhghuaillithe Rúiseacha.

Ní laghdaíonn sé sin uafás an scéil ach tugann sé cómhthéacs is míníonn sé i ndáiríre nach bhfuil aon rogha ann.

Mar a tharlaíonn tá sé á fhógairt anois go bhfuil rialtas na hIaráice, faoi thionchar na Stát Aontaithe, le ionsaí mór a dhéanamh ar Mhosul le ISIS a dhíbirt amach ón gcathair sin.

Beidh na Meiriceánaigh ag caitheamh buamaí le daingin na sceimhlitheóirí bunchreidmheacha, agus deir an Chrois Dhearg go mbeidh 300,000 i mbaol mar gheall ar an mbuamáil chéanna. Ach má tá Mosul le glanadh ó ghreim na sceimhlitheóirí, an bhfuil rogha eile ann?

Tá’s againn ámh nach mbeidh RTÉ ag cáineadh ghníomhaíocht na Meiriceánach is ní bheidh sraith bholscaireacht gan chríoch ag tabhairt le fios gur coireanna cogaidh a bhéas ar siúl acu.

Sin fimínteacht na Meiriceánach, ach fimínteach is mí-ionraiceas na n-iriseóirí de chuid RTÉ a chuireann na bréaga seo amach ar an telefís.  Cuimhnigh air sin nuair a thuairisceófar an ionsaí ar Mhosul.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland