Top Issue 1-2024

3 October 2016 Edition

Resize: A A A Print

Leabharlanna féin-fhreastal?

Ciorruithe thríd an cúldórais ar sheirbhís thabhachtach poiblí

Níor mhaith liom go bhfeicfidh muid an tsaineolas, scil agus caidreamh pearsanta ag imeacht as ceann de na seodra is luachmaire atá againn sa gcóras rialtas áitiúil

TÁ DUL chun cinn mór dhá dhéanamh ó thaobh na teicneolaíochta de ar shaol daoine a dhéanamh níos simplí agus meaisíní a úsáid chun jabanna a dhéanamh dúinn agus chun daoine a fhágáil saor le rudaí eile taitneamhacha a dheánamh. 

Tá caranna nua féin-thiomáint dhá fhorbairt, tá córais slándála uathoibríoch againn aipeanna chun soilse agus teas a lasadh agus a mhúchadh, cláracha teilifíse a thaifeadadh mar sin de. Ach, sílim gur céim ar gcúl atá i bpleananna an rialtais chun leabharlanna ‘féin-fhreastal’ a fhorbairt.

Tá feachtas nua ‘Staff Our Libraries’ tagtha chun cinn atá ag tarraingt aird ar scéim phíolóta atá ar bun ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áítiúil in Uíbh Fhailí agus Sligeach. Séard atá i gceist iontu ná go mbíonn deis ag daoine atá cláraithe mar bhall de leabharlann dul isteach ag amanna nach mbeadh sé oscailte go h-iondúil, óna h-ocht a chlog ar maidin go dtí deich a chloig san oíche, seacht lá na seachtaine.

Tá sé ráite nach ndéanfar aon chiorrú ar uaireanta oibre foireann na leabharlanna atá i gceist. Beidh siadsan ag obair an méid céanna uaireanta is atá siad cheana féin, ach leis an leagan amach nua seo go mbeadh daoine in ann iad féin a scaoileadh isteach, na seirbhísí a úsáid agus dul amach nuair atá siad réitithe. Plean inmholta cheapfá?

Ach, tá amhras ar an dream atá ag plé le ‘Staff Our Libraries’ go bhféadfadh fadhbanna móra a bheith ag baint leis an gcur chuige nua seo agus go bhfuil an tuairisc ar an scéim píolóta ag fágáil eolas  diúltach, thábhachtach ar lár.

I ráiteas atá eisithe acu, díríonn siad ar roinnt gnéithe den phlean a bhfuil imní orthu futhu. Ceann acu sin ná nach bhfuil aon duine ag coinneáil súil ar an leabharlann le linn na h-uaireanta breise. Tá baol ann go dtarloidh ‘tailgating’ – go mbeadh duine atá cláraithe ag dul isteach  agus go n-éaloidh daoine eile isteach ina ndiaidh sula ndúnfaidh an doras agus go bhféadfadh iompar mhí-shóisialta a bheith mar thoradh air.

Tá ceisteanna eile dhá n-ardú ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de. Dá mbeadh aon mhí-iompar ar bun, nó aon duine ag baint aimhleas as na h-áiseanna níl aon duine údarásach ann chun deileáil leis. Ní leor, dar leo, córas ‘cctv’ chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar seo.

Tá sé ráite nach ngearrfar siar ar uaireanta oibre na foirne reatha, ach dar le lucht an fhreasúra tharla seo i gcás na leabharlainne i dTobar a’Choire, nuair nach raibh foireann ar fáil, gur fágadh oscailte é ar bhonn féin-fhreastal.

Tá ballraíocht sa scéim phíolóta oscailte do dhaoine ó sé bhliana déag suas, rud a d’fhéadfadh ceisteanna dlí ó thaobh sláínte agus sábháilteachta a ardú chomh maith. Ó thaobh an Acht um Chúram Leanaí 2015 de, is leanaí iad faoin dlí duine ar bith faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. Is minic go mbionn dream san aicme sin ag úsáid seirbhísí leabharlainne ó thaobh taighde agus staidéar di. 

Tá contúirt dóibh seo ó thaobh cúrsaí sábháilteachta de, má tá siad astu féin sna h-ionaid féin-fhreastal. Faoi láthair, tá ról sonrach ag foireann na n-ionaid ó thaobh maorsiú agus faireacháin de.

Tá cáil na maitheasa ar na seirbhísí leabharlainne sa tir seo go bhfuil siad oscailte do chách, nach gá duit ach siúl isteach ann agus tá ról tacaiochta, ciúin, ach fíor-thábhachtach dhá chomhlíonadh sa phroiséas ag an leabharlannaí. Tá amhras ann, má theann muid i dtreo na leabharlanna féin-fhreastal seo, nach mbeidh chuile dhuine compordach leis. Léiríonn an taighde mar shampla, gur céatadán an-bheag de mhná a bhain leas as an deis féin-fhreastal.

Cé go bhfuiltear ag maíomh go bhfuil an cur chuige múnlaithe ar thaithí idirnáisiúnta, deir ‘Staff Our Libraries’ nach raibh aon rogha ag na tíortha sin ach dul an treo a ndeachaigh siad de bharr an ghéarchéim eacnamaiochta agus nach argóint atá ansin go leanfaidh muidne iad.

Bheadh an-amhras ormsa gur bealach é seo le fáil réidh le foireann na leabharlanna. Sílim gur chóir dúinn a bheith ag tacú agus ag forbairt na seirbhísí, seachas a mhalairt. Níor mhaith liom go bhfeicfidh muid an tsaineolas, scil agus caidreamh pearsanta ag imeacht as ceann de na seodra is luachmaire atá againn sa gcóras rialtas áitiúil.

Is féidir leat nios mó a fháil amach faoin bhfeachtas ar na meáin shóisialta faoi ‘Staff Our Libraries’.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland