Top Issue 1-2024

5 September 2016 Edition

Resize: A A A Print

Mura labhraíonn na páirtithe clé ar son an lucht oibre, cé labhrós?

AR FUD na hEorpa, agus in Éirinn freisin, tá sean-pháirtithe an daonlathais shóisialta ag meath. Tá an lucht oibre tréigthe le fada acu, agus anois tá an lucht oibre ag tréigean na bpáirtithe céanna.

Sé an t-aon eisceacht air seo ná cás na Portaingéile. Sheas páirtí an daonlathais shóisialta sa tír sin in aghaidh na déine a bhrúigh Aontas na hEorpa orthu faoi mar a bhrúigh orainne.

Ceacht ansin b’fhéidir don chlé bréagach seo sa gcuid eile den Eoraip?

Fágann an meath seo folús, ámh.  Ina lán áiteachaí d’éirigh oibrithe as bheith ag vótáil.  Ní raibh páirtí dá gcuid féin acu, ach ní fhéadfaidís vótáil d’aon pháirtí caomhach – nó rachmasach go hoscailte.

Agus de réir mar a chuaigh na sean-pháirtithe i dtreo an liobrálachais, ag déanamh neamhaird de ábhair bhuairimh a bhí ag goilliúint ar an lucht oibre.

Mar sin, ba chás mór dona sean-pháirtithe ceisteanna ar nós cearta inimirceoirí, agus beag a dhéanamh den bhrú ar phá agus ar fhostaíocht féin as an inimirce chéanna.

Tá an folús a d’fhág na páirtithe sóisial-daonlathacha dhá líonadh cuid mhaith ag páirtithe pobalacha den eite dheis, ar nós UKIP i Sasana, an Front National sa bhFrainc, Jobbik san Ungair is eile.

Tá sé éasca ar ndóigh an lucht oibre a cháineadh as bheith ag tacú le faisisteachas is ciníochas, ach cén rogha a fágadh don lucht oibre. In Éirinn níor éirigh le páirtí den chineál seo toisc go bhfuil páirtithe láidre ann ar an taobh clé den Labour Party, Sinn Féin ach go háirithe.

Ach sna cásanna nach bhfuil páirtí eile clé ann le rogha a thabhairt don pháirtí fealltach sóisial-daonlathach, tá súmaire den eite dheis réidh le leas a bhaint as an deis.

Sea, tá ceacht thábhachtach le foghlaim as seo ar fad: níl ceart ag aon pháirtí labhairt thar ceann an lucht oibre nuair nach bpléitear an t-ábhar leis an lucht oibre féin. Tá dualgas ar pháirtithe ceannaireacht a thabhairt, sea, don lucht oibre, ag éisteacht leo agus ag fanacht freagarthacht dóibh.

Sé sin is féidir na páirtithe pobalacha dheis a chloí má éiríonn oibrithe gníomhach sa bpolaitíocht, má chuireann na páirtithe clé freagraí fiúntacha ar a bhfuil ag déanamh buairimh don bhfíor-lucht oibre. Ach mura ndéantar ach cáineadh gan smaoineamh is i lámha na deise a bheas an lucht oibre ag deire thiar.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland