Top Issue 1-2024

2 October 1997 Edition

Resize: A A A Print

Hollywood cois Life

LE EOGHAN MacCORMAIC

Bhuel, tharla sé i nGaillimh agus cad chuige nach féidir leis tarlú i mBaile Atha Cliath...tionscail scannaíochta ar chaighdeán Hollywood!! Seans aniar `Tullywood' na Gaillimhe, tá an t-Ionad Buail Isteach ag beartú scannán gearr a dhéanamh i rith an gheimhridh seo. Tá an t-Ionad ag iarraidh scripteanna faoi láthair ón bpobal i gcoitinne. Tá coiste mOltóireachta neamhspleách bunaithe ag na Ionad agus cuirfear na scripteanna a seolfar isteach faoi bhráid an choiste. Déanfar an iarracht is fearr a scannánú. Níl sé ar achmhainn an Ionaid duas a thairscint don chomórtas seo, ach Iuafar ainm an údair sa scannán agus is cinnte gUr leor an sasamh sin agus a script a fheiceáil ar an scáileán.

De réir leis an nuachtlitir is déanaí ón Ionad - Buail Isteach - an t-ainm atá air, ar ndóigh - tá roinnt réamhchoinníollacha ag baint leis an gcomórtas seo.

Mairfidh an scannán idir cúig agus deich nóiméad
I mBaile Atha Cliath an lae inniu a bheidh an scannán seo suite
I nGaeilge a bheidh an chuid is mó den chómhrá nó den tráchtaireacht
Ní glacfar le hiarrachtaí a thagann isteach i ndiaidh an 31 Deireadh Fómhair.
Ba chóir go gcuirfí na hiontrálacha go léir chuig:

Helen Gibb, an tIonad Buail Isteach, Connolly Books, 43 Sráid Essex Thoir, BAC 2.

Agus ag trácht ar an nuachtlitir a fhoilsíonn an tIonad, is fiú cur i gcuimhne do dhaoine go bhfuil an nuachtlitir féin ar fáil saor in aisce ón Ionad. Ní luaitear minicíocht a fhoilsithe ar an egrán a fuair mé, ach Fómhar 1997 atá air, mar sin glacaimis gur nuachhtlitir ráthúile atá inti. Dearbhaíonn an nuahctlitir go brodúil go bhfuil sé ar an `Príomh Nuachtlitir Ghaeilge Bharra an Teampaill', agus tuairiscí faoi imeachtaí a chríochnaigh baill den Ionad le linn an tsamhraidh atá aonn don fhurmhór, agus fógraí d'imeachtaí atá beartaithe amach anseo.

Mar go leor leor `nuachtlitreacha' eile a bhláthann agus a fhásann i gcomhphobail agus i ngrúpaí agus i eagraíchtaí eile ar fud na tíre tá nuachtlitir mar seo níos tábhachtaí do bhaill an Ionaid ná do dhaoine eile, ach, is cinnte, foilsítear á leithéid ionas go mbeidh níos mó daoine ag cur spéis in imeachtaí an ghrúpa. B'fhiú duit, mar sin, má's Gaeil thú i mBaile Atha Cliath, cóip a phiocadh suas agus a léamh. Cé fios, b'fhéidir go bhfaighfidh tú ionspráid do script an scannáin sin!


`Ex profundis clamavi...'



D'aontaigh breis agus 100 tíortha ar théarmaí conartha idirnáisiúnta in aghaidh mianach talún in Osló le déanaí. D'fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá nach mbeidis orthu siúd a shíneodh an ionstraim in Ottawa i mí na Nollag. B'in in ainneoin óráid a thug an tUachtarán Clinton mí ó shin nuair a dúrit sé: ``Ridding the world of these often hidden weapons will help to save the lives of tens of thousands of men adn women and innocent children in teh years to come.''

Ba í an chúis a tugadh leis an athrú intinne go gcuireadh sé srian le himeachtaí míleata na bPoncánach sa Chóiré. Dúirt an Ginearál Ronald Griffin, Leas-Cheann Forine arm SAM, go raibh na mianaigh thalún riachtanach le saighdiúirí Meiriceánacha a chosaint ar an líne chríochadóireachta idir an dá chuid den Chóiré. Is fada ó maraíodh saighdiúir Meiriceánach sa Chóiré: is beag sólás é sin don 26,000 sibhialtach a ngortaítear nó a maraítear le mianaigh thalún ar fud an domhain in aghaidh na bliana.

Ceann de na háiteanna is aistí ar domhan é Panmunjom mar a stánann saighdiúirí na Cóiré Tuaidh agus muirínigh Mheiricénacha ar a chéile agus iad srón le srón. Bíonn an dealramh ar chúrsaí go mbíonn an t-am féin ina stad ann: níl athrú ar a bhfuil le feiceáil ar an láthair lá ar bith ó síníodh ionstraim shos comhraic 1953.

Panmunjom an t-aon phointe teagmhála sa limistéar dímhíleata idir an dá taobh. Taobh ó dheas de sin tá balla ard tógtha ó chósta go cósta a chuir cuma sconsa ar Bhalla Bheirlín. Tá na céadta mílte mianach leagtha sa talamh taobh leis. Sna sléibhte thart timpeall tá ceann de na cnuasaigh airtiléire is mó ar domhan. Coiníonn na Meiriceánaigh 38,000 saighdiúirí sa Chóiré Theas.

Le fada tá réamhchainteanna ar siúl i Nua-Eabhrac idir muintir na Cóiré Thuaidh agus na Meiriceánaigh mar ullmhé le haghaidh cainteanna ``foirmeálta'' atá le bheith sa Ghinéiv amach anseo. Is dócha gur féidir a rá go bhfuil siad cineál leadránach. Bíonn an dá thaobh chomh hamrasach sin faoina chéile go gcuireann siad cuma chairde cléibh ar Adams agus Trimble.

Deir muintir na Cóiré Thuaidh go bhfuil na Meiriceánaigh ag baint úsáid as bia mar uirlis eadrána agus tá sé deacair é sin a shéanadh. Dar le gníomhaireachtaí idirnáisiúnta tá suas le leathmhilliún duine tar éis bás a fháil le hocras i dtuaiscerat na Cóiré. Tharla an gorta de bharr darbhthriomach i 1995 agus 1996 - toradh ar athrú aeráide, b'fhéidir - agus tuilte forleathana. Ansin bhuail tíofún iad. Bíonn bairéim an phobail ag brath go hiomlán, beagnach, ar rís, agus ba mhillteanach an tubaiste é nuair a theip ar an bhfómhar arís i mbliana.

Stát é an Chóiré Thuaidh atá scoite amach ón gcuid eile den domhan agus tá gnéithe do shaol na tíre ann ar deacair dúinne, Iartharaigh, a thuiscint. Mar shampla, tá an cultas pearsantachta fíoraisteach maidir le MKim Il Sung nach maireann agus a mhac, Kim Jong Il atá á fhógairt mar chomharba air, ciomhthíoch maach is amach dár meon agus, dá ndéarfainn é, don Mharxachas. Ach ní miste a htuiscint go mbaineann sé le comhthéacs cultúir agus polaitiúil ar leith. Ná tagadh an aistíl sin idir muid féin agus teacht i gcabhair ar mhuintir na Cóiré Thuaidh!

Náisiún iad na Cóiréigh atá an-mhórtasach astu féin agus a bhfuil sé tábhachtach dóibh maireachtáil ar an gconlán féin. Cuireann an stát agus an páirtí ceannais béim ar leith ar an bpolasaí ``Juche,'' a cheap Kim Il Sung agus ar fealsúnacht dian-fhéinchothabhála é nach bhfuil éagsúil amach is amach leis an leagan amach a thug an teideal ``Sinn Féin'' dúinn an chéad lá. Is léiriú é ar a uafásaí agus atá cúrsaí an ghorta sa Chóiré go bhfuil daoine atá chomh mórtasach sin ag iarraidh cabhrach ón taobh amuigh.

Tá doicheall le braith i gcoircail idirnáisiúnta áirithe maidir le teacht i gcabhair ar na daoine atá ag fáil bháis sa Chóiré Thuaidh. B'fhearr le dreamanna cumhachtacha áirithe go ligfí don scéal imeacht i ndonas le go mbrisfí an stát ansin. Ní bheidh sé ag dul thar fóir a bheith ag caint ar chinedhíothú má leantar leis an bpolasaí sin. Ar chaoi ar bith tá a gcion á dhéanamh ag na hegraíochtaí fóirthinte Eireannacha le bia a chur go dtí an Chóiré Thuaidh. Is ceart gach tacaíocht a thabhairt dóibh. Muide a bhí sa duibheagán sin tráth.

Le Colm de Faoite


Féile Shamhna na gCrann



Tá Féile Shamhna na gCrann ar siúl i mBaile Atha idir seo agus 16 Samhain. Laethanta na nDuilleog atá tugtha ar an bhféile seo agus tá réimse leathan imeachtaí eagraithe.

Ag lár an fhéile tá Taispeántas na gCrann ag Leabharlann Bhardas Atha Cliath san Lear-Ionad ILAC ar Sráid Enrí. Tá léachtanna ar chrainn agus ar alán ábhair eile maidir leis an timpeallacht ar siúl. Chomh maith le sin ardaítear ceisteanna faoin tríú domhan, todhchaí na timpeallachta do thíortha an Deiscirt. Ar 16 Deireadh Fomhair sa Leabharlann mar shampla tá ionadaí ó phobal Ogoni na HAfraic ag labhairt. Ag 6.15pm a thosaíonn sé sin.

Chun tuille eolais a fháil ar na himeachtaí Fón (01) 6614926 Fax 661959.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland