Top Issue 1-2024

4 July 2016 Edition

Resize: A A A Print

Teanga Ár Linne, Slí Beatha Ár Linne

• Cormac ag an Lá Dearg

Tá sé thar am teanga an 21ú aois a dhéanamh den Ghaeilge. Is linne an fhreagracht sin a dhéanamh.

Is gníomhaí óg 19 bliain d’aois Cormac O’Hagan. Is as an Lorgain i gContae Ard Mhacha é agus tá sé ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge in Ollscoil Uladh i nDoire. Is mac garpháiste é de chuid J. B. O’Hagan ar cheannaire cáiliúil poblachtach é ó bhí na 1940í ann. 

IS FURASTA a bheith gruama duairc maidir le todhchaí ár dteanga álainn ársa Gaelach. Ar feadh na mblianta anuas, tá sé de dhualgas ort, más Gaeilgeoir thú, bheith i mbun troda agus i mbun gnímh chun an Ghaeilge a chosaint ó ionsaithe gan stad.

Ionsaithe a rinne an strainséir nach dtuigeann a cás, sa chéad dul síos agus ansin, go scannalach ar fad, ionsaithe a rinne an té in Éirinn a ligfeadh air gur ag obair ar son na Gaeilge atá sé.

Ritheann dán de chuid an Phiarsaigh liom: “Mór mo náir: Mo chlann féin a dhíol a máthair.”(Mise Éire).

Ach sin uilig ráite níor cheart dúinn ligint don éadóchas greim a fháil orainn.

Is Gaeilgeoir óg mise, tógadh leis an Ghaeilge mé, a bheag nó a mhór ar chomhchéim leis an Bhéarla. Go dtí gur bhain mé an mheánscoil amach, fuair mé mo chuid oideachais go hiomlán trí mheán na Gaeilge – chuile ábhar, fiú an Béarla!

D’fhreastail mé ar shruth na Gaeilge i gCathair Ard Mhacha agus go fóill lean mé leis an Ghaeilge san Ollscoil agus tá mé i mbun staidéir uirthi faoi láthair.  

Riamh anall, spreag na húdaráis daoine i dtreo na Gaeilge dá bhrí nár ceadaíodh í a chleachtadh. Is iomaí uair gur gníomh réabhlóideach a bhí sa teanga a labhairt, dar leat.

Ó thuaidh agus ó dheas, bhí ar Ghaeilgeoirí troid go fíochmhar ar mhaithe le cearta teanga a bhaint amach.

pg13-1

• Cormac O'Hagan agus gníomhaithe óga as an Lorgain le Martin McGuinness

Ábhar díoma, b’fheidir, nach bhfuil an spreagadh nó an troid chéanna le fáil i measc Gael óg ár linne. Nó b’fhéidir nach bhfuil sé le feiceáil fós.

Ach ní mór dom a rá, cha dtearn mé mo chinneadh an Ghaeilge a roghnú mar shlí beatha ar mhaithe leis an sean-dearcadh sin – is é sin gur ‘Gaeil sinn’ agus go bhfuil freagracht orainn bheith bródúil as ár dtír agus ár gcultúr.

Ní mhothaím dlúthpháirtíocht le stair na hÉireann agus le hoidhreacht chultúrtha na nGael sin go nadúrtha; cé gur poblachtanach mé. Bíodh is gur Gael mé, ní mhothaím gur náisiúnach cultúrtha ná polaitiúil mé.

Sin ráite, leoga, is breá liom cultúr na hÉireann, idir spórt agus cheol, idir theanga agus stair. Cha mhothaím páirteach i bpobal a bhí ag síneadh siar ar feadh na n-aoisí, mothaím gur ball de phobal beo bríomhar mé, pobal atá i gcroílár na tíre seo agus atá ag fás agus ag dul i bhfeidhm ar thodchaí na sochaí seo – sa lá atá inniu ann.

Riamh bhí Gaeilgeoirí ar imeall na tíre, go litriúil agus go fáthchiallach.

pg13-4

• Cormac ag tabhairt óráide ag Comóradh Éirí Amach na Cásca i bPort an Dúnáin 

Go pearsanta, nuair a chluinim duine ag cur an cheist úd sin ar Ghaeilgeoir óg “cad chuige a bhfuil an Ghaeilge tábhachtach duit?” – “Bhuel, is Gael mise agus is cuid de m’oidhreacht agus mo chultúr í” nó “Tá an Ghaeilge i gcroílár de m’fhéiniúlacht”; cuireann sin uilig náire orm.

Freagra gan mhachnamh atá ann.

Nochtaíonn an freagra sin dearcadh seanfhaiseanta dúinn mar phobal.

Mura bhfásann muid aníos mar phobal agus mura nglacann muid an spás ceart s’againn i gcroílár na tíre, agus i ngach gné de shochaí na hÉireann, mairfidh an Ghaeilge ar imeall na sochaí go deo… nó tamall eile ar aon nós.

Tá sé thar am teanga an 21ú aois a dhéanamh den Ghaeilge. Is linne an fhreagracht sin a dhéanamh.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland