Top Issue 1-2024

6 June 2016 Edition

Resize: A A A Print

Bígí chiúin, a Ghaelgeoirí

Sampla eile den easpa tuisceana an twuít ón iriseoir Newton Emerson a d’fhógair gur freagairt thar fóir a bhí san agóid. Is fiú a rá go soiléir – ní freagairt thar fóir a bhí ann ach seasamh siosmaideach tráthúil

NACH DÁNA an mháise do Ghael óg ceist a chur faoin Ghaeilge ar chlár a bhí ag baint leis an pholaitíocht? Nach raibh a fhios aige go raibh toghchán ar siúl agus go raibh cúrsaí tromchúiseacha le plé? Ní hamháin go raibh Conall Ó Corra ag iarraidh ceist a chur ar cheannairí polaitiúla, agus iad ar an teilifís, ach bhí sé ar lorg freagra! Nárbh fhearr dó fanacht ina thost?

Ní nach ionadh, is dócha, gur briseadh isteach ar Chonall. Mhínigh an BBC i ndiaidh na hagóide go ndéantar cláir Ghaeilge ar chostas na milliún punt i rith an ama. Léargas a théann go croí na ceiste.

Táthar sásta an Ghaeilge a fhágáil i leataobh, ina bosca féin, dar leat. 

Nuair a thugann Gael, ar nós Chonaill, an scéal os comhair an mhórphobail, ní ghlactar léi mar rud fiúntach tairbheach. Ní cáineadh na focail seo ar an sár-obair a dhéanann muintir BBC Gaeilge, dála an scéil; a mhalairt atá fíor. Cruthaíonn daoine macasamhail Chonaill spás níos leithne dóibh siúd atá ag déanamh ábhair sna meáin trí mheán na Gaeilge. Ní miste a chur in iúl don BBC, ní nós seanbhunaithe é na cláir Ghaeilge a chur ar fáil ó thuaidh; agus níl údar gaisce acu maidir leis. 

Ní ceart an Ghaeilge a choinneáil ina cúinne beag féin – áit na leathphingine.

Chonaic mé sampla eile den easpa tuisceana nuair a leigh mé twuít ón iriseoir Newton Emerson a d’fhógair gur freagairt thar fóir a bhí ann san agóid. Is fiú a rá go soiléir – ní freagairt thar fóir a bhí ann ach seasamh siosmaideach agus tráthúil.

Ní chuireann an iarracht seo chun beag is fiú a dhéanamh de sheasamh Chonaill iontas orm. 

Is é bun barr an scéil go gcaithfidh Conall agus Gael eile an fód a sheasamh in uireasa reachtaíochta a chosnaíonn a gcearta. 

Coinnigh ort, a Chonaill. A leithéid de shotal!

[email protected]

pg21-2

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland